Uí Fiodhghinte
Luathdhream agus ríocht i dtuaisceart na Mumhan ab ea Uí Fiodhghinte (Sean-Ghaeilge Uí Fidgenti), suite go formhór i gContae Luimnigh an lae inniu, ach sínte i gContae an Chláir agus i gContae Thiobraid Árann isteach, agus b'fhéidir gur Contae Chiarraí agus Contae Chorcaí, ó am go chéile. Bhí siad faoi bhláth ó 377 AD go 977 (bás Donnabháin), cé gur lean a dtionchar le trí chéad bliain anuas.
Tá scéalta bunúis difriúla tugtha dóibh ag scoláirí éagsúla, idir luath- nó prót-Eoghanachta agus na Dáirine fosta, gan chomhaontú le feiceáil.
Sinsearacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fiacha Fiodhghinte, dara mac Dháire Chearba, ab ea sinsear chlann Uí Fiodhghinte. Creidtear gur éirigh Dáire ina phríomhphearsa de chine Mhíl Easpáine i ndiaidh bás Criomhthainn sa bhliain 379 AD. Níor éirigh Fiacha féin ina rí Mumhan ámh, óir gur mharaigh a chéile comhraic, Aonghas Tireach fionnó Chormaic Cais, é in a battle fought at Clíodhna, gar do Chuan Dor.[1]
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insítear i Leabhar Mór Leacáin, gur ainmníodh Fiacha Fiodhghinte as capall adhmaid (fiodh/feá) a rinne (ghin) sé ag Aonach Cholmáin.
Clanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sé chéad bhliain tar éis aimsir Fhiacha, bhí dhá phríomhchlann ann i measc a mhuintire, clann Uí Chairbre Aobha agus Uí Chonaill Gabhra.[2][3][4][5] Ba mhinic é go raibh an dara acu ina clann is cumhachtaí.[3] Faoin mbliain 1169, bhí clann Uí Chairbre roinnte ina dís, Uí Chairbre féin agus Uí Dhonnabháin.[6] Sna ginealaigh le fáil i Rawlinson B 502 agus an Leabhar Muimhneach, ámh, feictear gur scar an chraobh le ’'Cenn Faelad, ceithre glúin roimh Ó Donnabháin (bás 974), de thoradh an chomhaontais le Lochlannaigh Luimnigh agus Port Láirge.
Dlúthghaoil na n-Uí Fiodhghinte ab ea an chlann Uí Liatháin, a mhaígh freisin gur shinsear acu é Dáire Cearba. Luaitear le chéile iad, bíodh is dála an scéil, i leat fhoinsí amhail is Tairired na nDéssi.[7]
I measc clanna mhuintir Uí Fiodhghinte, tá: Ó Billrí, Ó Bruadair, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Cléireacháin, Ó Coileáin, Ó Connaill, Ó Diaghaidh, Ó Donnabháin, Ó Flannabhra, Ó hIfearnáin, Mac Eneiry, Ó Coinn, agus Ó Treasaigh.[8]
I measc daoine an lae inniu atá de shliocht Dháire Cearba tá na Uí Chonnaill as Doire Fhíonáin.[9][10] D'fhógair Daniel Charles O'Connell é seo go follasach do bholscairí Louis XVI na Fraince. De shliocht Uí Chonaill Gabhra ab ea Mícheál Ó Coileáin.[11][12][13]
Méid agus teorannacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir foinsí éagsúla, an ríocht is cumhachtaí sa Mumhain roimh na hEoghanacht ab ea muintir Uí Fiodhghinte (má fhágtar ar lár an Corca Laidhe iar-cumhachtach agus an tOsraí ar an imeall.[14] Faoi 950, bhí na críocha roinnte go formhór idir an dá phríomhchlanna, Uí Chairbre agus Uí Choileáin. Bhí clann Uí Chairbre Aobhdha (of which Uí Donnabháin were chieftains) suite feadh ghleann na Máighe i gCois Máighe agus Caonraí, i ndéanacht Átha Dara, agus ar am éigin chomh fada le Cill Mocheallóg ar aghaidh go hArd Pádraig agus Dún ar Aill. Bhíodh Ui Chonaill Gabhra lonnaithe thiar, feadh An Daoil chuig Sliabh Luachra, mar atá inniu sna barúntachtaí Conallaigh Uachtaracha agus Íochtaracha.
