Diarmaid mac Maoil na mBó
Diarmaid mac Maoil na mBó | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Fearna, |
Bás | 7 Feabhra 1072 |
Muintir | |
Athair | Donnchad mac Diarmata, 'Máel na mBó' |
Máthair | Aife |
Céile/Céilí | Dearbforgail (?) |
Páistí | liosta iomláin
|
Treibh | Uí Chinnsealaigh |
Gairm | |
Gairm | monarc |
Rí Laighean agus Ardrí na hÉireann (go bhfreasúra[1]) ba ea Diarmaid mac Maoil na mBó (Meán-Ghaeilge Diarmait mac Máel na mBó, nó Diarmait mac Maíl na mBó) (bás 7ú Feabhra 1072).[2][3] Ar dhuine desna ríthe is tábhachtaí agus suntasaí ba ea é in Éirinn roimh theacht na Normannach. Bhí tionchar aige thar lear sna hInse Ghall, Oileán Mhanainn, an Bhreatain, agus chomh fada le Sasana fiú.
Uí Chinnsealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]
Uí Chinnsealaigh ba ea muintir Dhiarmada, as oirdheisceart na Laigean thart ar Fearna. Donnchadh mac Diarmada ba ea a athair, aitheanta faoina bhua-ainm, Maol na mBó, agus dá bharr ainm athartha Dhiarmada. Crimthann mac Énnai, rí Laigean a fuair bás ag deireadh na 5ú haoise, ba ea luath-shinsear Dhiarmada, agus ríthe Uí Chinnsealaigh a shinsir ar na mallaibh, amhail a shin-seanathair, Domhnall mac Ceallaigh (bás 974). Aoife ní Ghiolla Phádraig mhic Dhonnchadha, rí Osraí ba ea a mháthair. Bhí ar a laghad duine eile sa chlann leis, deartháir darbh ainm Domhnall, a raibh a mac, Donnchadh mac Domhnaill Ramhar níos deireanaí ina rí na Laighean.[4]
Bhí ról lárnach ag Uí Chinnsealaigh in earlier times, ach briseadh a gcuid cumhachta ag Cath Átha Seanaigh sa bhliain 738. Bhí a gcéilí comhraic, Uí Dhúnlainge, suite i dtuaisceart na Laigean thart ar an Nás agus Cill Dara, i gceannas sa Laighean le tacú Chlann Cholmáin ríthe na Mí, as sin amach go dtí teacht chun cinn Bhriain Bóramha . Le meath chumhacht Chlann Cholmáin, agus cliseadh Uí Dúnlainge faoi cheannas Mhaoil Mhórdha mhic Mhurchadha ag Cath Chluain Tarbh sa bhliain 1014, athraíodh an tírdhreach polaitiúil arís ar son Uí Chinnsealaigh.[5][6]
Bailte Lochlannach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Nuair a tháinig na Lochlannaigh ar ais go hÉirinn sa luath-10ú haois, bhunaigh siad longfoirt nó baile nua. Mar ionadaí trádála agus déantúsaíochta, bhíodh cumhacht polaitiúil ag an té i gceannas iontu. Bhí leas ar leith ag ríthe na Laighean óir go raibh trí as cúig desna príomhbhailte le fáil in nó gar dá gcuid críoch: Loch Garman, Port Láirge agus Duibhlinn/Áth Cliath. Bhí an dá eile sa Mhumhain: Corcaigh agus Luimneach. San iarthar agus sa tuaisceart, ní raibh lonnaíocht tábhachtach ar bith le fáil.[7][8]
House of Godwin[cuir in eagar | athraigh foinse]
D'éalaigh mic an rí Harold Godwinson Sasana go hÉirinn tar éis Chath Hastings sa bhliain 1066, áit a chuir Diarmaid fáilte rompu. Sna blianta 1068 agus 1069, thug Diarmaid cabhlach Átha Cliath dóibh agus iad ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar Shasana. Sa bhliain 1068, bhronn Diarmaid bratach catha Harold ar rí Éireannach eile.[9]
