Lewis Carroll

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLewis Carroll

(1855) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Lutwidge Dodgson
27 Eanáir 1832
Daresbury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Eanáir 1898
65 bliana d'aois
The Chestnuts, England (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
Áit adhlacthaSurrey Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Theampall Chríost, Oxford
Ollscoil Oxford
Scoil Rugby
Scoil Richmond Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistreacht sna hEalaíona
Áit chónaitheSasana
Teanga dhúchaisBéarla na Breataine
LámhcheannasCiotógacht
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoir
Suíomh oibre Sasana Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmmatamaiticeoir, dialannaí, úrscéalaí, scríbhneoir, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir litríocht pháistí, file, deagánach, loighceoir, grianghrafadóir, fealsamh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1852 –  1898
FostóirOllscoil Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraLitríocht do pháistí, loighic mhatamaiticiúil, litríocht áiféiseach, filíocht, ailgéabar líneach agus social choice theory (en) Aistrigh
Ainm cleiteLewis Carroll Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla na Breataine agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
24 Meitheamh 1977Documenta 6 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCharles Dodgson  agus Frances Jane Lutwidge
SiblínCaroline Hume Dodgson, Louisa Fletcher Dodgson, Elizabeth Lucy Dodgson, Wilfred Longley Dodgson, Frances Jane Dodgson, Skeffington Hume Dodgson, Edwin H. Dodgson, Henrietta Harrington Dodgson, Mary Charlotte Dodgson agus Margaret Anne Ashley Dodgson
Duine muintearthaCharles Dodgson (sin-seanathair) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0140902 IBDB: 7319
Last fm: Lewis+Carroll Musicbrainz: 1bfc42b4-ba8f-4303-87e5-518c8a91eb44 Discogs: 435140 IMSLP: Category:Carroll,_Lewis Allmusic: mn0001609412 Find a Grave: 2213 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba údar Sasanach é Charles Lutwidge Dodgson a d'úsáid an t-ainm cleite Lewis Carroll (27 Eanáir, 183214 Eanáir, 1898). Ní hamháin gur scríobh sé roinnt leabhar a bhfuil cáil dhomhanda orthu ach ba mhatamaiticeoir, loighceoir, grianghrafadóir agus ball den chléir Anglacánach é.

Tá cáil ar leith ar dhá úrscéal a scríobh sé do pháistí - Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus an leabhar a tháinig ina dhiaidh Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi. Tá cáil freisin ar na dánta The Hunting of the Snark agus Jabberwocky.

Bhí scil ar leith ag Carroll ag cleasaíocht le focail. Déanann na leabhair iniúchadh cumasach ar an teorainn idir an fhantaisíocht agus saol na bpáistí mar atá. Dá bharr tá lucht leanúna aige i measc an aosa óig agus sa lucht léinn. Chomh maith leis sin, tá a chuid oibre neadaithe sa chultúr nua-aimseartha. Tá cumainn bunaithe ar fud an domhain a dhéanann léitheoireacht agus plé ar a chuid oibre.

Bhí scil ar leith aige ag súgradh le páistí chomh maith. Bhí na cailíní go hannamh ina gcraiceann dearg (féach thíos). An raibh Carroll ina phéidifileach mar sin?[1]

Cúlra an Fhir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Charles Lutwidge Dodgson ar an 27 Eanáir 1832, sa chléirtheach in Daresbury, in Chesire. Údar cáiliúil é Dodgson a raibh an t-ainm cleite Lewis Carroll air. Ba léachtóir ollscoile matamaitice é a bhí coimeádach agus ina Victeoiriach fíorchráifeach.

idir 1852 - 1860

Chaith an tOirmhinneach Dodgson a shaol iomlán lánfhásta ag

ceann de na coláistí ab fhaiseanta de chuid Oxford, is é sin Christ Church.

D’fhreastail sé ar dtús ar Christ Church mar fhochéimí, agus ansin fostaíodh é mar léachtóir sa choláiste céanna [2].

