Donnchadh mac Domhnaill Ramhair
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1089 (Féilire Ghréagóra) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Chinnsealaigh |
Duine muinteartha | Donnchad mac Diarmata, 'Máel na mBó' (seanathair) Diarmait mac Maíl na mBó (uncail) |
Rí na Laighean agus Átha Cliath ba ea Donnchadh mac Domhnaill Ramhair (Meán-Ghaeilge Donnchad mac Domnaill Remair (bás 1089).[1] Domnall Remar mac Máel na mBó ba ea a athair. Maraíodh Donnchadh sa bhliain 1089.
Sa bhliain 1071, insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur tharla achrann cathartha i measc Uí Chinnsealaigh, agus Donnchadh ag tríd in éadan a chol cúigear, Domhnall mac Murchadha mhic Diarmada.[2][3]
An bhliain dár gcionn, dtacú ndiaidh bhás uncail Dhonnchadha, Diarmaid mac Maoil na mBó, d'fhorghabh Toirdhealbhach Ua Briain na Laigin agus rinne ionsaí ar Áth Cliath. Ghabh sé mic Dhomhnaill Ramhair ann, Donnchad ina measc.[4] Más féidir Annála Inis Faithlinn a chreidiúint, bhronn na hÁth Cliathaigh a ríogacht ar Thoirdhealbhach.[5][6] Le tréimhse ghearr, is amhlaidh gur lig Toirdhealbhach Áth Cliath a bheith rialaithe ar a shon ag Gofraid mac Amlaíb meic Ragnaill. Sa bhliain 1075 ámh, chuir Toirdhealbhach an ruaig ar siúd, faoi dheireadh is faoi dheoidh. Cheap sé ansin Domhnall mar rí Átha Cliath, agus lig sé do Dhonnchadh bheith ina rí Laigean. Fuair Domhnall bás go gairid i ndiaidh sin ámh, agus chuir Toirdhealbhach a mac féin, Muirchertach, ina ionad.[7]
Ghlac Donnchadh seilbh ar Áth Cliath sa bhliain 1086 tar éis bhás Toirdhealbhaigh, agus bhí sé i réim idir ann agus Laigin go dtí an bhliain 1089. Sa bhliain 1087, rinne Muircheartach, rí Mhumhan anois, iarrachtaí Áth Cliath a fháil ar ais ar aon Uí Briain, agus bhuaigh sé ag Ráith Etair, raibh ó thuaidh den Life. Dhá bhliain i ndiaidh sin, d'éirigh leis smacht a ghabháil ar an mbaile;[8] insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur maraíodh Donnchadh ag rí Uí Fhailí, Conchobar Ua Conchobair Failge.[9][10] Ní raibh Muircheartach in ann a smacht a choinníoll ach le tamall gairid, óir gur ghéill sé é do Gofraid Crobán dhá bhliain níos déanaí.[8]
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Bradley, J (1988). "Settlement and Society in Medieval Ireland: Studies Presented to F.X. Martin": 49–78. Cill Chainnigh: Boethius Press.
- Duffy, S (1992). "Irishmen and Islesmen in the Kingdoms of Dublin and Man, 1052–1171". Ériu 43: 93–133. ISSN 0332-0758. JSTOR 30007421.
- Hudson, BT (2005). "Viking Pirates and Christian Princes: Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic". Oxford: Oxford University Press.
- Zumbuhl, M J (2005). "The Practice of Irish Kingship in the Central Middle Ages". University of Glasgow.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Bradley (1988), lch. 59.
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1071.12
- ↑ Duffy, lch. 101.
- ↑ Duffy (1992), lch. 101.
- ↑ Annála Inis Faithlinn, AI 1072.4
- ↑ Duffy (1992), lch. 101.
- ↑ Duffy, lch. 102.
- ↑ 8.0 8.1 Hudson (2005), lch. 178.
- ↑ ACM 1089.5
- ↑ Zumbuhl (2005), lch. 248.