Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharEachtraí Eilíse i dTír na nIontas
(en) Alice's Adventures in Wonderland
(de) Alice im Wunderland Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarLewis Carroll Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirJohn Tenniel Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe, 1865 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1862
Tréith
Príomhábhartaibhreamh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraúrscéal do pháistí, síscéal agus litríocht áiféiseach Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioclucht féachanaleanbh Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaTír na nIontas Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilAlice in Wonderland fictional world (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthasKate Greenaway Medal (en) Aistrigh (1999) Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
← luach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir OCLC1023201734 Cuir in eagar ar Wikidata
Musicbrainz: 15d6d96e-f878-43ce-adb6-79f7dbff8c2b Cuir in eagar ar Wikidata
Clúdach an leabhair Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (2007)

Úrscéal do pháistí de chuid an údair Shasanaigh Charles Lutwidge Dodgson faoin ainm cleite Lewis Carroll is ea Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (bunteideal Alice's Adventures in Wonderland). Foilsíodh sa bhliain 1865 é. Is minic a úsáidtear teideal gearr Eilís i dTír na nIontas.[1]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíodh amach ar an scéal nuair a bhí an t-údar amach ar turas samhraidh faoin tuath le triúr cailín beag, agus níor scríobhadh nó foilsíodh é ach trí bliana ina dhiaidh. Dúirt Dodgson na scéalta do na bpáistí, Alice Liddell ar dhuine acu, faoi chailín óg a théann amach sa tóir ar eachtraí. Chruthaigh sé eachtraí an scéil ar an toirt mar ábhar siamsaíochta dóibh, agus cuid mhaith de bunaithe ar fhíor-dhaoine nó eachtraí a tharla agus iad i mbun taistil in Oxford agus Christ Church.

Chuaigh an scéal go mór i gcion ar na gcailíní, agus d'iarr Alice ar Dodgson é a bhreacadh síos di. Thug Dodgson an chéad chóip d'Alice dhá bhliain ní ba dhéanaí ar an 26 Samhain 1864, Alice's Adventures under Ground mar a bhí air, scríofa amach mar lámhscríbhinn agus maisithe le pictiúir ó pheann an údair féin.

Ag an am céanna, bhí Dodgson ag ullmhú an leabhair chun é a fhoilsiú. Chuir sé níos mó imeachtaí isteach, mar shampla na caibidilí faoin Cheshire Cat agus an Mad Tea-Party. Foilsíodh mar sin é sa bhliain 1865, faoin teideal Alice's Adventures in Wonderland le Lewis Carroll agus pictiúir ag John Tenniel.

D'éirigh thar barr leis gan mhoill, agus sult á bhaint as ag páistí agus daoine fásta araon. Deirtear go raibh an Banríon Victoria agus Oscar Wilde ar bheirt de na céad daoine a bhí an-tógtha leis. Níor tháinig an leabhar as cló riamh, agus é aistrithe go 125 teanga ar fud na cruinne - Gaeilge ar cheann acu. Tá níos mó ná céad eagrán foilsithe ag an bpointe seo, chomh maith le hiliomad leaganacha eile den scéal ar an stáitse, sna scannáin agus ar an teilifís.

Scríobh Carroll leabhar leantach freisin, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi (bunteideal Through the Looking-Glass and What Alice Found There).

Leaganacha Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pádraig Ó Cadhla a chuir Gaeilge ar an leabhar den chéad uair sa bhliain 1922, faoin teideal Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas, faoi scéim aistriúcháin an Ghúim sna 1930idí.

Scríobh Nicholas Williams aistriúchán eile a d'fhoilsigh Coiscéim agus Evertype, a chéad eagrán sa bhliain 2003; chuir Evertype an dara heagrán ar fáil sa bhliain 2007 (ISBN 978-1-904808-13-8).[1] Bhí dúshlán ar leith roimh Nicholas Williams agus é ag tabhairt faoin aistriúchán seo. Ní téarmaíocht nua-aimseartha a bhí ina dris chosáin ag Nicholas ach an t-imeartas focal. Bhain Lewis Carroll an-úsáid as an imeartas focal sa bhunleagan Béarla den leabhar, rud a d’fhág go raibh ar Nicholas a intinn agus a theanga a aclú leis an spraoi céanna a shníomh tríd an leagan Gaeilge.[2]

Ach ar ndóigh, tá an baol ann gur ag cumadh seachas ag aistriú a bheadh an t-aistritheoir dá ngabhfadh sé rófhada leis an ealaín sin, ach d’éirigh le Nicholas a bheith dílis don bhunleagan Béarla, agus a bheith dílis don phobal Gaelach léitheoireachta chomh maith.[2]

Gaeilge Mhanann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Brian Stowell é a aistriú go Manainnis faoin teideal Contoyryssyn Ealish ayns Cheer ny Yindyssyn.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tosaíonn sé le hEilís ina suí tráthnóna lena deirfiúr ar bhruach na habhainn. Go tobann, féachann sí Coinín Bán - gléasta, agus ag faire ar a uaireadóir i gcónaí - ag rith thart i "deifir mhór". Tá Alice fiosrach leis, agus leanann sí an Coinín Bán síos an poll coinín. Faigheann sí áit iontach agus aisteach ann, lán le daoine agus le carachtair chraiceáilte (mar shampla, an Cheshire Cat, an Mad Hatter agus an March Hare), agus cluichí tomhais gan aon fhreagra. Ag deireadh an scéil, dúisíonn Alice agus ní raibh ann ach brionglóid.

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Éilís - Is í Éilís príomhcharachtar an scéil. Is cailín Sasanach seacht mbliana d'aois í a bhfuil dea-shamhlaíocht, dea-bhéasaí agus dea-thógáil uirthi. I gcuid mhaith de na léirithe scannán den leabhar cuirtear Éilís i láthair mar chailín fionn a bhfuil gúna gorm uirthi faoi naprún bán, le stocaí glún agus bróga dubha 'Mary Jane'.

...

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Lewis Carroll (1865). "Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas (Alice in Wonderland) r-leabhar | Litríocht" (ga). Dáta rochtana: 2021-12-18.
  2. 2.0 2.1 NÓS (2020). "LEABHAIR: Na haistriúcháin go Gaeilge is fearr a rinneadh" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2021-12-18.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]