Brandub mac Echach
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 haois |
Bás | 605 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Chinnsealaigh |
Athair | Echu mac Muiredaig |
Rí Uí Chinnsealaigh agus rí na Laigean ba ea Brandub mac Echach (bás 605). Echu mac Muiredaig, iar-rí, ba ea a athair. Ba bhaill iad den ghéag darbh ainm Uí Felmeda, de shliocht Fheilimí mhic Énnae Cennsalach. Rinneadh ríthe Uí Chinnsealaigh dá mhac Aonghas, garmhac Muireadach agus fionnó Eacha, uile.[1]
Dar leis an Leabhar Laighneach, tháinig Brandub i gcomharbacht ar Aodh Cearr mac Colmáin Mhóir (bás 595) Uí Dhúnlainge mar rí Laigean, ach i ndáiríre, ba é Áed Dibchine mac Seanaigh Uí Mháil a bhí i gceist. Tugtar réimeas 10 mbliana do sa Leabhar úd.
Sága breithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faightear an dán Gein Branduib maic Echach ocus Aedáin maic Gabráin sa lámhscríbhinn Rawlinson B 502, a théann siar go c. 1130. Insítear sa dán gur chuir Faoláin mac Síoláin (a réamhtheachtaí mar rí Uí Chinnsealaigh) an ruaig ar Eacha as Laigin amach, agus gur tháinig sé go dtí Dál Riada ag cúirt Gabrán. Rugadh ann Brandubh agus a leathchúpla Áedán le hEacha, agus, ar an oíche cheannann chéanna, cúpla cailín le Gabrán. Rinneadh Aodhán agus cailín acu a mhalartú ansin, ionas go raibh mac ag gach clann. Rinne Aodhán in am trátha éileamh ar ríogacht na hÉireann agus d'ionsaigh sé na Laigin.[2]
Ní féidir ach barúil a thabhairt ar cumadh an scéal nó an raibh sé bunaithe ar gaol altramais idir Brandubh agus Aodhán.
Cosaint na Laighean
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feictear Brandubh don chéad uair sna hannála sa bhliain 590 mar bhuaiteoir ag Cath Magh Ochtair (Cluain Conaire, Cill Dara) in éadan Ui Néil.[3][4]
Sa bhliain 598, chloígh Brandubh Ardrí na hÉireann Uí Néill, Áed mac Ainmuirech de Cenél Conaill ag Cath Dhún Bolg (Dún Buaice, Contae Chill Mhantáin) inar maraíodh an tArdrí, agus cuireadh cosc ar shíneadh theas Uí Néill.[5][6] Insítear sna hannála agus sa sága Bóramha Laighean gur tharla an cath agus Cummascach mac Aodha maraithe ag Brandubh sa bhliain 597 ag Dún Buchat.[7][8]
Bhí cabhair ag Brandubh ó Naomh Aodhán Fhearna (bás 632), a rinne iarracht sos cogaidh a shocrú leis an Ardrí. Bheartaigh Aodhán seift ansin chun gaiscígh Bhranduibh a sciobadh i gcampa an namhad isteach, i bhfolach i gciseáin bhia. Insítear fosta gur throid na hUlaid ar son na Laigean, agus gur mharaigh rí na nOiriall ag troid ar son an Ardrí.[9] Bronnadh Fearna ar Aodhán tar éis an chatha mar bhuíochas.
De réir dánta níos deireanaí sa Leabhar Laighneach, a luann a "seacht mbuille in aghaidh Bhreá", b'fhéidir é go bhfuair sé ar ais tailte Uí Néill i lár na tíre.[10] Luaitear seo furasta sna hannála don bhliain 599.[11] Cé gur bhaill de ghéag eile iad, thug ríthe Uí Chinnsealaigh níos deireanaí, amhail is Diarmaid mac Maoil na mBó agus a gharmhac Diarmaid mac Murchadha, rath Bhranduibh chugat féin.[12]
Sa bhliain 605, cloíodh Brandubh ag an Ardrí Áed Uaridnach de Cenél nEógain ag Cath Slaebre. Mharaigh é ansin ag a dheartháir chéile, Sarán Saebderc.[13][14]
Muintir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá mhuintir ann a rianaíonn a sinsearacht ó Bhrandubh: Fir Thulach (Contae na hIarmhí), faoi cheannas Chlann Cholmáin níos deireanaí, agus Uí Felmeda (Contae Cheatharlach).[15]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh
- Annála Tiarnaigh
- Leabhar Laighneach, Rig Lagen
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 10
- ↑ Dan M.Wiley, Birth of Brandub Curtha i gcartlann 2008-05-07 ar an Wayback Machine, The Cycles of the Kings
- ↑ Annála Uladh, AU 590.3
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 588.3
- ↑ AU 598.2
- ↑ AT 596.2
- ↑ AU 597.1
- ↑ AT 595.1
- ↑ Dan M.Wiley Boroma, The Cycles of the Kings (archive link)
- ↑ Byrne, lch. 142
- ↑ AT 599.1
- ↑ Byrne, lch. 143
- ↑ AU 605.1, 605.2
- ↑ AT 603.2, 603.3
- ↑ Byrne, ll. 142–143