Aodhán mac Gabhráin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dháil Riada ó c. 574 go dtí c. 609 ba ea Aodhán mac Gabhráin (Sean-Ghaeilge Áedán mac Gabráin). Bhí an ríocht seo lonnaithe in Earra-Gháidheal in iarthar na hAlban, agus i gcuid de Chontae Aontroma an lae inniu in Éirinn. De réir na nginealach, ba mhac an rí Gabrán mac Domangairt é.

Íomhá satailíte de thuaisceart na Breataine agus na hÉireann, le ríocht Dhál Riata léirithe go garbh (scáthaithe)

Bhí Aodhán ar chomhaois le Colm Cille, agus insítear cuid mhaith dá shaol agus gairm i naomhsheanchas amhail is Beatha Cholm Chille le Adhamhnán. Feictear é fosta i scéalta agus dánta Sean- agus Meán-Ghaeilge, roinnt acu anois caillte.

Faightear i nannála Éireann iontrála maidir le feachtais Aodhán in éadan a chomharsana, i nÉirinn agus i dtuaisceart na Breataine, ina measca turais go dtí Inse Orc, Oileán Mhanann agus cósta thoir na hAlban. Mar a deir Bede, buadh glan ar Aodhán ag Æthelfrith Bernicia i gCath Dheagsastan (c. 603). D'fhéadfadh é gur cuireadh Aodhán as coróin, nó gur éirigh sé as, i ndeireadh an chliste seo. Rinneadh taifead ar a bhás i bhfoinse amháin mar 17ú Aibreán 609.

Annála agus scéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gaelach[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc foinsí le haghaidh saol Aodháin, tá:

Ní comhaoiseach iad na foinsí úd agus Aodhán féin, agus ní fíorstair iad sa bharr. Bhí Adhamhnán ag scríobh go déanach sa 7ú haois, chun cothrom céad bliain bás Colm Cille a cheiliúradh, is dóigh. Faightear ann ábhar as beathaisnéis níos luaite ach anois caillte, De virtutibus sancti Columbae le Cumméne Find, a scríobhadh b'fhéidir chomh luath is an bhliain 640. Scríobh Bede a shaothair staire tríocha bliain tar éis Adhamhnáin. Caomhnaítear sna hannála Éireannacha atá ar marthain, ábhair ó chroinic a coimeádadh ar Oileán Í, ó lár na 7ú haoise ar aghaidh.[1][2][3]

Faightear sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, a théann siar go dtí c. 1130, scéal darb ainm Gein Branduib maic Echach ocus Aedáin maic Gabráin. Sa scéal úd, is leathchúpla é Aodhán de Bhrandubh mac Eachach, Rí Laighean Uí Chinnsealaigh. Rinneadh Aodhán a malartú ag a bheith ar leathchúpla deirféar Gabhráin, a rugadh ar an oíche chéanna, ionad go raibh mac ag gach clann. De réir an dáin Fáistine Bhearcháin furasta, tá gaol idir Aodhán agus na Laighin.

Bhí John Bannerman den tuairim nach raibh aon fhianaise ann ar aon na nósanna úd.[4] Mhol Francis John Byrne gur scríobhadh an scéal ag file de chuid cúirt Dhiarmada mhic Mhaoil na mBó, sliochtach Bhranduibh den 11ú haois, scrios chun comhaontas a bhuanú idir Diarmaid Maol Colm mac Donnchadha ("Malcolm III") na hAlban, a mhaígh gur de shliocht Aodháin é.[5][6]

Faightear scéal caillte, Echtra Áedáin mac Gabráin, i liosta saothar, ach ní fios a ábhar.[7] Is pearsa e Aodhán san eipic Scéla Cano meic Gartnáin, ach is dóigh é gurbh i lár na 7ú haoise a tharla na himeachtaí a spreag an scéal.[8][9] Feictear é fosta sa scéal Coimpeart Mhongáin.[10]

Breatnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear Aodhán fosta i roinnt foinsí Breathnaigh, agus é ar an mbeagán daoine nach Briotanaigh iad sa nós sin.[11] Glaoitear Aedan Bradawc air as Breatnais, le ciall "bradach" nó "fealltach". D'fhéadfadh é gur thuill sé a leasainm tar éis chliseadh chomhaontais le Rhydderch Hael, rí Alt Clut. Cuimhnítear namhaideas eatarthu sna Tréanna Breathnacha agus saothair eile.[12]