Bhíodh naisc ag clanna eile Uí Fiodhghinte le suíomhanna eile i Luimneach. Tá Maigh Thamhnach ainmnithe as géag na bhFear Tamhnaí.[15]
Is é Fíonach an t-aon áit amháin le fáil inniu le hiarsma den ainm Fiodhghinte.[16] Paróiste atá ann suite ó dheas den Caisleán Nua i gContae Luimnigh.[17]
Naomh Pádraig
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Vita tripartita Sancti Patricii.[18]
Naomh Seanán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Senán mac Geircinn.
Uí Fhiachrach Aidhne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear sna hannála, don bhliain 645, go raibh na hUí Fiodhghinte ina gcomhghuaillí rí na gConnacht, Guaire Aidhne mac Colmáin, ag Cath Charn Chonaill. Bhí na críocha ó thuaidh de mhuintir Uí Fiodhghinte faoi smacht ríora Ghuaire, darbh ainm Uí Fhiachrach Aidhne. Molann Byrne[19] go raibh coimhlint idir an dá ríocht for control over roinnt tuath níos lú, ach other evidence suggests they were allied.[20] San 8ú haois, deirtear go ndeachaigh na hUí Fiodhghinte i mbun comhraic in éadan Guaire, athair Lament of Crede, iníon Ghuaire, ag Cath Áine sa bhliain 667.
Suíomhanna agus seandálaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Dún Eochair, in aice le Brú Rí inniu, príomhchathair na nUí Fiodhghinte.[3][21] Dúirt Seathrún Céitinn gurbh í ar cheann de dhá phríomhchathair na nDáirine agus Cú Raoi seanscéalach mac Dáire.[22] Tá na hoibreacha créafóige le feiceáil fós ar bhruach na Máighe.[23] Faightear fud i mBrú Rí ceantar darb ainm Lios Ailealla Óloim,[24][25] sin-sin-sin-seanathair Fiacha Fiodhghinte, a fuair bás sa bhliain 234 AD, agus atá ar adhlacadh ag Dún Trí Liag.
Raibh ó dheas de Bhrú Rí tá Cnoc Samhna,[26] aitheanta fosta mar known as Ard na Ríoghraidhe. Nasctha le Moingfhionn,[27] d'fhéadfadh é gur suíomh insealbhaithe na nUí Fidgenti a bhí ann.
D'aimsíodh an Cailís Ardach i gcríocha na nUí Fiodhghinte, ag Ráth Riaráiste sa bhliain 1868.[28][29]
Gaol leis na nEoghanacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear go raibh gaol ar leith ag na hUí Fiodhghinte le ríthe na nEoghanacht i gCaiseal.
Cúig ghlúin roimh Fhiacha, creidtear gur roinn Ailill Ólom (bás 234 AD) cúige Mumhan idir a mhic, agus rinne sé an coinníoll go ndéanfadh a shleachta sealaíocht le chéile mar rí. Rinneadar san go dtí aimsir Bhriain Bhóramha, a mharaigh mar a chreidtear Donnabhán Ui Fiodhghinte sa bhliain 977.[30]
Ní bhíodh na hUi Fiodhghinte ina ngéillsinigh ríthe na nEoghanacht, agus níor íoc siad cáin. Tugtar i Leabhar na gCeart trácht ar cúitimh Rí Chaisil do rí Uí Chonaill
- deich n-each, sciath, gcorn
agus rí Dhún Eochair
- seacht n-each, sciath, gcorn, claíomh agus seachtar ógánach aimsire agus seachtar daoránach.
Tugtar trácht fosta gurbh fhiú dusk Rí Uí Chonail le Ríthe Chaisil, agus níor ghá ghiall ar bith a mhalartú le haghaidh comhaontaithe. In alt sa scéal Tairired na nDéssi,[31] ainmnítear na hUí Fiodhghinte (agus na hUí Liatháin san áireamh) i measc Thrí Eoghanachta na Mumhan, agus iad eile ná an Eoghanacht Locha Léin agus an Eoghanacht Raithlinn.[32]
Meath
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa 10ú haois, roinneadh na hUí Fiodhghinte teorann le chéile le Mathún (i gCaiseal) agus Brian Bóramha (i dTuamhain), agus is minic a bhíodh comhraic críche eatarthu.
