Murchadh mac Dúnlainge
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 1042 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe na Laighean | |
1039 – 1042 ← Donnchad mac Gilla Pátraic – Diarmait mac Maíl na mBó → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Mhuireadhaigh |
Athair | Dúnlaing mac Tuathail |
Siblín | Donnchuan mac Dúnlainge, Donnchadh mac Dúnlainge agus Augaire mac Dúnlainge |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Murchadh mac Dúnlainge (Meán-Ghaeilge Murchad mac Dúnlainge) (bás 1042). Ba bhall de chlann Uí Mhuireadhaigh é, agus an rí Laigean deireanach den chlann úd.[1]
Dúnlaing mac Tuathail ba ea athair Murchadha, a cheathrú mac a rinneadh Laighean de. Tháinig sé i gcoróin tar éis bhás Donnchadha mhic Giolla Phádraig. Dar leis an Leabhar Laighneach ní raibh ach réimeas aon bhliain aige.[2]
Sa bhliain 1042, cloíodh agus maraíodh eisean agus Donnchadh mac Aodha, rí Uí Bhairrche, le linn Cath Magh Mailceth ag rí Osraí, Giolla Pádraig mac Donnchadha, mac a réamhtheachtaí mar rí Laigean, a raibh comhaontas aige le Cuicoigriche Ua Mordha, rí Laois agus Mac Raith Ó Donnchadha, rí na nEoghanacht. D'éag féin sa chath Gilla Emhin Ua h-Anrothain, seigneur Uí Cremhtannai agus Eachdonn mac Dunlaig, tánaiste Laighean.[3][4].
Tháinig Diarmaid mac Maoil na mBó rí an chlann chomhraic Uí Chinnsealaigh, agus garmhac Dhonnchadha mhic Giolla Phádraig agus nia Giolla Phádraig mac Donnchadha, i gcomharbacht ar Mhurchadh. Bhí Donnchadh sa bhliain 1037 tar éis a chuid cumhachta a neartú agus ríocht Lochlannach Phort Láirge clóite aige. Leis seo, tháinig deireadh le ré na dtrí clann Uí Dhúnlainge mar ríthe na Laigean.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- "A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists" (2011): 134 & 200 Kings of Leinster to 1171.
- Byrne, Francis John (2001). "Irish Kings and High-Kings".
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 289, Tábla 9.
- ↑ Moody, et al., A New History of Ireland, ll. 134 & 200, 135 & 202
- ↑ Annála Uladh, AU 1042.5
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1042.9