Tadhg Ó Donnchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg Ó Donnchadha

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Meán Fómhair 1874
Contae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Meán Fómhair 1949
75 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Droim Conrach Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, filíocht, eagarthóireacht agus aistriúchán
Suíomh oibre Saorstát Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, scríbhneoir, eagarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste na hOllscoile Corcaigh, ollamh (1916–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Scríbhneoir, file, eagarthóir, aistritheoir agus ball suntasach de Chonradh na Gaeilge agus de Chumann Lúthchleas Gael ab ea Tadhg Ó Donnchadha (4 Meán Fómhair 187421 Meán Fómhair 1949), nó Tórna.[1] Bhí sé ina eagarthóir ar Irisleabhar na Gaedhilge, ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus ina Dhéan ar Dhámh an Léinn Cheiltigh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCarraig na bhFear, Contae Chorcaí é, ceantar Gaeltachta ag an am, agus d'fhreastail sé ar scoil ansin agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1901, fuair sé postanna mar eagarthóir ar an nuachtán Banba agus mar eagarthóir Gaeilge ar an Freeman's Journal, agus an bhliain dár gcionn ar Irisleabhar na Gaedhilge. Scríobh sé faoin ainm cleite “Tórna”.[2]

I gcomhar le Máire Ní Chinnéide, Seán Ó Ceallaigh, agus Séamus Ó Braonáin, dhréachtaigh sé na chéad rialacha don chluiche nua camógaíochta sa bhliain 1903. Ba é Ó Donnchadha a cheap ainm an chluiche freisin, a thagann ón mbata a úsáidtear, ar a dtugtar camán.[3]

Tháinig sé chun suntasachta ar dtús nuair a chuir sé saothar Mháire Bhuidhe, file Iarthar Chorcaí agus údar “Cath Céim an Fhíodha”, in eagar. Sa bhliain 1905 d’fhoilsigh sé a chéad bhailiúchán filíochta, Leoithne Andeas. Nuair a cuireadh deireadh le foilsiú Irisleabhar na Gaedhilge i 1909, thapaigh sé an deis cuairt a thabhairt ar Ollscoil Heidelberg chun staidéar a dhéanamh ar an tSean-Ghaeilge le Ludwig Mühlhausen. Ar fhilleadh dó, ceapadh é ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. 

Sa bhliain 1916, rinneadh Ollamh le Gaeilge (agus, ina dhiaidh sin, Déan ar Dhámh an Léinn Cheiltigh) de i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, áit ar fhan sé go dtí a bhás.[4] D’fhoilsigh sé lámhleabhar do mhic léinn ar ealaín na filíochta Gaeilge, Bhéarsaíocht Ghaeilge (Baile Átha Cliath, 1936) agus scríobh sé go leor téacsleabhar ar Ghramadach na Gaeilge. Chuir sé cnuasaigh thábhachtacha lámhscríbhinní Gaeilge in eagar, ina measc, filíocht Dhiarmada Mac Sheáin Bhuídhe Mac Cárthaigh a foilsíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1916. 

Ba bhailitheoir amhrán é freisin, a d’athmhúscail suim i saothar filí Iarthar Chorcaí ar nós Sean Ó Coileáin, Donncha Ó Súilleabháin agus Michael Chormaic. 

D’aistrigh sé líon mór leabhar, ficsean agus neamhfhicsean, filíocht agus amhráin, go Gaeilge, mar shampla Rubaiyat Omar Khayyam, Bourgeois Gentilhomme le Molière, agus saothair de chuid Padraic Colum, Lady Gregory, George Moore, agus Jules Verne.[5][6] Chuir sé saothar Aogán Ó Rathaille (1670–1728) agus Pádraigín Haicéad (1600–1654), i measc daoine eile in eagar. Ba é Seanfhocail na Mumhan a shaothar deireanach (Baile Átha Cliath 1962).

Ba é a dheartháir Eamon O’Donoghue údar Slán le Corcaigh agus Drúcht Geal Ceoidh, agus ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh freisin. Bhí deartháir eile, Donncha Ó Donnchadha, ina shagart paróiste i dTrácht Fhionn i gCorcaigh. Bhí a dheirfiúr, Cáit Ní Dhonnchadha, gníomhach ar son na Gaeilge agus na camógaíochta.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé bás 23 Deireadh Fómhair 1949 agus cuireadh é in Ardeaglais Naomh Fionnbarra i gCorcaigh. Bhí Éamon de Valera i láthair ag a shochraid. Rinne an Southern Star cur síos air mar “phiara aitheanta scríbhneoirí filíochta na Gaeilge, an Corcaíoch is uaisle is umhaile, an Tórna mór, a bhfuil a ainm le cloisteáil i ngach áit ina bhfuil léitheoirí Gaeilge ann, sa bhaile nó thar lear”.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó DONNCHADHA, Tadhg (1874–1949) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Ba é “Torna Éices” ainm file Gaeilge ón 5ú haois.
  3. Moran (2011). "A Game of Our Own: The History of Camogie". Dublin, Ireland: Cumann Camógaíochta. 
  4. RIA Dictionary of Irish Biography, 2009
  5. Catalogue of the National Library of Ireland
  6. Cuaird an Domhain i gCeithre Fichid Lá, An Gúm, Dublin, 1938