Jules Verne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jules Verne
Félix Nadar 1820-1910 portraits Jules Verne.jpg
Saol
Ainm iomlánJules Gabriel Verne
Eolas breitheNaoned, 8 Feabhra 1828
NáisiúntachtFrainc
Áit chónaitheNaoned
Páras
Amiens
Maison de Jules Verne (en) Aistrigh
Teanga dhúchaisan Fhraincis
BásAmiens, 24 Márta 1905
Áit adhlacthaCimetière de La Madeleine d'Amiens (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (diaibéiteas)
Muintir
AthairPierre Gabriel Verne
MáthairSophie Allotte de La Fuye
Céile/CéilíHonorine du Fraysne de Viane  (Eanáir 10, 1857 -  luach anaithnid)
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materlycée Saint-Stanislas
lycée Georges-Clemenceau (en) Aistrigh
(1844 - 1846) : rhetoric (en) Aistrigh, fealsúnacht
Teangachaan Fhraincis
Esperanto
Gairm
Gairmúrscéalaí, drámadóir, file, leabhrógaí, scríbhneoir litríocht pháistí, tíreolaí, scríbhneoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta agus Easparantóir
Saothar iomráiteachVingt Mille Lieues sous les mers
Voyage au centre de la Terre
De la Terre à la Lune
Le Tour du monde en quatre-vingts jours
L'Île mystérieuse
Cinq Semaines en ballon
Michel Strogoff
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiJames Fenimore Cooper, Edgar Allan Poe, George Sand, Daniel Defoe, Victor Hugo agus Walter Scott
BallraíochtAcadémie des sciences, des lettres et des arts d'Amiens (en) Aistrigh
Société de Géographie (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíneficsean eolaíochta
amharclannaíocht
úrscéal eachtraíochta
ficsean tuairimeach
filíocht
popular science literature (en) Aistrigh
merveilleux scientifique (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
IMDbnm0894523
Discogs ID615181
Firma de Julio Verne.svg

Scríbhneoir úrscéalta éadroma eachtránaíochta ón bhFrainc a bhí i Jules Gabriel Verne (a rugadh i Naoned ar an 8 Feabhra 1828, agus a fuair bás in Amiens ar an 24 Márta 1905). Bhí Verne ina cheannródaí don fhicsean eolaíochta.

Tá Verne ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a aistrítear go teangacha eile, agus chuaigh a chuid eachtraí sciobtha dúisitheacha i bhfeidhm ar an dúrud glún de léitheoirí óga. Is iad na húrscéalta úd

  • Voyage au centre de la Terre ("An Turas go Lárphointe an Domhain"),
  • De la Terre à la Lune ("Ón Domhan go dtí an Ghealach"),
  • Vingt Mille Lieues sous les Mers ("Fiche Míle Léig faoi na Farraigí"),
  • "Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá" (bunsaothar: Le Tour du Monde en Quatre-Vingts Jours; Tórna a d'aistrigh go Gaeilge) agus
  • L'Île Mysterieuse ("An tOileán Rúndiamhair"),

ach go háirithe, a thabhaigh a chlú dó, ach bhí sé bisiúil thar na bearta, agus bhreac sé síos a lán eile freisin.

jardin des plantes. Nantes

Bhí Verne in ann aireagáin na fichiú haoise agus an tionchar a bheadh acu ar an saol a shamhlú roimh ré.

Is iomaí tairngreacht dá chuid a tháinig isteach fíor i ndiaidh a bháis. Bhí sé ábalta cur síos a thabhairt ar fhomhuireán, ar spástaisteal, ar an Idirlíon agus ar na ríomhairí féin i bhfad sular tháinig a leithéidí ar an bhfód. Mar sin, fáidh a bhí ann, ar bhealach, nó sin mar a fheictear dá lán léitheoirí é inniu.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]