Rinne Donnabhán mac Cathail, sinsear Uí Dhonnabháin, comhaontas in aghaidh an Dáil Chais le beirt ceannairí eile, a athair céile Íomhar, rí Danmhargach Luimnigh, agus Máel Muad mac Brain, rí na Mumhan. Mar thoradh míchlúiteach, maraíodh Mathún mac Cinnéide, deartháir mór Briain Bhóramha, mar chúiteamh ar a chuid ionsaithe ar Uíbh Fhiodhghinte. D'imir Brian Bóramha díoltas orthu triúr as a bhás á chloí.[33]
Thosaigh meath Uí Fhiodhghinte sa 12ú haois, sa bhliain 1178, nuair a chuir Domhnall Mór Ó Briain an ruaig ar Uí Chonaill agus Uí Chairbre chomh fada leis an Eoghanacht Locha Léin (AIF). Leanfadh clann chumhachtach Uí Choileáin, roinnt leathscór bliain níos déaranaí,[34] ach d'fhan clann níos lú amháin nó dhó, go háirithe Mhic Innéirí,[34] i gContae Luimnigh le roinnt aoiseanna, mar thiarnaí faoi cheannas Iarlaí nua Deasmhumhan.
I measc teaghlach tábhachtach nár tháinig slán as cogaidh Uí Bhriain, agus ina dhiaidh sin ionraí Mhic Gearailt, bhí Uí Chinnfhaolaidh, Uí Fhlannabhra, Uí Threasaigh, Uí Chléireacháin agus Uí Rinn. Scaip na clanna seo ar fud na Mumhan.
Bhí comhaontas déanta idir Uí Fiodhghinte agus Uí Íomhair cúig ghlúin roimh mharú Donnabháin sa bhliain 977, agus bhí ainmneacha Danmhargacha ag Uí Dhonnabháin fad tar éis bás Amhlaoibhe (Olaf) Uí Dhonnabháin sa bhliain 1201. Agus iad ar an bhfoireann a chaill i mblianta deiridh na 10ú haoise, thit tionchar Uí Dhonnabháin i léig sna haoiseanna ina dhiaidh sin.
D'fhan croí Uí Chonaill Gabhra, faoin Uí Choiléain, ina dream cumhachtach sa Mhumhain le tamall fada fós. Deirtear i nAnnála Inis Faithlinn don bhliain 1177 go raibh "Táin bó i gceannas by Domhnaill Uí Dhonnchadha agus Coileán Ó Coileáin in aghaidh Machaire, agus thug siad leo go leor bó. Rinneadh síocháin i ndiaidh sin ag mac Mhic Cárthaigh agus Uí Bhriain".[35] Cuireann sé seo in iúl go raibh Uí Chonaill Gabhra i gceannas airm mhóir ag an am úd, agus nár chuir Mhic Gearailt an ruaig orthu go Corcaigh go dtí lár na 13ú haoise.
Maraíodh Coiléan agus go leor uaisle Uí Chonaill Gabhra i rith cath in éadan a battle with Domhnaill Mhic Cárthaigh sa bhliain 1189,[36] rud tubaisteach nár chuidigh leo in aghaidh ionsaí na Cambra-Normannach. Sa bhliain 1201, maraíodh Domhnall Mac Carthaigh i mbun ionradh a dhéanamh ar Uí Chairbre. Bliain ina dhiaidh sin, maraíodh an rí deireanach luaite sna hannála, Amlaíb Ua Donnubáin, ag William de Burgh agus mic Domhnaill Mhóir Uí Bhriain (AIF).
Contae an Chláir
[cuir in eagar | athraigh foinse]De bharr cheannas níos deireanaí an Dáil Chais i gContae an Chláir, tharla dó gur deacair é clanna Uí Fidgenti ann a aimsiú agus a aithint. Chaomhnaigh géag cumhacht Uí Chonaill Gabhra, darbh ainm Uí Chormaic, a gcuid féiniúlachta, óna bhfuil na hUí Aichir síolraithe, ach creidtear gur cuireadh clanna eile i measc an Dáil Chais, san áireamh b'fhéidir clanna Uí Dhéaghaidh agus Uí Choinn as Uí Fearmaic,[37] agus Mhic Conmara as Clann Choileáin.
Corca Laidhe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá fianaise ann go raibh gaol ar leith idir Uí Fiodhghinte agus an Chorca Laidhe agus a gcolanna ceathrair, na Dáirine, rud a gcuirfeadh in iúl saol polaitiúil na Mumhan roimh na hEoghanachta. Tá an fhianaise seo le fáil sna luath-ghinealaigh ó 550 go 1130 (mar shampla Rawlinson B 502[38]) agus iad tiomnaithe ag Seán Ó hAirt sa 19ú haois.[34]
Tugtar ginealach Uí Fiodhghinte (Uí Chonaill Gabhra) do chlann Uí Laoghaire,[39] cé go meastar go hiondúil gur de mhuintir na Corca Laidhe iad.
