Conghal Caoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Congal Cáech)
Jump to navigation Jump to search

Rí na gCruithne den Dál nAraidi ba ea Congal Caoch (Sean-Ghaeilge Congal Cáech[1]), ó c. 626 go 637. Bhí sé ina rí na nUladh ó 627 go 637. De réir roinnt foinsí, Ard-Rí na hÉireann ba ea é fosta.

Bunúis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seanstair na hÉireann lán d'ainmneacha daoine, a bhfuil beag fíoras ar eolas fúthu ach a sinsearacht, agus dáta agus caoi a mbáis. Ní caomhnaítear sinsearacht Chonghaile in aon luathfhoinse, ach de réir ábhair nua dearanaí, ba ea Scandal Sciathleathan a athair agus Fiachna mac Baotáin a sheanathair.[2]

Sna 6ú agus 7th haoiseanna, príomhbhall chónaidhm na gCruithne ba ea an Dál nAraide,[3] agus an príomhrítheaghlach na Uí Chaolbhadh bunaithe ar Mhaigh Line, taobh thoir de bhaile Aontroma. D'fhéadfadh é nár bhall den ghéag seo é Conghal agus dá bharr nárbh é Fiachna a sheanathair.[4]

Sa scéal Fled Dúin na nGéd, garmhac Eochach Bhuí, Rí an Dáil Riada, is ea Conghal, rud nach ndearbhaítear i bhfoinsí eile. Cé gur inchreidte é seo ó thaobh chroineolaíochta de, tá iomrall aimsire ann óir go bhfuair Eochaidh bás blianta roimh Chath Mhaigh Rath. B'fhéidir é mar sin gur mhac é Conghal de dheirfiúr Domhnaill Bhric, chomhghuaillí Eochach.[5][6]

Rí Ulad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meastar gur tháinig Conghal i gcoróin mar rí Dhál nAraidi sa bhliain 626, tar éis bhás Fhiachna mhic Bhaotáin, ach ní dócha go ndearnadh rí na Ulad go dtí bás Fhiachna mhic Dheamáin sa bhliain 627. Feictear é sin chéad uair sna hannála don bhliain 628, nuair a mharaigh sé Suibhne Meann den Chineál Eoghain, Ard-Rí na hÉireann mar dhea, ag Trá Bhréan ar bhruach Loch Súilí.[7][8][9] Rinne an mharú seo a leas agus a ainleas do Conghal. D'éirigh sé a bhuí leis ina rí na nUlad, ach tháinig cinn fosta a neimisis, Domhnall mac Aodha den Chineál Chonaill. Bhí sé ina scliúchas idir Domhnall agus Suibhne níos luaite sa bhliain sin, agus d'fhéadfadh é go raibh Domhnall agus Conghal ag troid as lámh a chéile.[10]

De réir an scéil Fled Dúin na nGéd, athair altrama Conghaile ba ea Domhnall. Insítear sa scéal céanna ámh gur fhulaing Conghal tarcaisne ag an bhfleadh, a d'iompaigh é is dócha in éadan Domhnaill. Sa bhliain 629, chloígh Domhnall Conghal ag Cath Dhún Ceithirn (gar de Chúil Raithin).[11][12][13][14][15]

Sa bhliain 629, is amhlaidh gur chloígh an Dál nAraidi an Dál Riada ag Fid Eóin. Maraíodh rí Dhál Riada Connadh Cearr ann. Insítear ámh gurbh é the Maél Caích mac Scandail an buaiteoir (deartháir eile Chongaile, anaithnid seachas sin, atá i gceist b'fhéidir).[16][17][18][19] Maraíodh fosta beirt gharmhic Aodháin mhic Gabhráin, agus an deoraí as Bernicia, Osric (mac Æthelfrith b'fhéidir).

D'fhéadfadh é gur chuir Conghal círín an Dáil Araí ar aghaidh chuig Maol Caích tar éis dó a ceapadh ina rí Ulad. Cuireadh i gcoinne Mhaoil ag Cruithne eile faoi cheannas Dícula mhic Echach, a bhí ball desna Latharna, treibh eile den Dál nAraidi.[20][21]

Rí Theamhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé tar eís na bliana 629 is dócha a rinne Conghal a bid ar ríogacht na Teamhrach. Bhain comhghuaillthe Chongaile, Clann Cholmáin, roinnt caithréimeanna sa Laighin sa Mhí idir na blianta 633–634. D'fhéadfadh é go raibh Conghal ina Ard-Rí ag an am céanna.[22] B'fhéidir fosta gur thug Conghal tacaíocht do Chineál Mhic Earca ina achrann le Cineál Fearadaigh, géag den Chineál Eoghain[23]

De réir an dréacht dlí ársa ar beachaireacht, Bechbretha, scríofa lastigh de ghlúin amháin tar éis bhás Chonghaile, fuair sé a leasainm tar éis dó bheith dallta ag beacha a bhí le Domhnall mac Aodha. De bharr seo, dar leis an scéal, cuireadh as ríogacht na Teamhrach é, óir nach raibh sé gan ainimh. Insítear sa scéal Cath Maige Rath, ag lorg Bechbretha, gur mhaígh fir na nUlad mar chúiteamh súil ar shúil. D'fhéadfadh é gur bholscaireacht in aghaidh Chonghaile a bhí ann sna dréachtaí úd, agus naimhdeas roimhe ón Dál Fiatach agus príomhchlann an Dáil Araí, Uí Chóelbad.[24] Níl Conghal le fáil mar Ard-rí in aon ríliosta eile níos dearanaí.