Bhí spéis faoi leith aige i bpáistí, agus is léir go raibh bua sainiúil aige chun iad a thuiscint agus a chur ag gáire. Dósan, rinne páistí baineann corprú ar an eisint de rómáns: bhí meas aige ar a n-áilleacht nádúrtha; chuir sé luach ar a dteilgin spontáineacha; ba bhreá leis an tsoineantacht a thaispeáin siad; agus chaith sé a chuid ama, fuinnimh agus samhlaíochta ag iarraidh iad a chuir ag gáire. Chum sé cluichí chun súgradh leo; spreag sé iad; thug sé bronntanais dóibh agus thóg sé grianghraif díobh. Rinne sé adhradh orthu go simplí.

Lewis Carroll 1863

Bhí paradacsa láidir le sonrú, áfach, mar níor phós sé riamh agus ní raibh páistí aige féin. Seachas sin, chaith sé a shaol sa tóir ar chairdeas leanaí.

Bhí na scórtha cairde aige ar cailíní óga iad. Bhí sé fíorchairdiúil le triúr iníon dá dhéin ollscoile, is iad sin na deirfiúracha Liddell, agus leis an deirfiúr sa lár Alice, ach go háirithe [3].

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é óg, ba nós le Dodgson idir fhilíocht agus ghearrscéalta a scríobh. Ó aois óg, scríobh Dodgson filíocht agus gearrscéalta. Rinne sé ailt a fhoilsiú san irisleabhar Mischmasch agus ina dhiaidh sin sheol sé chuig irisleabhair éagsúla iad, agus d’éirigh leis iad a fhoilsiú. Idir 1854 agus 1856, bhí a chuid oibre le sonrú sna foilseacháin náisiúnta, The ComicTimes agus The Train, chomh maith le hirisleabhair nach raibh an ráchairt chéanna orthu ar nós an Whitby Gazette agus an Oxford Critic. Bhí an chuid is mó den ábhar a chuir sé amach greannmhar, uaireanta bhí sé aorach, ach bhí caighdeán ard ag baint lena chuid oibre i gcónaí.

Uair éigin tar éis 1850, scríobh sé drámaí puipéad le haghaidh siamsaíocht a shiblíní, agus tá ceann de na drámaí sin fós againn inniu, La Guida di Bragia.

Alice Liddell

Sa bhliain 1856 d'fhoilsigh Dodgson an chéad phíosa oibre faoin ainm cleite Lewis Carroll, agus is faoin ainm sin a chuir an pobal mór aithne air. Foilsíodh in The Train dán románsúil dá chuid. “Solitude” an t-ainm a thug sé air agus Lewis Carroll luaite leis mar údar. Imeartas focal é an t-ainm sin ar a fhíorainm; ba é ‘Lewis’ an fhoirm Anglacánach de Ludovicus, arb é an Laidin ar Lutwidge agus Carroll, sloinne Éireannach, atá cosúil leis an ainm Laidineach Carolus, óna dtagann an t-ainm Charles. Ba é seo a leanas an t-aistriúchán: “Charles Lutwidge” aistrithe go Laidin mar “Carolus Ludovicus”. Aistríodh ar ais go Béarla ansin é mar “Carroll Lewis”, agus ansin aisiompaíodh é arís chun “Lewis Carroll” a chruthú [4].

Na Leabhair Éilise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alice's adventures underground

Sa bhliain chéanna, 1856, tháinig déan nua, Henry Liddell, chuig Christ Church agus a chlann óg in éineacht leis. D’éirigh Dodgson an-chairdiúil le muintir Liddell agus d’imir siad tionchar mór ar a chuid scríbhneoireachta ina dhiaidh sin. Bhí Dodgson mór le bean chéile Liddell, Lorina, agus a gcuid páistí, an triúr deirfiúracha ach go háirithe, Lorina, Edith agus Alice Liddell. Ar feadh na mblianta fada, bhí an tuairim ann go raibh an carachtar ‘Eilís’ sa scéal ‘Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas’ bunaithe ar Alice Liddell.[5]

Seans gur bunús éigin don tuairim sin an dán acrastach a litríonn a hainm ag deireadh an leabhair ‘Through the Looking Glass’. Ina theannta sin, tá go leor tagairtí di le sonrú ceilte sa téacs sa dá leabhar.