Tagairtí sna hAnnála
[cuir in eagar | athraigh foinse]Féach Annála Inis Faithlinn (AIF) agus Leabhar Mhic Cárthaigh (LMC).
# | Meán-Ghaeilge/Laidin | Nua-Ghaeilge |
---|---|---|
AIF I635.1 | Cath Cúile Óchtair eter h-Ú Fidginte & Aradu | Cath Cúil Óchtair idir UÍ Fhidgeinte agus Araid. |
AIF 649.2 | Mors Crundmaíl meic Aeda, rig h-Ua Fidginte. | Mors (bás) Crunnmaoil mhic Aodha, rí Uí Fiodhghinte. |
AIF 683.1 | Mors Donennai(ch), rig h-Ua Fidginte, & duineba[40] na macc. | Mors Donennaigh, rí Uí Fiodhghinte, agus bás na mac. [AU 683, 684]. |
AIF 732.1 | Mors Duib Indrecht m. Erca, ríg h-Ua Fidginte. | Mors Duibh Indreachta mac Earca, rí Uí Fiodhghinte. |
AIF 751.1 | Mors Duib dia Bairend meic Aeda Róin, rí h-Ua Fidgente. | Mors Duibh dá Bhairinn mhic Aodha Róin, rí Uí Fiodhghinte. |
AIF 762.2 | Mors Flaind m. Eirc, ríg h-Ua Fidginte. | Mors Fhlainn mhic Eirc, rí Uí Fiodhghinte. |
AIF I766.2 | Maidm for Mael Dúin mc. Aeda i m-Bregaib re n-Uíb Fidginte & re n-Araib Cliach, .i. Enboth Breg. | Maidhm ar Mael Dúin mac Aodha i mBreá le hUí Fiodhghinte agus Araid Cliach, i.e. Énboth Breg. |
AIF 774.4 | Mors Cind Foelad, ríg h-Ua Fidginte, ocus Rechtabra, ri Corcu Bascind. | Mors Chinn Fhaoladh, rí Uí Fiodhghinte, agus Reachtabhra, rí Chorca Bascinn. |
AIF 786.2 | Mors Scandlain m. Laind m. Eircc, ri h-Ua Fidginti. | Mors Scannláin mhic Fhlainn mhic Eirc, rí Uí Fiodhghinte. |
I834.8 | ? | Dúnadach mac Scannláin, rí Uí Fiodhghinte, won a battle against the heathens, in which many fell. |
I835.9 | ? | Death of Dúnadaigh mhic Scannláin, rí Uí Fiodhghinte. |
I846.5 | ? | Niall mac Cinn Fhaoladh, rí Uí Fiodhghinte, dies. |
I860.2 | ? | Aidh mac Dhuibh dá Bhairin, rí Uí Fiodhghinte, dies. |
I906.4 | ? | Ciarmac, rí Uí Fiodhghinte, dies. |
AIF 962.4 | Mors Scandlain h-ui Riacain, rí h-Ua Fidginte. | Mors Scannláin uí Riacáin, rí Uí Fiodhghinte. |
I972.3 | ? | The capture of Mathgamain son of Cennétig, king of Caisel. He was treacherously seized by Donnuban and handed over to the son of Bran in violation of the guarantee and despite the interdiction of the elders of Mumu, and he was put to death by Bran's son. |
974.0 | ? | Bás of Dhonnabhan mac Cathail, tiarna Uí Fiodhghinte. |
AIF 977.3 | Crech la Brian mc. Cennetich for h-U Fidginte coro la ar n-Gall and. | Féach ag Brian mac Cinnéide ar Uí Fiodhghinte, agus rinne sé ár Gall ann. |
I982.4 | ? | Uainide son of Dhonnabhán, king of Uí Chairpri, died. |
AIF 1177.3 | Coccad mór itir Tuadamain & Desamuin in hóc anno goro fássiged o Lumniuch co Corcaig & o Chlár Dairi Mór go Cnoc Brénain itir chill & túaith, go rancatar Í Mc. Caillai & U Liathain i n-iarthar h-Eren, & go rangatar Eoganacht Locha Léin go Férdrum i n-Uíb Echach, & go rangatar Chíarrigi Lúachra i Tuádamain, & go rangatar I Chonaill & Í Charbri go h-Eoganacht Locha Léin. | Cogadh mór idir Tuamhan agus and Deasmhumhan, agus scriosadh ó Luimneach go Corcaigh agus ó Chlár and o Chlár Doire Mór go Cnoc Bréanáin, idir chill agus tuath, agus tháinig Uí Mhic Caille Uí Liatháin i n-iarthar na hÉirinn, agus tháinig Eoghanacht Locha Léin go Féardroim in Uí Eochach, agus tháinig Ciarraí Luachra i dTuamhan, agus tháinig Uí Chonaill agus Uí Chairpri go hEoghanacht Locha Léin. |
