Beannchar, Contae an Dúin
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
| Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) | An Aird agus Tuaisceart an Dúin | |||
| Príomhchathair de | ||||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 61,011 (2011) | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Glaochód | 028 | |||
| Eile | ||||
| Suíomh gréasáin | northdown.gov.uk | |||

Tá Beannchar (Bangor as Béarla) suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis. Is cathair í i gContae an Dúin i gCúige Uladh. Tá 58,388 duine ina gcónaí i mBeannchar de réir daonáirimh 2001.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na hÉireann gur luadh é ar léarscáil an domhain.
Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe; Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara.
Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh Naomh Comhghall sa bhliain 558 AD.[1]

Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.
Is é an limistéar farraige soir ó thuaidh ó Bheannchar ná Cuan Bhaile Uí Thuamhan, a ainmníodh i ndiaidh bhaile fearainn Bhéal Átha Beithe lastoir den bhaile. Le linn an Dara Cogadh Domhanda baineadh úsáid as an gcuan mar bhunáit chun trúpaí Meiriceánacha a thraenáil le haghaidh Operation Overlord (D-Day)
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Liz Curtis (2006). "Léargas den scoth ar shaol na manach fadó" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-10.
