Uí Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Uí Laoghaire

Meastar gur tháinig tiarnaí Uí Laoghaire ó dhúchas as ceantar Ros Ó gCairbre, ach inniu gaolta le paróiste Uibh Laoghaire i gContae Chorcaí[1][2][3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rianaíonn a chlann a ginealach siar go dtí Lugaid mac Con, rí ársa na Teamhrach agus Ardrí na hÉireann, agus shroicheadar Dháire Doimthí. Feictear i Leabhar Mór Leacáin (A.D. 1397-A.D. 1418) iad mar thaoisigh dhúchasacha Chorca Laidhe i dtuath Rois, le teaghlaigh ann:[4]

Tuath Ruis .i. Tuath in Dolaich, o Loch in Bricin co Faid Ruis, o Thraig Long co Sid na Fear (i) Find. O Leagaire a taisach duchusa. Is iad so an oclaid duchusa .i. O Ruaidri, O Lonan, O Laidid, O Torpa, O hUrmoltaich, O Mirin, O Meic Dairic, O Tuaraide, O Trena, O hUainidi, O Cerdin

Insítear i nAnnála Inis Faithlinn as Áth Cliath gur éag Naomh Fachtna sa bhliain 600 in:[5]

Corca Laidhe-I-Laeghaire Ruis".

Sa 12ú haois, bhí Uí Laoghaire ina maoir ó oidhreacht ar mhainistir Fachtna agus ar an scoil ard-léinn, Scoil Rois. Ó shin i leith, cuireadh an ruaig ar an gclann ó thuaidh, agus lonnaigh siad raibh ó dheas de Mhaigh Chromtha thart ar Inse Geimhleach ar An Laoi, darb ainm anois Uibh Laoghaire.

An lá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ach fíor bheagán ar an eolas fúithi le roinnt haoiseanna go dtí an 16ú haois, nuair thángadar ar an bhfód sách saibhir, cé faoi ghéillsine Mhic Cárthaigh Mhúscraí, a bhronn Slat na ríghe orthu.[6] Ní raibh an i dTiarna Mhúscraí ach iad féin agus Mhic Mhathúna mar ruílsigh.[7] Thóg siad roinnt caisleán, ach níl ach fós ach Caisleán Charraig na Cora.

Sheas Amhlaoibh Ó Laoghaire ó thús báire le hAodh Ó Néill, 2a hIarla Thír Eoghain i gCogadh na Naoi mBliana (Éire), i dteannta le William Bourke (Clanricarde) agus eile others. Eisreachtaíodh tiarnaí Uí Laoghaire agus briseadh a gcuid críoch suas, ach níor tharla tada i ngeall ar scoite na dtailte, agus d'fhanadar slán ann go dtí coigistiú Cromwell na cianta níos deireanaí. Rinne Donnchadh Mac Cárthaigh, 1d Iarla Chlann Chárthaigh a dhícheall tacú a thabhairt don chlann trí léasú.[8] Le linn Chogadh an Dá Rí, scaipeadh an chlann níos mó.

Mar chomhartha a gcuid saibhris agus cumhachta i lár na 16ú haoise, deirtear go raibh Ó Laoghaire éigin as Carraig na Cora [9] ina athair altrama Dhomhnaill na gCraicne, sinsear Uí Dhonnabháin Uí Dhonnabháin Chlann Cathaill. Phós a iníon Ellen le Domhnall, agus bhí mac acu, Domhnall II.

Bhí Domhnall mac Airt Ó Laoghaire (1575–1657) ina thiarna deireanach Uí Laoghaire den ord Gaelach.

Peadar Ua Laoghaire, mórphearsa na litríochta Gaeilge.

De shliocht ghéag na clainne as Carraig na Cora ba ea an scríbhneoir Gaeilge mór le rá Peadar Ua Laoghaire.[10]

Uí Laoghaire Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear an t-ainm fosta i ngéag na nEoghanacht, Cineál Laoghaire.[11] Is deacair é ginealaigh an dá chlann Uí Laoghaire, idir Corca Laidhe in iarthuaisceart Chorcaí agus Eoghanacht ar na gaobhair i gCiarraí, a rianú.

Níl cuan Dhún Laoghaire, gar de Bhaile Átha Cliath, gaolta le hUíbh Laoghaire, ach ina ionad sin ainmnithe as Laoghaire mac Néill, Ardrí de chuid na 5ú haoise.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Míleata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Reiligiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Polaitíocht agus dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iriseoireacht agus gníomhaíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Áiteanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Annála Inis Faithlinn as Áth Cliath
  2. Seán Ó Donnabháin, eag. 'The Genealogy of Corca Laidhe', in Miscellany of the Celtic Society. Baile Átha Cliath. 1849. (scan eile)
  3. Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
  4. Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993
  5. Seán Ó Donnabháin
  6. Ó Murchadha, lch. 208
  7. Diarmuid Ó Murchadha, Family Names of County Cork. Corcaigh: The Collins Press. 2a heagrán, 1996, ll. 206 ff
  8. Ó Murchadha, lch. 211
  9. Ní fios a ghéag, b'fhéidir ceann eile ná mar a tháinig i seilbh ann níos déanaí.
  10. Ó Murchadha, lch. 214
  11. Cork History and Society, P. O'Flanagan, C. Buttimer, eag. Geography Publications, Baile Átha Cliath 1993, lch. 63