Insítear i dTré eile gurbh ar cheann de "Trí Bhuíon Dhílis Oileán na Breataine", ag dul ar muir ar son a dTiarna.[13][14] B'fhéidir gur lua é seo d'Aodhán ar fheachtas mara, amhail is chuig Inse OrcOileán Mhanann.[15]

Tugtar roinnt saothair Bhreatnacha ginealach Briotanach i dtaobh Aodháin. De réir Bonedd Gwŷr y Gogledd, de shliocht Dyfnwal Hen é, cé gur mearaithe é an ginealach (tugtar Gauran mar mhac in ionad athar).[16] Mhaíonn De Situ Brecheniauc agus Cognacio Brychan gurbh í a mháthair í Luan iníon Brychan as Brycheiniog.[11] Cé gur mearaithe agus amhrasach iad na ginealaigh seo, is suntasach é an dlúthnasc idir Aodhán agus na Breatnaigh a ndíríonn siad aird air.[17]

Comharsana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ard-rí an Dáil Riada ba ea Aodhán.

Ní chaomhnaítear sonraí maidir le fo-ranna polaitiúla an Dáil Riada le linn ré Aodháin. Sa Seanchas Fear Alban, faightear sonraí don 7ú agus 8ú haoiseanna, nuair a bhí an Dál Riada roinnte ina thrí, faoi cheannas clainne ainmnithe as a bunaitheoir eapainmneach, mar a bhí:

Ainmnítear freisin fo-ranna nó treibheanna níos lú sa Seanchas.[18][19] Ní chomh soiléir iad sonraí maidir leis an gcuid Ghaelach den ríocht.

Ba iad comharsana an Dáil Riada ná na Cruithnigh lastoir, agus ó dheas Yr Hen Ogledd (An Seantuaisceart), na críocha Briotainicé suite i n deisceart Ísealchríocha Alban agus dtuaisceart na Sasana mar atá inniu ann. Ba é Alt Clut (níos dearanaí Srath Chluaidh agus Cumbria), an ríocht is cumhachtaí sa cheantar. Agus Aodhán sean, tháinig an ríocht Angla-Sacsanach Bernicia chun cinn sa cheantari gceannas i dtuaisceart na Breataine.[20]

In Éirinn, ba bhall é an Dál Riada den Ulaid, faoi cheannas Bhaotáin mhic Cairill den Dál Fiatach. Ba iad treibheanna easaontaithe na gCruithne, aitheanta níos dearanaí mar an Dál nAraidi, an mórdhream eile ann. Ba é Fiachna mac Baotáin a rí is tábhachtaí le linn saol Aodháin.

Lasmuigh de ríocht na nUlad, agus go formhór ina n-éadan, fuarthas roinnt ríochtaí agus treibheanna de mhuintir Uí Néill agus a gcomhghuaillithe. Ba é Aodh mac Ainmuireach den Chineál Chonaill, col cúigear Cholm Cille, a rí is tábhachtaí le linn saol Aodháin.[21][22]

Réimse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lorg coise (replica[23]) a d'úsáidtí in insealbhuithe ríthe, Dùn Ad

Daichead bliain d'aois a bhí Aodhán nuair a tháinig sé i gcoróin sa bhliain 574 tar éis bás a uncail, Conall mac Comgaill.[24] D'fhéadfadh é go ndeachthas in iomaíocht le haghaidh na ríogachta. Deir Adhamhnán gur thug Colm Cille tacaíocht d'Eoghanán, dheartháir Aodháin.[25] Sa deireadh, deir Adhamhnán gur oirnigh Colm Cille Aodhán, don chéad uair riamh a tharla a leithéid i nÉirinn nó sa Bhreatain.[26][27][28][29]

Sa bhliain 574, in éineacht leis an iontráil ag taifeadadh bás Chonaill, insítear i nAnnála Tiarnaigh gur tharla cath i gCinn Tíre, ar a glaoitear Cath Delgon,[30] agus inar thit "Dúnchad mac of Conaill mhic Comhghaill agus mórán eile de chomhghuaillithe mac Ghabhráin."[31][32][33]

Don bhliain 575 i nAnnála Uladh, tuairiscítear gur eagraíodh "Magna contio Droma Ceta, in qua erant Colum Cille ocus Aedh mc. Ainmirech" (Aodh mac Ainmireach), gar de Léim an Mhadaidh.[34] De réir Adhamhnáin, bhí Aodhán i láthair ag an tionól.[35] Ní fios go cruinn céard a bhí cuspóir an tionóil, rinne Aodhán agus Aodh comhaontú go serve cabhlach Dhál Riada ríocht Uí Néill, ach nach n-íocfar cáin, agus nach soláthrófaí gaiscígh ach as tailte Dhál Riada i nÉirinn.[36][37][38][39]