LMC 1177.2 | Cogadh mór broke out between Domhnall Mór Ó Briain and Diarmaid Mór Mac Carthaigh, and they laid waste from Limerick to Cork, and from Clár Doire Mhóir and Waterford to Cnoc Bréanainn, both church and lay property. The Uí Mac Caille fled southwards across the Lee into Uí Eachach, the Eóghanacht Locha Léin fled to Féardhruim in Uí Eachach, the Ciarraighe Luahra into Thomond, the Uí Chairbre, the Uí Chonaill, and the Uí Dhonnabháin into Eóghanacht Locha Léin, and to the country around Mangarta. |
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaithe go príomhúil ar Rawlinson B 502:[41]
Dáire Cearba / Maine Munchaín | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fiach | Uí Liatháin | Uí Fiodhghinte | Uí Dedaid | Uí Duach Argetrois | |||||||||||||||||||||||||||||||||
Criomhthann mac Fiaigh | Moingfhionn | Eochaidh Moghmheán | Caireann | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Connachta | Uí Néill | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Begley, John, The Diocese of Limerick, Ancient and Medieval. Baile Átha Cliath: Browne & Nolan. 1906.
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
- Coogan, Tim Pat, Michael Collins: The Man Who Made Ireland. Palgrave Macmillan. 2002.
- Cormac mac Cuilennáin, agus John O'Donovan (aistr.), Whitley Stokes (eag.), Sanas Cormaic, nó Cormac's Glossary. Irish Archaeological and Celtic Society. Calcutta: O. T. Cutter. 1868.
- Cusack, Sister Mary Frances, Life of Daniel O'Connell, the Liberator : His Times – Political, Social, and Religious. Nua-Eabhrac: D. & J. Sadlier & Co. 1872.
- FitzPatrick, Elizabeth, Royal Inauguration in Gaelic Ireland c. 1100–1600: A Cultural Landscape Study. Boydell Press. 2004.
- Gógan, Liam S., The Ardagh Chalice. Baile Átha Cliath. 1932.
- Joyce, Patrick Weston, A Social History of Ancient Ireland, Iml. I agus A Social History of Ancient Ireland, Iml. II. Longmans, Green, and Co. 1903.
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn; le David Comyn agus Patrick S. Dinneen (aistr.), The History of Ireland by Geoffrey Keating. 4 Iml. Londain: David Nutt for the Irish Texts Society. 1902–14.
- Kelleher, John V., "The Rise of the Dál Cais", in Étienne Rynne (eag.), North Munster Studies: Essays in Commemoration of Monsignor Michael Moloney. Limerick: Thomond Archaeological Society. 1967, ll. 230–41.
- Mac Néill, Eoin, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
- Mac Spealáin, Gearóid, Uí Cairbre Aobhdha. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair. 1960.
- Mac Spealáin, Gearóid, Ui Conaill Gabhra i gContae Luimnigh: A Stair (A History of West County Limerick). Luimneach: Comhar-chumann Ide Naofa. 2004.
- Meyer, Kuno (eag. & aistr.), "The Expulsion of the Dessi", in Y Cymmrodor 14. 1901, ll. 101-35. (le fáil fosta ar here)
- — (ed.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für Celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912. Pages 291–338.
- — (ed. & tr.), "The Song of Créde daughter of Guaire", in Ériu 2 (1905), ll. 15–17.
- Murphy, Gerard (eag.), "The Lament of Créide, Daughter of Gúaire of Aidne, for Dínertach, Son of Gúaire of the Ui Fhidgente", in Gerard Murphy (eag.), Early Irish Lyrics: Eighth to Twelfth Century. Oxford: Clarendon Press. 1956, ll. 86–88. Aitheanta fosta marIt é saigte gona súain (cf. Donnchadh Ó Corráin 1996)
- Ó Coileáin, Seán, "Some Problems of Story and History", in Ériu 32 (1981), ll. 115–36.
