Murchadh mac Diarmada
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Cúige Laighean |
Bás | 1070 (Féilire Ghréagóra) Baile Átha Cliath |
Áit adhlactha | Baile Átha Cliath |
Ríthe na Laighean | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Tréimhse ama | Glúin an 11ú aois |
Teaghlach | |
Páiste | Domnall mac Murchada meic Diarmata, Donnchadh mac Murchadha |
Athair | Diarmait mac Maíl na mBó agus Dearbforgail (?) |
Rí na Laigean, Átha Cliath, agus na nOileán de rítheaghlach Uí Chinnsealaigh ba ea Murchadh mac Diarmada (Meán-Ghaeilge Murchad mac Diarmata) (bás 1070). Diarmaid mac Maoil na mBó (bás 1072) ba ea a athair. Bhí triúr mac aige: Domhnall (bás 1075), Donnchadh (bás 1115), agus Éanna. Bunaitheoir eapainmneach chlann Mhic Murchadha is ea é, a ghlac an sloinne 'Mac Murchadha'.
I mí Iúil 1069, chuaigh Murchadh i gceannas arm i Ríocht na Mí isteach, "áit a loisc sé tuatha agus cealla".[1] Gortaíodh go dona é áfach ag Feichin cosantóir. Is amhlaidh gurbh iad na gortuithe seo, nó aimhréidheanna, ba chúis a bháis sa bhliain 1070 complications. Adhlacadh é i nÁth Cliath.
Seo a leanas tuairisc bhás Mhurchadha i nAnnála na gCeithre Máistrí:[2]
“ |
Murchadh, mac Diarmada, mic Maoil na m-Bó, tigherna Gall & Laighen fri láimh a athar, d'ég i n-Ath Cliath, dia domhnaigh lá feile Muire geimridh do shonnradh. |
” |
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála na gCeithre Máistrí, Iml 2, G100005B
- Francis John Bryne, "Irish Kings and High Kings", Baile Átha Cliath, 1973.
- Frederick Lewis Weis, Ancestral Roots of Certain American Colonists Who Came to America Before 1700, ll. 175.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1069.7
- ↑ ACM 1070.7