Meastar go ndearnadh an comhaontú seo de bharr na bagartha a chuir Baotán mac Cairill ar Aodhán agus ar Artist fosta. Deirtear gur chuir Baotán iachall ar rí Dhál Riada urraim a thabhairt dó, ag Ros na Rí ar Oileán Mhic Aodha. Moltar gurbh é Aodhán an rí faoi thrácht, agus insítear i bhfoinsí Uladh gur ghlac Baotán cáin ón Albain.[40][41][42][43] Tar éis bás Bhaotáin sa bhliain 581, thréig na hUlaid Oileán Mhanann of Man, fada le linn réimse in Bhaotáin, an ruaig curtha orthu b'fhéidir ag Aodháin, a bhí ann ag tríd a deirtear sa bhliain 583.[44][45][46] Níos luaite, c. 580, deirtear go ndéana Aodhán ruathar ar Inse Orc, a bhí tráth amháin faoi cheannas Bridei mac Maelchon, Rí na gCruithneach.[47][48][49]

Meascadh scaití feachtais Aodháin ar Oileán Mhanann le cath in éadan na Miathi luaite ag Adhamhnán. Is dócha gurbh na Maeatae iad na Miathi úd i ndáiríre, treibh lonnaithe ar bhruach uachtar na hAbhann Duibhe. D'éirigh le hAodán san fheachtas seo, ach de réir Adhamhnán, maraíodh mic Aodháin, Artúr agus Eochaidh Fionn i mbun chatha.[50][51] Tharla an cath seo b'fhéidir sa bhliain c. 590, taifeadadh mar Chath Leithreid.[52][53]

Insítear in Fáistine Bhearcháin faoi Aodhán: "[Troidfidh sé] ar feadh trí bhliana déag (bliain ar bhliain) in éadan agus na gCruithneach (fionn an mionn)." Tharla is dóigh an t-aon chath amháin idir Aodháin agus na Cruithnigh ag Circinn, sa bhliain 599 nó ina diaidh, inár cloíodh Aodhán. Insítear sna hannála gur maraíodh a mhic anseo.[54] Moltar gur meascadh an cath seo le "Cath Asreth", a troideadh i gCircinn c. 584, agus inar maraíodh Bridei. Deirtear gur troideadh an cath "idir na Cruithnigh féin".[55]

Tá roinnt nósanna Breatnacha ann a chuireann in iúl go raibh cogadh idir Aodhán agus Rí Rhydderch Hael, Alt Clut. Molann Hector Munro Chadwick agus staraithe ina dhiaidh go raibh comhaontas eatarthu ar dtús.[12] Deir Adhamhnán gur chuir Rhydderch manach darbh ainm Luigbe go dtí Oileán Í chun a d'fhiafraigh de Cholm Cille "an maródh a naimhde é nó nach maródh". Tá Tré Breathnach ann a deir go ndearna Aodháin creach ar Alt Clut, ar cheann den "trí chreach doshrianta ar an mBreatain". Sa dán Peiryan Vaban, insítear faoi chath idir Aodhán agus Rhydderch.[56][57] Meastar de ghnáth go n-insíonn an eipic Ghaeilge, Orgain Sratha Cluada, scéal maidir le ruathar ar Alt Clut sa bhliain 870 ag Lochlannaigh, ach molann MacQuarrie go luann sé b'fhéidir ruathar a rinne Aodhán ar Rhydderch.[58]

Degsastan agus ina dhiaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Æthelfrith, rí Bernicia, an ruaig ar Aodhán ag Cath Degsastan. Ní fios fós cén áit go díreach a bhí an cath, ach de réir Bede, bhí sé laistigh de Northumbria

Maidir le chúis na coimhlinte, deir Bede ach amháin go raibh imní ar Aodhán roimh ghluaiseacht chun tosaigh Æthelfrith. Mar thoradh an chatha, dar le Bede, "as sin amach, ní raibh de mhisneach ag aon rí Gaelach sa Bhreatain dul i ngleic leis na Sacsanaigh." Cé gur bhuaigh sé, buaileadh go dona ar Æthelfrita, óir gur maraíodh a dheartháir Theodbald i dteannta lena bhuíon. I bhfoinsí Éireannacha, is dóigh go nglaoitear Eanfrith ar Theodbald, agus deirtear go raibh Máel Umai mac Báetáin, mac an ard-rí Báetán mac Ninnedo, a mharfóir.

