Lear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, dia na mara ab ea Lear (Sean-Ghaeilge: Ler), agus athair Mhanannáin mhic Lir. Is pearsa sinsir é Lear go príomha, agus moltar a ainm gur pearsantú na mara é, in ionad a bheith ina dhia éagsúil. Is é Lear rí an teidil sa seanscéal Oidheadh Chlainne Lir.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Allód[1][2] is ainm dó i nginealaigh luatha, agus tá gaol aige le Llŷr i miotaseolaíocht na Breataine Bige.

Maraon le Llŷr, is dia na mara é Lear, ach ó thaobh na miotas Gaelach de, is léir go bhfuair Manannán mac Lir an ceann is fearr air. Is amhlaidh áfach go raibh miotais eile ann nach maireann a luaigh Lear féin, agus go raibh an-ghnaoi aige i mbéil na ndaoine le taobh an lae inniu, go háirithe nuair a áirítear líon na bpearsana darb ainm 'mac Lir'.

Sa Sanas Cormaic de chuid na 9ú haoise, luann an t-easpag agus scoláire cáiliúil Cormac mac Cuileannáin Manannán agus a athair Lir, a shamhlaigh Cormac leis an muir:

Sean-Ghaeilge, Laidin Nua-Ghaeilge

Manannan mac lir .i. cennaige amra bói aninis Manand. ise luam as deach[3] boi aniarthar Eorpa. noḟindad tre nemgnacht[4] (.i. gnathugrud nime) inoiret nobíd insoinind in do[i]nind ⁊ intan nosclæchlóbad cechtar don dá résin, inde Scoti et Brittones eum deum vocaverunt maris. et inde filium maris esse dixerunt .i. mac lir mac mara.

Manannán mac Lir: i.e. ceannaí amhra a mhair ar Oileán Mhanann. An luamh is fearr ab ea é i n-iarthar na hEorpa. Le heolas na haimsire, bhí oiread an soininne is an doininne ar eolas aige, agus caithin a athródh an dá ráithe. Dá bharr sin, dia na mara a thug na hAlbanaigh agus na Briotanaigh air, agus dúirt gur mhac na mara é, i.e. mac lir, mac mara.[5][6]

Oidheadh Chlainne Lir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is phríomhphearsa é Lear sa seanscéal Oidheadh Chlainne Lir. Níl sé soiléir ámh, an é athair Mhanannáin an Lear seo, nó b'fhéidir Lear eile.

Ba chéile chomhrac é Lear an scéil seo de Bhodhbh Dearg le haghaidh ríocht na dTuath Dé Danann í ndiaidh a gcúlaithe isteach sna sídhe. Chun Lear a cheansú, rinne Bodhbh cleamhnas lena iníon Aobh agus Lear. Thug sí ceathrar leanbh ar an saol leis, beirt chúpla, Fionnuala agus Aodh, agus Fiachra agus Conn.

D'éag Aobh i mbun breithe clainne. Ba mhiste le Bodhbh nach raibh na páistí gan máthair, agus dá bharr rinne sé cleamhnas nua lena iníon eile, Aoife (iníon Bhodhbh Dheirg). D'éirigh Aoife in éad ar na páistí, agus chuir sí mallacht orthu, go maire siad i riocht ealaí ar feadh 900 bliain.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Lebor Gabála Érenn: The Book of Invasions, iml. 4".
  2. Seismiméadar Allód ar sea-seis.ie; SEA-SEIS-D Survey - Day 3 - Deploying the first seismometer, aka Allód
  3. deach2 comp. A. Lit ar teanglann FGB
  4. nemgnacht ar eDIL
  5. Stokes, Whitley (eag.), Three Irish glossaries: Cormac's glossary codex A. O'Davoren's glossary and a glossary to the calendar of Oingus the Culdee, Williams & Norgate, 1862, lch. xxxiv-xxxv.
  6. O'Donovan, John (aistr.), Stokes, Whitley (eag.), "Sanas Chormaic: Cormac's glossary", O. T. Cutter for the Irish Archeological and Celtic Society, Calcutta, 1868, lch. 114.
  7. Dictionary of Celtic Myth and Legend, Miranda J. Green, Thames and Hudson, Ltd., 1997