Clíodhna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhanríon na mbansidhe í Clíodhna (Sean-Ghaeilge Clídna) na dTuath Dé Danann. Bhí sí í réim i ndeisceart na Mumhan, nó Ríoga Dheasúin.[1]

I roinnt miotas, is bandia an ghrá agus na háilleachta í Clíodhna, agus éarlamh Chontae Chorcaí.[2] Deirtear go raibh trí éan gealdaite aici, a d'ith úill agus a leigheas na heasláin lena gcuid cantana binne.[2]

D'fhág sí oileán an tsaoil eile, Tír Tairngire, chun bheith lena leannán daonna, Ciabhán, ach thóg tonn i gCuan Dor í[2] agus í ina chodladh de bharr ceoil á sheinm ag cliaraí Mhanannáin mhic Lir; tugtar Tonn Chlíodhna ar an taoide ann.[3] Braitheann a cinniúint, cé acu ar bháigh nó nár bháigh sí, agus sonraí eile, ar leagan an scéil.

Bhí sí ina cónaí i gcroí carn cloch, cúig mhíle amach ó Mhala, áit a bhfuil aithne uirthi fós mar Charraig Clíodhna[4], agus a bhfuil sí fós beo ann sa bhéaloideas.[5]

Teaghlaigh gaolmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá gaol idir Clíodhna agus seánmhuintreacha na Mumhan, agus clanna Uí Dhonobháin agus Uí Choileáin as críocha Uí Fidgheinte ach go háirithe, ar feadh ré a dtionchair (circa 373 A.D. go 977 A.D.), agus níos déanaí clann Mhic Cárthaigh (a roghnaigh í mar a sidhe clainne), agus clanna Uí Chaoimh agus Mhic Ghearailt, (a raibh caidrimh ghrámhara aici leo[5]). Tá Clíodhna ann in ainm té de shliocht Uí Laoghaire sa mheánaois,[6] Conchúr Chlíodhna. Is sonraíoch é gur as Ros Ó gCairbre an chlann, fíor ghar do Chuan Dor, sular bhog siad ó thuaidh go Tiarna Mhúscraí. Ba shliocht de Chorca Laoighdhe iad na Laoghairí.

Luaitear Clíodhna mar tóraí a raibh doicheall roimpi sa dán le hEdward Walsh, O’Donovan’s Daughter.

In óid ag moladh Domhnail Uí Dhonobháin dá theacht i réim mar thaoiseach Clancahill, luaitear é mar "Dragan Chlíodhna".[7]

Coimhlint le hAoibheall[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go raibh Clíodhna in iomaíocht le hAoibheall. I scéal amháin, chuir Clíodhna Aoibheall faoi dhraíocht, a chas í ina riocht cait bháin.[8]

Cloch na Blarnan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é scéal Cloch na Blarnan an scéal is cáiliúla atá bainte le Clíodhna.[9] Bhí Cormac Láidir Mac Cárthaigh, tógálaí Chaisil na Blarnan,[10] in aghaidh cás dlí, agus d'iarr sé cuidiú ar Chlíodhna. Dúirt sí leis an chéad chloch a chonaic sé ar a bhealach a phógadh. Rinne sé amhlaidh, agus dá bharr, d'áitigh sé a chás go solabhartha, agus bhuaigh sé. Deirtear go tugann Cloch na Blarnan "an cumas dallamullóg a chur gan sárú". Thug sé an chloch le chéilei n-uchtbhalla an chaisleáin.[11]

Leis an bhfírinne a rá, níl Clíodhna freagracht i ngach plámás na gCárthach. Thug Eilís faoi ndeara le teann frustrachais nárbh fhéidir léi idirbheartaíocht a dhéanamh le Cormac Mac Cárthaigh, toisc go raibh gach a dúirt sé Blarney, ... what he says he does not mean.[12]

Seán Ó Donnabháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina cáilíocht mar bhansidhe, luaitear Clíodhna ag an ársaitheoir Éireannach Seán Ó Donnabháin.[13] Ag scríobh i 1849 chuig cara, deir an Donnabhán:

When my grandfather died in Leinster in 1798, Cleena came all the way from Ton Cleena to lament him; but she has not been heard ever since lamenting any of our race, though I believe she still weeps in the mountains of Droim Dhá Liag in her own country, where so many of the race of Eoghan Mór are dying of starvation.

Mícheál Ó Coileáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí eolas chomh maith ag an gceannaire mór Éireannach Mícheál Ó Coileáin ar Chlíodhna. Insíodh scéalta fúithi ar scoil aige i Ros Ó gCairbre, agus chuaigh siad ar cuairt Dé Domhnaigh go carraig Chlíodhna. De réir a charad, Piaras Béaslaí:[14]

Michael heard many a wonderful tale of Clíodhna's enchantments, of wrecks and perils, and drownings and treasure troves.

Is fiú a thógáil faoi ndeara gur shliocht de chlann Uí Choileáin Uí Chonaill Gabhra é Mícheál.[15] Ba iad na Conaill agus na Donnobháin dís treibhe i measc na Fidghente.

Bunúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Moladh go bhfuil Clíodhna gaolta le bandia na nGallach, Clutonda[16]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Wood-Martin, William Gregory, Pagan Ireland: An Archaeological Sketch: A Handbook of Irish Pre-Christian Antiquities. Londain: Longmans, Green, and Co. 1895, ll. 132–3
  2. 2.0 2.1 2.2 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 31. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
  3. Gregory, Augusta (1905). "Gods and Fighting Men: The Story of the Tuatha de Danaan and of the Fianna of Ireland". J. Murray. 
  4. Carraig Chlíona Bheag agus Mhór ar logainm.ie
  5. 5.0 5.1 Monaghan, Patricia (2004). "The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore". Facts on File. 
  6. Irish Pedigrees: O'Leary
  7. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, Volume 5, lch. 1548
  8. Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 2. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
  9. James MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, ll. 43–44, 91
  10. Irish Pedigrees: MacCarthy, Lords of Muskry #119
  11. Richard Marsh, Elan Penn, Frank McCourt, The Legends & Lands of Ireland. Penn Publishing, ll. 107–110
  12. Francis, Charles (2009). "Wisdom Well Said: Anecdotes, Fables, Legends, Myths, Humor, and Wise Sayings that Capture the Human Condition". Levine Mesa Press. 
  13. Yeats, William Butler (2008). "The Collected Works of W.B. Yeats Vol. VI: Prefaces and Introductions". Simon and Schuster. 
  14. Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 11. Palgrave Macmillan. 
  15. Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 5–6. Palgrave Macmillan. 
  16. Crowe, J. O'Beirne (January 1869). "Religious Beliefs of the Pagan Irish". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland: 319.