H. G. Wells

Scríbhneoir Sasanach ab ea Herbert George Wells (21 Meán Fómhair 1866 - 13 Lúnasa 1946) a bhí ina cheannródaí sa bhficsean eolaíochta.[1] Is clasaiceach a leabhar Cogadh na Reann.
Ficsean Eolaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is minic a chuirtear i gcomparáid le Jules Verne é. Bhí Wells an chéad scríbhneoir a bhain úsáid as móitíf áirithe ina chuid scríbhneoireachta sular éirigh an nós sin coitianta san fhicsean eolaíochta. Má fheictear dúinn inniu go bhfuil blas an chliché ar a lán dár scríobh sé, is éard is cúis leis ná nach raibh na clichéanna féin ina gclichéanna go fóill nuair a chéadcheap sé iad.
Is iad na luathshaothair fhicsin eolaíochta is mó a léitear inniu, cosúil le The Time Machine, An Fear nárbh fhéidir a Fheiscint, An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh agus Cogadh na Reann.
Tá leagan Gaeilge den War of the Worlds ann, mar atá, Cogadh na Reann (agus cóip de ar fáil i Leabharlann na gCeithre Máistrí in Ollscoil na Gaillimhe).

Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé gur mar scríbhneoir ficsin eolaíochta is mó a aithnítear inniu é, scríobh Wells a lán eile, go háirithe leabhair pholaitiúla. Sóisialaí a bhí ann riamh, agus nuair a chuaigh sé anonn in aois, d'éirigh a chuid leabhar níos polaitiúla agus níos teagascúla – agus, mar sin, níos doléite.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Leon Ó Broin aistriúchán ar Chogadh na Reann sna 1930idí ach a d'fhoilsigh Evertype roinnt blianta ó shin in eagrán faoi eagar ag Aibhistín Ó Duibh.
Is é an t-aistritheoir mór le rá Micheál Ó Gríobhtha, a d'fhoghlaim Gaeilge an Chláir óna chomharsana agus é ag fás aníos i Lios Uí Chathasaigh, a chuir Gaeilge ar An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh (bunteideal: First Men in the Moon).[2]
D'aistrigh Séamus Ó Coileáin An Fear nárbh fhéidir a Fheiscint go Gaeilge (bunteideal: The Invisible Man).[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aonghus Ó hAlmhain (2018-12-29). "Cogadh na Reann". Smaointe Fánacha Aonghusa. Dáta rochtana: 2019-01-01.
- ↑ Séamus (2020-05-27). "Aistriúcháin Mhichíl Uí Ghríobhtha le fáil arís". Aistriulitriochta.ie. Dáta rochtana: 2026-03-30.
- ↑ Séamus (2020-08-24). "The Invisible Man i nGaeilge". Aistriulitriochta.ie. Dáta rochtana: 2026-03-30.
| Is síol faoi dhuine Sasanach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
| Is síol faoi scríbhneoir é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |