Eochaid Mugmedón
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 haois |
Bás | Teamhair |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Céile | Mongfind Caireann Chasdubh |
Páiste | Ailill mac Echach Mugmedóin ( Mongfind) Niall Noígíallach ( Caireann Chasdubh) Fiachra ( Mongfind) Brión mac Echach Muigmedóin ( Mongfind) |
Athair | Muiredach Tirech |
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Eochaidh Muighmheadón (Sean-Ghaeilge Eochaid Mugmedón), atá cáil aige mar athair Néill Naoighiallaigh agus sinsear chlann Uí Néill agus na gConnachta.
Ní luaitear é i liosta ríthe na Teamhrach i mBaile Chuinn Chétchathaig, ach faightear é i Leabhar Gabhála na hÉireann, Annála na hÉireann, Foras Feasa ar Éirinn agus na Sioncronachtaí Laud.
De réir Leabhar Gabhála na hÉireann[1], mac an iar-Ard-Rí, Muireadhach Tíreach, ab ea Eochaidh. Maraíodh Muireadhach ag Cáelbad mac Croinn Bhradruí, rí Uladh, ach bhí Cáelbad i réim ach ar feadh aon bhliain amháin sular mharaigh Eochaidh é agus tháinig i gcoróin. D'éiligh sé bóramha na Laighean gan chath. De réir Céitinne ámh, cloíodh é sa Chath Cruachan Claonta ag rí na Laighean, Énnae Cennsalach.[2]
Bhí Eochaidh i réim ar feadh seacht nó ocht mbliana, sula bhfuair sé bás de thinneas ag Teamhraigh. Tháinig deartháir Mhongfionn Crimthann mac Fidaig, rí na Mumhan, i gcomharbacht air.
Teaghlach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa seanscéal "Eachtraí Mhic Eochada Mhuighmheadoin",[3] insítear go raibh beirt bhan aige: Mongfhionn, iníon Fidach, a rug ceathrar mac leis, Brión, Ailill, Fiachra agus Fearghas; agus Caireann Chasdubh, iníon Sachell Balb, rí na Sacsanach, a thug a mhac iad cáiliúla ar an dáil, Niall.
Deirtear gurbh fhuath le Mongfionn Caireann, agus chuir sí iachall uirthi a leanbh a fhágaint amuigh, ach tarrtháladh agus tógadh é ag Torna, file. Agus é fásta, d'fhill Niall go Teamhraigh agus d'fhuascail sé a máthair ó dhaoirse Mhongfionn.
Is amhlaidh gur phearsa osnádúrtha í Mongfionn ar dtús. Sa sága Anbhás Chriomthainn mhic Fhiadhaigh, deirtear gur Féile Mhongfhionn a ghlaoití go minic ar fhéile na Samhna, agus deirtí paidreacha di ar Oíche Shamhna.[4] Cé gur dochreidte é go raibh céile Sachsanach ag Eochaidh, molann T. F. O'Rahilly go bhfuil an t-ainm Caireann fréamhaithe ó Carina na Laidine, agus gur inchreidthe gur Rómán-Briotanach í.[5] Go deimhin, deir Céitinn nár Sachsanach ach "iníon rí na Breataine" í.[6]
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Foras Feasa ar Éirinn: 344–351
- Annála na gCeithre Máistrí: 357–365.[7]
- Daniel P. McCarthy, bunaithe ar Irish annals: bás 362.[8]
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Conn Cétchathach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Art mac Cuinn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cormac mac Airt | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fíachu Sroiptine | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muiredach Tirech | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Mongfind | Eochaid Mugmedon | Cairenn | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Brion | Fíachra | Ailill | Níall Noígíallach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Conall Gulban | Enda | Eógan | Coirpre | Lóegaire | Maine | Conall | Crimthann | Fíachu | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muirdeach | Cormac Caech | Lughaidh | Fergus Cerrbel (bás 507) | Ardgal | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Muirchertach mac Ercae (bás 536) | Tuathal Maelgarb (bás 544) | Diarmait mac Cerbaill (bás 565) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uí Néill an tuaiscirt | Uí Néill an deiscirt | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Na Connachta: Brion, Fíachra agus Ailill.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ R. A. Stewart MacAlister (eag. & aistr.), Leabhar Gabhála na hÉireann Cuid V, Irish Texts Society, 1956, ll. 345-347
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.47
- ↑ Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", Ancient Irish Tales, 1936, ll. 508–513
- ↑ "The Death of Crimthann son of Fidach"
- ↑ T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, 1946, Chapter 12
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.48
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M357-365
- ↑ Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
Réamhtheachtaí Cáelbad |
Ard-Rí na hÉireann ACM 357–365 FFÉ 344–351 |
Comharba Crimthann mac Fidaig |