Aodh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAodh
Cineáldia de chuid na gCeilteach
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairLear agus Daghdha Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, prionsa na dTuath Dé Danann agus dia an domhain thíos[1] ab ea Aodh (Sean-Ghaeilge Áed). De réir inscríbhinní a tháinig slán, ba é an mac is sine de Lir, Ard-Rí na dTuath Dé, agus Aobh, iníon Bhodhbh Dheirg. Insítear ámh sa Dinnseanchas gur mhac Daghdha é Aodh[2], agus gur mharaigh Corchenn de Chruach é, óir gur mheall sé a bhean chéile.[3]

De réir an bhéaloidis, thug Aobh ceathrar páiste ar an saol le Lir, dhá chúpla[4] Fionnuala agus Aodh, agus Fiachra agus Conn. D'éag sí i mbun bhreith clainne. Phós Lir arís le hAoife (deirfiúr Aoibhe, de réir roinnt leaganacha) ach bhí sí in éad leis na páistí. Bheartaigh sí go maródh iad ar cuairt chuig Bodhbh Dearg, ach ní maródh na searbhóntaí iad, as an méid sin grá a bhí acu don chlann. Ina ionad sin dá bharr, chuir sí mallacht orthu, maireadh i riocht ealaí ar feadh 900 bliain: 300 ar Loch Dairbhreach[5], 300 ar Mhuir nIocht, agus 300 ar an teiscinn mhór.

Insítear na seanscéalta go raibh a nguthanna fós acu agus gur fhoghlaim siad gach amhrán agus scéala na hÉireann, le cois na dteangacha a thóg turasóirí leo ó fhad i gcéin.

Tá a lán leaganacha ann maidir le buaic an scéil tar éis briseadh na mallachta. Is léir go bhfuil cuid mhaith dóibh faoi thionchar na Críostaíochta. Féach freisin Oidheadh Chlainne Lir le tuilleadh a léamh.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Encyclopedia of Gods, Michael Jordan, Kyle Cathie Limited, 2002

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An bhrutainn, na hamhais, ceantar na n-amhas ar teanglann.ie EID
  2. Is é Aodh é
  3. Révue Celtique via archive.org
  4. Beirt chúpla? Cúpla cúpla?
  5. Loch Dairbhreach ar logainm.ie (The Children of Lír ar wikisource.org)