Miach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, lia na dTuath Dé Danann ab ea Miach mac Dhiain Cheachta. Chuir sé lámh chnis agus feola in ionad na láimhe airgid a rinne a athair dó Nuada. Mharaigh a athair é dá bharr, ite ag an éad toisc nach raibh seisean in ann a leithéid a dhéanamh. Ghearr sé ceann a mhic faoi cheathair lena chlaíomh: leis an gcéad buille, níor ghearr sé ach craiceann Mhéich, agus leigheas Miach é; leis an dara, bhris sé blaosc Mhéich, ach leigheas Miach é; leis an tríú, scríob sé inchinn Mhéich brain, ach leigheas Miach fós sin; leis an gceathrú buille, ghearr sé inchinn a mhic in dhá leath, agus sa deireadh maraíodh Miach. D'fhás 365 luibh óna uaigh a chuir a dheirfiúr Airmed in eagair, ach a scaip a n-athair éadmhar.

I ndeireadh na dála, áfach, feictear Miach arís níos déanaí sa scéal, fós ag leigheas na dTuath Dé le taobh a athar agus a dheirféar. Is léir dá bharr nach raibh aon dochar déanta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Focal liteartha is ea miach[1] fós sa Nua-Ghaeilge, le brí buiséal nó méid gráin chomhaontaithe. I dtéacsanna dlí, feictear miach le haghaidh méid gráin bhraiche. Sa Mhumhain, tá lua ann do fleith in méich (Fleadh Mhéich).[2]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]