- O'Connell, Mary Ann Bianconi, The Last Colonel of the Irish Brigade: Count O'Connell. Londain: Kegan Paul, Trench, Trübner and Co. 1892.
- Ó Corráin, Donnchadh (eag.), Genealogies from Rawlinson B 502. University College, Cork: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001, ll. 1–52.
- Ó Cróinín, Dáibhí (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Vol. 1. Oxford University Press. 2005.
- O'Donovan, John (eag. & aistr.), Annala Rioghachta Eireann. Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, from the Earliest Period to the Year 1616. 7 nIml. Acadamh Ríoga na hÉireann. Baile Átha Cliath. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- O'Hart, John, Irish Pedigrees. Baile Átha Cliath. 5ú heagrán, 1892.
- O'Keeffe, Eugene (eag. & aistr.), Eoganacht Genealogies from the Book of Munster. Corcaigh. 1703. (le fáil anseo)
- O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
- Rynne, Etienne (eag.), North Munster Studies: Essays in Commemoration of Monsignor Michael Moloney. Luimneach. 1967.
- Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
- —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
- Stokes, Whitley (eag. & aistr.), The Tripartite Life of Patrick. London: Eyre and Spottiswoode for Her Majesty's Stationery Office. 1887.
- Todd, James Henthorn (eag. & aistr.), Cogadh Gaedhel re Gallaibh: The War of the Gaedhil with the Gaill. Longmans. 1867.
- Westropp, Thomas Johnson, "A Survey of the Ancient Churches in the County of Limerick", in Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Imleabhar XXV, Cuid C (Archaeology, Linguistic, and Literature). Baile Átha Cliath. 1904–1905, ll. 327–480, Plátaí X-XVIII.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Territory of Thomond discusses the extent of the Kingdom of Uí Fidgenti
- Tuadmumu has maps and convenient Uí Fidgenti-related genealogies
- Tribes & Territories of Mumhan
- Tracys of the Eóganachta features a very detailed genealogy of the Uí Fidgenti, compiled and translated from numerous primary and secondary sources
- South Irish R1b
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Aguisín le hAnnála na gCeithre Máistrí, eag. by John O'Donovan, lch. 2434
- ↑ O'Donovan 1856
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Begley
- ↑ Mac Spealáin 1960
- ↑ Mac Spealáin 2004
- ↑ MacCarthaigs Book, 1177.2
- ↑ eag. Meyer 1901
- ↑ An Leabhar Muimhneach
- ↑ O'Hart, ll. 183–85
- ↑ Cusack, lch. 6 ff
- ↑ Coogan, ll. 5–6
- ↑ O'Hart
- ↑ Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 5–6. Palgrave Macmillan.
- ↑ Byrne, passim; Charles-Edwards, passim
- ↑ Westropp, Ancient Churches in Co. Limerick, ll. 332-333
- ↑ Lewis, Topographical Dictionary, faoin ainm Mahonagh
- ↑ "Genealogical Memoir of the O'Donovans, formerly Kings of Ui Fidgheinte", C. L. Nono & Son, Printers and Stationers Inis, Co. an Chláir, Éire 1902
- ↑ Stokes 1887, ll. 202–5
- ↑ Byrne 2001, lch. 243
- ↑ Ó Coileáin 1981, lch. 133
- ↑ FitzPatrick
- ↑ lch. 123
- ↑ Begley, 1906
- ↑ name="Begley 1906"
- ↑ Joyce 1903, iml. II, ll. 101–2
- ↑ [1] ar logainm.ie
- ↑ FitzPatrick 2004, ll. 131–2
- ↑ Gógan, 1932
- ↑ Begley, 1906
- ↑ Aguisín le hAnnála na gCeithre Máistrí, eag. John O'Donovan, lch. 2432
- ↑ Meyer, 1901
- ↑ Byrne 2001, lch. 178
- ↑ Todd, 1867
- ↑ 34.0 34.1 34.2 O'Hart, 1892
- ↑ Annála Inis Faithlinn 1177.4
- ↑ Annála Inis Faithlinn 1189.3
- ↑ The Kingdom of Thomond le Dennis Walsh
- ↑ féach Ó Corráin (eag.), 1997
- ↑ O'Leary of Uí Fidgenti (Ó hAirt, 1892)
- ↑ duineba, básmhaireacht, ar eDIL
- ↑ Ó Corráin (eag.), 1997, lch. 195 (176)