Seòras Dòmhnallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeòras Dòmhnallach

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Nollaig 1824
Hunndaidh, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Meán Fómhair 1905
80 bliana d'aois
Ashtead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnPreispitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOilthigh Obar Dheathain Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, cléireach, iriseoir, diagaire, úrscéalaí, ministir, file, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: ba19c939-2312-4888-a636-ce27f31f37b1 Songkick: 4341511 IMSLP: Category:MacDonald,_George Find a Grave: 26866176 Cuir in eagar ar Wikidata

Údar Albanach, file agus ministir Comhthionólach Críostaí ab ea Seòras Dòmhnallach (Béarla:George MacDonald)  (10 Nollaig 1824 – 18 Meán Fómhair 1905). D'éirigh sé ina phearsa cheannródaíoch i réimse na litríochta fantaisíochta nua-aimseartha agus ina mheantóir ag an gcomhscríbhneoir Lewis Carroll. Chomh maith lena shíscéalta, scríobh an Dòmhnallach roinnt saothar diagachta Críostaí, lena n-áirítear roinnt bailiúchán seanmóirí.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Seòras Dòmhnallach ar 10 Nollaig 1824 i Srath Bhalgaidh, Siorrachd Obar Dheathain, Albain, do George MacDonald, déantóir, agus Helen McCay (nó MacKay). Feirmeoir ba ea a athair, de shliocht Chlann Dòmhnaill (nó Clann Iain Abrach) an Ghleanna Comhain agus shíolraigh sé go díreach ó dhuine de na teaghlaigh a d’fhulaing i Sléacht Ghlinne Comhainn 1692.[1] [2]

D’fhás Seòras aníos i dtimpeallacht neamhghnách liteartha: scoláire iomráiteach Ceilteach ba ea duine dá uncailí máthartha, Mac an Tòisich Mac Aoidh, a bhí ina eagarthóir ar an Dictionarium Scoto-Celticum agus ina bhailitheoir ar shíscéalta agus ar fhilíocht bhéil Cheilteach. Thacaigh a sheanathair athartha le foilsiú eagráin d’Oisín le Seumas MacMhuirich, an dán eipiciúil conspóideach atá bunaithe ar an bhFiannaíocht ó Mhiotaseolaíocht na gCeilteach agus a chuidigh le tosú an Rómánsachais Eorpaigh. Scoláire de chuid Shakespeare ab ea leas-uncail Dhomhnaill, agus acadóir Ceilteach eile dá chol ceathrar. Léitheoirí ab ea a bheirt tuismitheoirí, dúil mhór ag a athair in Isaac Newton, Robert Burns, William Cowper, Chalmers, Samuel Taylor Coleridge, agus Charles Darwin, chun cúpla a lua, agus fuair a mháthair oideachas clasaiceach a chuimsigh an iliomad teangacha.[3]

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dealings with Fairies (1867)
  • At the Back of the North Wind (1871)
  • The Princess and the Goblin (1872)
  • The Gifts of the Child Christ (1882)
  • The Princess and Curdie (1883)
  • Works of Fancy and Imagination (1871)


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Raeper, William, George MacDonald (1987), pp. 15–17.
  2. For more information on this massacre, see Anon. “The Massacre of Glen Coe”. Scottish History: The making of the Union. BBC. Dáta rochtana: 6 November 2012. For more information on the site of the event, see “Site Record for Glencoe, National Trust For Scotland Glencoe Visitor Centre”. Royal Commission on the Ancient and Historical Monuments of Scotland.
  3. Johnson, K. J. (2014). "Rooted Deep: Discovering the Literary Identity of Mythopoeic Fantacist George MacDonald". Linguaculture 2: 27f. University of Iasi Press.