Eochaidh mac Eirc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEochaidh mac Eirc
Cineálduine
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheathapolaiteoir agus monarc Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí na hÉireann ba ea Eochaidh (Sean-Ghaeilge Eochu, Eochaid) mac Eirc mhic Rionnail, sliocht de na Fir Bholg. Tháinig sé i gcoróin agus Faidhbín curtha as cumhacht aige. Chuir sé córas dlí i bhfeidhm i nÉirinn don chéad uair. Ní raibh báisteach ar bith le linn a réimis, ach ansin drúcht, agus bhí fómhar ann gach bliain.

Ba í an bandia Tailte a bhean chéile. D'ainmnigh Eochaidh a phríomhchathair aisti, Tailtin, Contae na Mí, agus d'eagraigh sé féile ann gach Mí Lúnasa.

Bhí sé i gcoróin ar feadh deich mbliana, go dtí gur cloíodh na Fir Bolg é ag na Tuatha Dé Danann sa Chéad Chath Maighe Tuireadh. Le linn an chatha, d'éirigh Eochaidh spalptha leis an tart, ach cheil draoithe na dTuatha Dé gach foinse uisce air. Agus uisce á lorg aige, d'aimsigh Mór-Ríoghain ar Bhéal Trá, Sligeach é agus mharaigh sí é. De réir an tsean-nóis, cuireadh é ina uaigh faoi Charn Eochaí.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]


Réamhtheachtaí
Faidhbín
Ard-Rí na hÉireann
ACM 1907–1897 RC
FFE 1487–1477 RC
Comharba
Nuadha