Sa tréimhse 635–636, is dóigh gur bhain comhghuaillthe Dhomhnaill mhic Aodha an lámh in uachtar ar chomhghuaillthe got the better of Chonghaile. Sa bhliain 635, chloígh Síol Aodha Sláine (comhghuaillthe Dhomhnaill) Clann Cholmáin (comhghuaillthe Chonghaile). B'fhéidir go raibh naimhdeas ag Domhnall fosta roimh Uí Chóelbad.[4] Sa bhliain 636, maraíodh rí Ailigh den Chineál Fearadaigh, ach in ainneoin sin níor éirigh le Cineál mhic Earca, comhghuaillthe Chonghaile, an dream úd a dhíbirt.

Maigh Rath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Domhnall mac Aodha i gceannas sna blianta i ndiaidh 636. Faoi dheireadh sa bhliain 637, thug Congal, i dteannta le Domhnall Breac, a dúshlán é i gCath Maige Rátha. Bhuaigh Domhnall mac Aodha agus maraíodh Congal cloíte. Insítear scéal an chatha seo in Buile Shuibhne agus sa téacs darb ainm Cath Maige Rátha.

Clú agus cáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Congal mar phríomhphearsa sa scéal Fled Dúin na nGéd, agus fosta sa scéal Cath Maige Rátha (luaite thuas).

Scríobh an file Éireannach Sir Samuel Ferguson dán laochais fada ar Chongal, bunaithe go garbh ar Fleadh Dhúin na nGéad, faoin teideal Congal: A Poem in Five Books (1907).

Annála agus scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teoranta iad na foinsí le haghaidh shaol agus ré Chonghaile, agus scríobhadh iad fad tar éis a bháis. Creidtear go bhfuil ábhair dá thréimhse, le fáil anois sna hannála Éireann atá ar marthain, bunaithe go formhór ar annála a caomhnaíodh ar Oileán Í, suíomh na mainistreach bunaithe ag Naomh Colm Cille i lár na 6ú haoise. Ní chaomhnaítear na hannála seo ach i gcóipeanna níos déanaí. Meastar go bhfuil Annála Uladh agus Annála Tiarnaigh na cinn is iontaofa. Ní fheictear Conghal in Vita sancti Columbae le Adhamhnán, luathfhoinse stair na hÉireann, ach feictear roinnt dá chomhaoisigh agus tugtar ann comhthéacs le haghaidh imeachtaí a shaoil. Luaitear é sa leabhrán an Fhéineachais, Bechbretha (beachbhreithe, maidir le beachaireacht) scríofa go déanach sa 7ú haois, a chuireann leasainmneacha Chongail in iúl.

Feictear Conghal fosta i n-ábhair níos dearanaí agus níos lú iontaofa, amhail is rannta agus scéalta san áireamh Cath Maige Rátha agus Fled Dúin na nGéd, a théann siar go dtí an ré Mheán-Ghaeilge, 'sé sin na 10ú go 12ú haoiseanna. Is frithráiteach na ginealaigh ina fheictear Conghal.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Congal Cláen freisin
  2. Byrne, Tábla 7
  3. Byrne, lch. 109
  4. 4.0 4.1 Charles-Edwards, lch. 60
  5. Bannerman, Studies, ll. 95–96
  6. O Donovan, Banquet, ll. 44–45. Insítear sa scéal fosta gur iarr Congal cabhair ó "rí na Fraince", agus luaitear ann triúr deartháireacha Domhnaill Bhric, anaithnid seachas sin: Congal Menn, Áed agus Suibne. Ní fheictear iad i Senchus Fer n-Alban, and agus meastar gur cumadóireachtaí fileata iad uile,
  7. Annála Uladh, AU 628.
  8. Annála Tiarnaigh, AT 630.3
  9. Mac Niocaill, lch. 95
  10. Mac Niocaill, lch. 95
  11. AU 629.2
  12. AT 631.3
  13. Mac Niocaill, lch. 95
  14. Byrne, lch. 112
  15. Ó Cróinín, lch. 50
  16. AU 629.1
  17. AT 631.1
  18. Mac Niocaill, lch. 95
  19. Byrne, lch. 109
  20. Mac Niocaill, lch. 95
  21. Byrne, lch. 109
  22. Charles-Edwards, lch. 498
  23. Charles-Edwards, lch. 495
  24. Charles-Edwards, ll. 60, 497–498


Teimpléad:Ulaid