Dhiúltaigh Dodgson é féin don tuairim níos déanaí ina shaol go raibh a ‘bhanlaoch beag’ bunaithe ar aon fhíorpháiste, agus ba mhinic a rinne sé a chuid oibre a thiomnú do chailíní a raibh aithne aige orthu, dhéanadh sé a gcuid ainmneacha a chur le dánta acrastacha ag tús an téacs.

Cé go bhfuil eolas ar Dodgson gann, tá a chuid dialanna le haghaidh na mblianta 1858-1862 in easnamh, is léir gur fhás cairdeas idir é agus muintir Liddell go déanach sna 1850idí agus ba chuid shuntasach dá shaol é an cairdeas sin. Bhí sé de nós aige na páistí Liddell a thógáil amach ag rámhaíocht ar an loch, agus scéalta a insint dóibh.

Beatrice Hatch sa bhliain 1873 (1866 – 20 December 1947). Bhí Carroll an-tógtha le Beatrice.

Ba ar cheann de na turais seo ar an 4 Iúil 1862, a chum Dodgson imlíne an scéil a bhí ar deireadh ar an saothar is mó clú. I ndiaidh dó an scéal a insint do na páistí, d’iarr Alice Liddell air é a scríobh síos. Blianta níos déanaí, dúirt Alice Liddell faoin scéal úd,’is léir go raibh sé níos fearr ná mar is gnáth, mar an lá dár gcionn, d'iarr mé air é a scríobh síos, rud nach rinne mé riamh roimhe sin.' Lean sí uirthi ag iarraidh air é a scríobh go dtí gur gheall sé di go ndéanfadh sé amhlaidh.

Ar fháthanna éagsúla, thóg sé dhá bhliain go leith an lámhscríbhinn críochnaithe a chruthú, agus é maisithe le léaráidí dá chuid féin [6].

Evelyn Hatch (grianghraf a thóg Lewis Carroll, 29 Iúil 1879)

Bhronn sé an leabhrán leathair glas leis an téacs lámhscríofa go néata ann ar Alice sa bhliain 1864, mar bhronntanas Nollag. Ghlaoigh sé ‘Alice’s Adventures Under Ground’ ar an leabhrán a thug sé do Alice, ach is léir nach raibh sé sásta leis an teideal sin agus bheartaigh sé ar ‘Alice’s Adventures in Wonderland’ ina áit.

Roimhe seo, léigh páistí cara agus meantóir dá chuid,  George MacDonald, an lámhscríbhinn neamhchríochnaithe. Spreag díograis na bpáistí é chun iarracht a dhéanamh an leabhar a fhoilsiú. Sa bhliain 1863, thóg sé an lámhscríbhinn neamhiomlán chuig an bhfoilsitheoir Macmillan, agus thaitin sé leis láithreach. Foilsíodh an saothar ar deireadh mar ‘Alice’s Adventures in Wonderland’ sa bhliain 1865 faoin ainm cleite Lewis Carroll, ainm a bhí Dodgson tar éis a úsáid den chéad uair naoi mbliana roimhe sin.

Annie & Frances Henderson (grianghraf eile a thóg Lewis Carroll, 1879)

Go déanach in 1871, foilsíodh an dara leabhar sa tsraith, leabhar dar teideal ‘Through the Looking-Glass and What Alice Found There’.  Seans go bhfuil an mothú níos dorcha ann de thoradh ar na hathruithe i saol Dodgson. Bhí a athair tar éis bás a fháil go luath roimhe sin, sa bhliain 1868, agus thit sé isteach i ndúlagar a mhair roinnt blianta [7].

Ag an am sin, bhí suim láidir aige sna cailíní lomnocht. An raibh Carroll ina phéidifileach mar sin?

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


1. http://www.poets.org/poetsorg/poet/lewis-carroll 2. http://www.online-literature.com/carroll/ 3. http://www.theguardian.com/world/2001/oct/29/gender.uk 4. http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/10644072/Lewis-Carroll-hated-Alice-in-Wonderland-fame.html 5. http://www.literature.org/authors/carroll-lewis/alices-adventures-in-wonderland/chapter-01.html