Rí na Laigean[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rinne Diarmaid comhaontas le Niall mac Eochadha, rí na nUlad, rud a chuir bhrúigh ó dhá thaobh ar ríochtaí na Mí, Bhreá agus Duibhlinn/Áth Cliath, a bhí faoi cheannas an Ardrí.[10]
Sa bhliain 1042, bhí sé ar a chumas an teideal "rí na Laigean" a éileamh, agus d'insealbhaigh sé a mhac, Murchadh, mar Rí Áth Cliath. Thus, ruler of two of the most powerful and wealthy towns on the island, he was able to make a bid for the High-Kingship. Maraíodh é áfach le linn catha in éadan rí na Mí, Conchobar Ua Maelsechlainn, gar den Uaimh, Contae na Mí, ar an 7ú Feabhra 1072.[11]
Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
De réir Annála na gCeithre Máistrí don bhliain 1072, cloíodh Diarmaid ag Conchúr Ó Maelseachlainn, rí na Mí, agus baineadh a cheann de ag Cath Odhbha, Dé Máirt 7ú Feabhra. D'éag ina theannta go leor fir na Laigean agus gall, agus Giolla Phádraig Mac Fearghaile, rí na bhForthuath[11]
Tá clú ag Diarmaid mar sinsear Dhiarmada mhic Mhurchadha.[12][13]
Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Annála na gCeithre Máistrí, imleabhar 2, M903 - M1163
- Bracken, Damian. "Oxford Dictionary of National Biography". Mac Briain, Donnchad (d. 1064). Oxford University Press. Dáta rochtana: 6ú Márta 2008.
- Bracken, Damian. "Oxford Dictionary of National Biography". Ua Briain, Toirdelbach (1009–1086). Oxford University Press. Dáta rochtana: 6ú Mhárta 2008.
- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- Hudson, Benjamin. "Oxford Dictionary of National Biography". Diarmait mac Máel na mBó (d. 1072). Oxford University Press. Dáta rochtana: 6ú Mhárta 2008.
- Hudson, Benjamin (2005). "Viking Pirates and Christian Princes: Dynasty, Religion and Empire in the North Atlantic". Oxford: Oxford University Press.
- Ó Cróinín, Dáibhí (1995). "Early Medieval Ireland: 400–1200". Londain: Longman.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Life after Brian: the highkingship, History Ireland, imleabhar 22
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956. Pages 407 & 413
- ↑ Irish pedigrees; or, The origin and stem of the Irish nation (1892), le John O'Hart, - imleabhar: 1, lch.555; "No.110 Diarmuid; second son of Donoch Maol-na-mBo; was the 47th Christian King of Leinster, and the 177th Milesian Monarch of Ireland; was slain on the 23rd Feb., 1072, at Odhba, near Navan; m. Darbhforgal (d. 1080), grand-daughter of the Monarch Brian Boromha." Nasc Internet Archive
- ↑ Hudson, "Diarmait"; Byrne, Irish Kings, ll. 271–272 & 290.
- ↑ Byrne, Irish Kings, ll. 271–272 & 290
- ↑ Hudson, Viking Pirates, ll. 137–142
- ↑ DOC, EMI
- ↑ Hudson, VP
- ↑ Bartlett, Thomas; Jeffery, Keith (eag.), A Military History of Ireland, lch. 59, 1997, Cambridge University Press, ISBN 0521629896, 9780521629898, ar Google Books
- ↑ DOC, EMI, lch. 54.
- ↑ 11.0 11.1 Annála na gCeithre Máistrí, M1072.3
- ↑ Francis John Byrne, Irish Kings and High-Kings. lch. 290.
- ↑ Irish pedigrees, le John O'Hart, Imleabhar 1, ll. 555 & 556, nasc Internet Archive