Insítear sa dán Gaeilge Coimpeart Mhongáin gur thug rí Uladh Fiachna mac Baotáin den Dál nAraidi, cabhair d'Aodhán in aghaidh na Sacsanach, b'fhéidir ag Degsastan. Sa Chroinic Angla-Sacsanach, deirtear go raibh Hering, mac rí Hussa Bernicia, i láthair ann, is amhlaidh ag troid ar son Aodháin.[59][60][61][62][63]

Is amhlaidh go raibh cathanna eile idir Aodhán agus na Bernicigh roimh Degsastan. Déanann Adhamhnán teacht ar bhás a mhic, Domhanghart, i Sasana, agus meastar go bhfuair Bran bás sa chath céanna.[64][65]

Tar éis na cliste ag Degsastan, ní fheictear Aodhán go dtí a bhás sé bhliana níos dearanaí, b'fhéidir ar 17ú Aibreán 609, mar a deirtear i Féilire Thamhlachta scríofa c. 800. Deirtear i nAnnála Tiarnaigh go raibh sé 74 bliain d'aois.[66][67] Deirtear in Fáistine Bhearcháin go bhfaighfeadh sé bás i gCinn Tíre agus nach mbeadh sé ina rí ag uair a bháis, agus maíonn Acta Sancti Lasriani den 12ú haois gur cuireadh an ruaig agus as an ríogacht. Chreid John of Fordun agus é ag scríobh sa 14ú haois gur adhlacadh Aodhán ag Ceann Loch Chille Chiarain i gCinn Tíre.[68]

Teaghlach agus clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir Adhamhnán, Seanchas Fear Alban agus annála Éireann, mac Gabráin mhic Dhomhanghairt (bás c. 555–560) ba ea Aodháin. Déanann Adhamhnán tagairt ar Eoghanán deartháir Aodháin, a fuair bás sa bhliain c. 597.[69][70] Faightear sa Seanchas triúr mac Gabhráin eile Cuildeach, Domhnall agus Domhanghart.[71][72] Níl tada ar eolas faoi nó Cuildeach nó Domhanghart nó a gcuid clann. Cé go ndéanann Adomnán trácht ar Ioan éigin mac Conaill mhic Dhomhnaill, "ball de rítheaghlach Cineál Gabráin",[73] ach meastar go gciallaíonn seo ach amháin gur bhall den chineál é, agus nárbh ionann a sheanathair agus deartháir Aodháin.[74][75]

Tháinig Eochaidh Buí mac Aodháin i gcomharbacht ar a athair. Déanann Adhamhnán cur síos ar thairngreacht Cholm Cille, go bhfaigheadh deartháireacha níos sine Eochach (ainmnithe mar Artúr, Eochaid Find agus Domangart) bás roimh an-athair.[76] Ainmnítear i Seanchas Fear Alban mic eile Aodháin mar Eochaid Find, Tuathal, Bran, Baithéne, Conaing agus Gartnait.[77][78][79] De réir Adhamhnáin, bhí beirt mhac eile ann, Artúr (mac Chonainge sa Seanchas) agus Domangart (b'fhéidir mac Chonainge fosta). De shliocht Eochach Bhuí ba ea formhór ríthe Cineáil Ghabhráin, trína mac Domnall Brecc, ach d'éirigh sliochtaigh Chonainge ina ríthe chomh maith ar feadh na 7ú haoise agus fosta san 8ú haois.[80][81][82]

Moladh gurbh ionann Gartnait mac Aodháin agus Gartnait mac Domelch, rí na gCruithneach, a deirtear go bhfuair sé bás sa bhliain 601. Bunaithe ar máthairlíneachas na gCruithneach is é an smaoineamh seo, ámh. Moladh níos amhrasaí fós gur gharmhac Ghartnait é a chomharba mar rí na gCruithneach Nechtan, agus dá bharr fionnó Aodháin.[83][84][85][86][87]

