Ríthe na Teamhrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teideal údaráis in Éirinn ársa ba ea Rí na Teamhrach, le nasc láidir leis an ionad seandálaíochta ag Cnoc na Teamhrach. Tháinig an teideal chun cinn sa 9ú agus 10ú haoiseanna.

Measadh gur chéim údaráis oirirc é an teideal i miotaseolaíocht na nGael agus i litríocht Ghaelach mheánaoiseach, cé nach raibh rí náisiúnta le fírinne ann in Éirinn sa ré luath úd, ag léiriú a barrshamhail mhiotasach agus réamhstairiúil de ríogacht diaga.

Bhíodh an teideal Rí na Teamhrach san am céanna ag mórán Ríthe Éireann, cé go raibh na teidil úd éagsúil agus neamhghaolmhar le linn coda móire de stair na hÉireann. Níos deireanaí, d'úsáidí an teideal ag iad a mhaígh go raibh ceart acu air, chun an Ard-Ríogacht a éilimh. Roimhe seo, is amhlaidh go n-úsáideadh craobha éagsúla Uí Néill chun ardcheannas thar a muintir agus a bhflaithelis a mhíomh.

Is é seo a leanas liosta na ríthe ar a tugadh an teideal, nó a chreidtear ar a tugadh, sna hannála Gaelacha. Is éiginnte iad ainmneacha agus dátaí na luath-ríthe agus go minic amhrasach. D'fhéadfadh é gur dhéphearsana ar a chéile iad roinnt acu, agus gurbh fhicseanúil iad roinnt pearsana comhchodacha eile. Is amhlaidh fosta go bhfuil roinnt acu sannta don mhuintir réamhstairiúil mícheart.

Ríthe seanscéalach na Teamhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhstairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí

  1. Ba bhall den chlann chéanna sna foinsí ab ea an cúigear rithe a leanas, ach tugtar leaganacha éagsúla dá mbunúis. Gabhadh iad chuig ginealaigh meánaoiseacha an Dáil Choinn (Connachta agus Uí Néill), ach de ghnáth tá siad tarraingthe isteach sna hÉarainn agus na hUlaid.
  2. Is amhlaidh gur roinn na dreamanna seo ina gclanna sách éagsúla, agus gur lonnaigh siad go forleathan feadh stráice fada talaimh ó chúige Mumhan go cúige Uladh agus trasna na farraige go hiardheisceart na Alban, gan lárionad soiléir imirce.
  3. Tá roinnt déphearsana ag ríthe na nÉarann agus na nDáirine ar fud miotais agus staire Ghaelaí. D'fhéadfadh nach bhfuil ach déphearsana ansin ag Conaire, ach is amhlaidh go raibh níos mó ag Dáire agus Lugaid.
  4. Níl scoláirí ar aon intinn ar tháinig na Laigin roimh nó i ndiaidh na nÉarann. Creidtear gur tháinig siad agus a ngaoil na Gailióin agus na Fir Domnann go hÉirinn ón Bhreatain nó an Ghall agus gur lonnaigh siad i gcúige Laighean, agus sall leo as sin go Connacht agus áiteanna eile. Insítear is amhlaidh i luath-seanscéalta faoi chogaidh ársa idir an dís le haghaidh ceannais ar Theamhair, Breá agus Lár na tíre. In am trátha, chaillfidís a gceannas ar Theamhair, le teacht chun cinn mhuintir Uí Néill.
  5. De réir scoláirí, is é an Dál Cuinn ná sinsir Choinn Chéadchathaigh agus a sliocht síos go hhEochaidh Moghmheáin, ina dhiaidh d,imigh siad ina chéile ina gConnachta agus clann Uí Néill. Ní fios go cruinn a mbunúis, ach b'fhéidir is ionann iad agus na Fianna, agus/nó na Connachta le fáil sa Rúraíocht. Chreid T. F. O'Rahilly gur thug suas an Ghaeilge leo ón mór-roinn go hÉirinn, i ré réamhstairiúil sách déanach, ach ní mholtar sin inniu. Tháinig suas i gceannas i gcúige Chonnacht iomlán, agus chuaigh siad as sin amach go dtí iarthair chúige Uladh agus Lár na tíre isteach, agus bhídís i gceannas i Teamhraigh le roinnt aoiseanna. Feictear scaití 'Connachta' in ionad 'Dál Cuinn'.
  6. Mac Fearadaigh Fhinnfeachtnaigh a measadh, agus athair father of Tuathail Teachtmhair a dúradh. Ní féidir fíornasc idir na an dá mhuintir a léiriú (seachas sna ginealaigh meánaoiseacha).

Réamhstairiúil déanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe luathstairiúil na Teamhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe stairiúla na Teamhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Annála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Áed Oirdnide, The Peerage