Echu mac Muiredaig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEchu mac Muiredaig
Teaghlach
PáisteBrandubh mac Eachach Cuir in eagar ar Wikidata

Uí Chinnsealaigh de mhuintir Uí Fheilimí ba ea Eacha mac Muireadaigh (Sean-Ghaeilge Echu mac Muiredaig) (fl. lár na 6ú haoise). Muiredach mac Óengusa ba ea a athair agus Óengus mac Feidlimid a sheanathair, ríthe Ui Chinnsealaigh beirt. De shliocht Fheilimí mhic Éanna Cinnsealaigh iad uile.[1]

Feictear Eacha sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach, ach níl aon trácht ar Eacha sna hannála. Sa dán den 11ú déag, Gein Branduib maic Echach ocus Aedáin maic Gabráin, deirtear gur dhíbir a dheartháir Faolán é agus go ndeachaigh sé ar deoraíocht go cúirt rí an Dáil Riada san Albain, Gabrán mac Domangairt. Feictear rí darbh ainm Faolán mac Síoláin sna ríliostaí, de shliocht Criomhthainn mac Éanna (bás 483). Tháinig Eachtra ar ais mar rí ach ní deirtear cén chaoi.

Insítear ansin sa dán gur rugadh dhá chúpla ar an oíche chéanna, beirt mhac do bhean chéile Eachach, Feidelm, agus beirt iníonacha do bhean chéile Ghabhráin. Thoiligh Eacha agus Feidelm mac amháin acu a chur ar altramas, ionad go raibh mac ag gach clann. Brandub mac Echach (bás 603) agus Áedán mac Gabráin ba ea na buachaillí. Scríobhadh an dán le linn ré comhoibrithe idir na Laigin agus an Alba, agus b'fhéidir é go raibh bolscaireacht a bhí i gceist. Dhéanfadh rí Laigean de Bhrandubh in am trátha agus chuirfeadh sé cosc ar shíneadh Uí Néill an deiscirt

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Table 10