Níl a lán ar eolas faoi iníonacha Aodháin. Phós Maithgemm (freisin Gemma) prionsa an Dáil Fhiatach darbh ainm Caireall. Níl trácht ar ainmneacha mhná chéile Aodháin, ach deirtear gur Bhriotanach duine ansin acu, agus d'fhéadfadh é gur bhean Chruithneach darb ainm Domelch í dúinne eile acu, más fíor é gurbh ionann Gartnait mac Domelch agus Gartnait mac Aodháin.[88] Luaitear iníon darb ainm Concheann i roinnt scéalta déanacha.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Adomnán (1995). "Life of St Columba". Londain: Penguin. 
  • Anderson, Alan Orr (1990). "Early Sources of Scottish History A.D 500–1286" I. Stamford: Paul Watkins. 
  • Anderson, M. O. (1980). "Kings and Kingship in Early Scotland". Dún Éadain: Scottish Academic Press. 
  • Bannerman, John (1974). "Studies in the History of Dalriada". Dún Éadain: Scottish Academic Press. 
  • Bede (1990). "Ecclesiastical History of the English People". Londain: Penguin. 
  • Bromwich, Rachel (2006). "Trioedd Ynys Prydein: The Triads of the Island of Britain". University of Wales Press. 
  • Broun, Dauvit (2001). "The Oxford Companion to Scottish History". Oxford: Oxford University Press. 
  • Byrne, Francis John (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 862–898. Oxford: Oxford University Press. 
  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. 
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • Fraser, James E. (2009). "From Caledonia to Pictland: Scotland to 795" 1. Dún Éadain: Edinburgh University Press. 
  • Jones, Bedwyr L. (1990). "Gwriad's Heritage: Links Between Wales and the Isle of Man in the Early Middle Ages". Transactions of the Honourable Society of Cymmrodorion: 29–44. ISSN 0959-3632. 
  • Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland: 400–1200". Londain: Longman. 
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005). "Prehistoric and Early Ireland" I: 182–234. Oxford: Oxford University Press. 
  • Kirby, D. P. (1991). "The Earliest English Kings". Londain: Unwin. 
  • MacQuarrie, Alan (1997). "The Saints of Scotland: Essays in Scottish Church History AD 450–1093". Dún Éadain: John Donald. 
  • Smyth, Alfred P. (1984). "Warlords and Holy Men: Scotland AD 80–1000". Dún Éadain: Edinburgh UP. 
  • Woolf, Alex (1998). "Pictish matriliny reconsidered". The Innes Review 49 (2): 147–167. doi:10.3366/inr.1998.49.2.147. ISSN 0020-157X. 
  • Yorke, Barbara (2006). "The Conversion of Britain: Religion, Politics and Society in Britain, c.600–800". Londain: Longman. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hughes
  2. Bannerman
  3. Fraser
  4. Bannerman, ll. 89–90
  5. Byrne, "Ireland and her neighbours", lch. 897
  6. Fraser, lch. 296: go minic ba ea toradh comhaontais é aimsiú gaoil ghinealaigh.
  7. MacQuarrie, lch. 109. Le fáil in "Scéla: Catalogue of medieval Irish narratives & literary enumerations".
  8. M.O. Anderson, ll. 154–155
  9. MacQuarrie, ll. 167–170, "rómáns bréag-stairiúil".
  10. Wiley, Dan M. (2004), The Cycles of the Kings, "Compert Mongáin" "[https://web.archive.org/web/20081006233519/http://www.hastings.edu/academic/english/Kings/Compert_Mongain.html Compert Mongáin date = 6ú Deireadh Fómhair 2008]".
  11. 11.0 11.1 Bromwich, lch. 272.
  12. 12.0 12.1 Bromwich, ll. 272, 494.
  13. Bromwich, ll. 62-65, Cé go flips an tré seo this triad, maraon le Bonedd Gwŷr y Gogledd, ainmneacha an athar agus an mhic mar Gauran map Aedan. , Ar lch. 64, molann Bromwich gur lua d'Aodhán l agus ní dá athair atá ann.
  14. Jones, lch. 39.
  15. Bromwich, ll. 64, 273.
  16. Bromwich, ll. 256–257
