Cearmaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarCearmaid
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairDaghdha Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, mac Daghdha na dTuath Dé Danann ba ea Cearmaid Milbhéal (Sean-Ghaeilge: Cermait Milbél).[1] Mharaigh Lugh é, mar chúiteamh ina chaidreamh lena bhean chéile, Buach. Chaoin Daghdha deora fola dá mhac, ach athbheoigh sé é le maide leighis.[2] D'agair an triúr mac Cearmada, Mac Coill, Mac Ceacht agus Mac Gréine, ar a bhás, agus d'éirigh ina dhiaidh sin ina gcomh-Ard-Ríthe na hÉireann.

Sa Dinnseanchas, luaitear pearsa eile, Conan Milbhéal, mar mhac Daghdha, ach b'fhéidir gurb ionann é agus Cearmaid. Maraíodh Conan le hurchar ga caite Feardhomhan (Sean-Ghaeilge Ferdoman) mac Conaill Cearnaigh (aitheanta chomh maith mar Aodh Rinn (Sean-Ghaeilge Aed Rind)).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Révue Celtique
  2. Dagda ar maryjones.us
  3. G106500D ar CELT