Donnchadh mac Dúnlainge
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Bás | 1036 (Féilire Ghréagóra) |
| Ríthe na Laighean | |
| 1024 – 1033 ← Augaire mac Dúnlainge – Donnchad mac Gilla Pátraic → | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | monarc |
| Teaghlach | |
| Athair | Dúnlaing mac Tuathail |
| Siblín | Augaire mac Dúnlainge, Donnchuan mac Dúnlainge agus Murchadh mac Dúnlainge |
Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Donnchadh mac Dúnlainge (An Mheán-Ghaeilge: Donnchad mac Dúnlainge) (bás 1036). Ba bhall é de chlann Uí Mhuireadhaigh. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 1024 go dtí 1033.[1].
Dúnlaing mac Tuathail ba ea athair Dunchadha, a thríú mac. Tar éis dúnmharú a dhearthár, Augaire mac Dúnlainge, maraithe sa bhliain 1024 ag Donn Sléibhe mac Maoil Mhórdha, rí chlann chomhraic Uí Fhaoláin, mharaigh fir Uí Mhuireadhaigh an marfóir féin in éiric, agus tháinig Donnchadh i réim. Cé go n-insítear sa Leabhar Laighneach go raibh réimeas cúig bliana déag aige, ans, le fírinne chuir Donnchadh mac Giolla Phádraig, rí Osraí, as a choróin é sa bhliain 1033, agus tháinig mar rí Laigean ina ionad. Trí bliana i ndiaidh sin, dalladh agus maraíodh Donnchadh, ag Díseart Diarmada.[2][3][4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabhar Laighneach, Rig Laigin
- Oxford University Press, ed. (2011), A New History of Ireland IX Maps, Genealogies, Lists, Oxford, pp. 134 & 200 Kings of Leinster to 1171, ISBN 978-0-19-959306-4
{{citation}}: CS1 maint: location missing publisher (link) - Byrne, Francis John (2001), Four Courts Press (ed.), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath, ISBN 978-1-85182-196-9
{{citation}}: CS1 maint: location missing publisher (link)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Irish Kings and High-Kings, lch. 289, Tábla 9
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, 1036.11
- ↑ Annála Uladh, AU 1036.3
- ↑ Moody, et al., A New History of Ireland, ll. 134 & 200