  17. Bromwich, ll. 272–273.
  18. Bannerman, ll. 47–49 Asus 108–118
  19. Charles-Edwards, ll. 296–297.
  20. Féach mar shampla, Yorke, ll. 33–97, le haghaidh chur síos ar stair thuaisceart na Breataine
  21. Féach mar shampla, Byrne, Irish kings, ll. 106ff.
  22. Charles-Edwards, ll. 54–67, 293–299, & ll. 481ff.
  23. Revealed: carved footprint marking Scotland's birth is a replica, The Herald, 22ú Meán Fómhair 2007.
  24. Bannerman, lch. 81.
  25. Adomnán, III, 5.
  26. Adomnán, III, 5
  27. Broun
  28. Byrne, Irish kings, lch. 159
  29. Yorke, lch. 241.
  30. AT 574.1
  31. Bannerman, ll. 81–82
  32. Anderson, ESSH, ll. 78–79
  33. Molann M.O. Anderson, lch. 149, go raibh Baotán mac Cairill an namhaid sa chath seo.
  34. Anderson, ESSH, lch. 79. Níltear ar aon tuairim faoi dáta Dhroim Ceat. Molann Sharpe, i bhfo-nóta 204, dáta i bhfad níos déanaí, c. 590. Aontaíonn Meckler le Sharpe ("The Annals of Ulster and the date of the meeting at Druim Cett", Peritia, iml. 11, 1997) ach ceistíonn Jaski ("Druim Cett revisited", Peritia, iml. 12, 1998) an tuairim. De réir Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 491, tharla an cruinniú been "roinnt blianta tar éis" 575.
  35. Adomnán, I, 48.
  36. Anderson, ESSH, lch. 83, note 2
  37. M.O. Anderson, ll. 148–149
  38. Bannerman, ll. 1–2
  39. Byrne, Irish kings, lch. 110.
  40. Anderson, ESSH, ll. 87–88
  41. Bannerman, ll. 2–4
  42. Byrne, Irish kings, ll. 109–111
  43. Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, ll. 50–51.
  44. Anderson, ESSH, lch. 89
  45. Bannerman, ll. 83–84
  46. Ó Cróinín, ll. 50–51.
  47. Adomnán, II, 42
  48. Anderson, ESSH, lch. 86
  49. Bannerman, ll. 79 & 83.
  50. Adomnán, I, 8–9
  51. Bannerman, ll. 82–83. Bannerman, ll. 90–91, Artúr mac Conainge mhic Aodháin sa Seanchas.
  52. Anderson, ESSH, lch. 94
  53. Bannerman, ll. 84–85, 91.
  54. Bannerman, ll. 84–86.
  55. Feictear Cath Asreth, don bhliain 752 i nAnnála Tiarnaigh, is dóigh an dáta mícheart curtha air. Féach M.O. Anderson, ll. 30–31 & 36–37.
  56. Adomnán, I, 15
  57. Bannerman, ll. 88–89.
  58. MacQuarrie, lch. 109.
  59. Bede, I, 34
  60. Bannerman, ll. 86–88
  61. Byrne, Irish kings, lch. 111
  62. Kirby, ll. 70–72
  63. MacQuarrie, ll. 103–104. Tugann MacQuarrie faoi ndeara rinne neamhréireanna téacs sna foinsí Éireannacha, agus molann sé nach ionann "Cath na Sacsanach" agus "Cath Degsastan" le Bede.
  64. Adomnán, I, 9
  65. Bannerman, ll. 85, 91–92.
  66. Bannerman, ll. 80–81
  67. Fraser, Caledonia to Pictland, lch. 141.
  68. Bannerman, ll. 80–81, 86–87.
  69. Adomnán, III, 5; Anderson, ESSH, lch. 118
  70. Bannerman, lch. 90.
  71. Anderson, ESSH, lch. cl
  72. Bannerman, lch. 48.
  73. Adomnán, II, 22.
  74. Adomnán, II, 22
  75. Bannerman, lch. 107.
  76. Adomnán, I, 9.
  77. The name Conaing implies a familiarity with Anglo-Saxons and their language as it is derived from Old English cyning, king
  78. Byrne, Irish kings, ll. 111–112.
  79. The appearance of two sons named Eochaid is not an error, as noted by Charles-Edwards, lch. 6.
  80. Adomnán, I, 9
  81. Anderson, ESSH, ll. 95–96
  82. Bannerman, ll. 47–49, 90–96, 103.
  83. Anderson, ESSH, ll. 121–123, 145
  84. Bannerman, ll. 93–94
  85. Smyth, lch. 70.
  86. Le haghaidh máthairlíneachas na gCruithneach, féach Woolf
  87. Is amhrasach é gurb ionann Nechtan rí Cruithneach agus Nechtan mac Cano: féach M.O. Anderson, ll. 116 & 154; MacQuarrie, ll. 167–170.
  88. Bannerman, ll. 88–89.


Roimh
Conall mac Comgaill
Rí an Dáil Riada
574–c.608
Tar Éis
Eochaid Buide

Teimpléad:Ríthe an Dáil Riada