Jump to content

Loígis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream na nUlad ba ea na Loígis (Nua-Ghaeilge Laois),[1] chomh maith le hainm na gcríoch in iarthar cúige Laighean inar lonnaigh an treibh sa 3ú haois AD, agus an tuath ina raibh taoisigh na Loígise i gceannas go dtí 1608. Tá Contae Laoise ainmnithe astu, cé go bhfuil barúntachtaí i gcontae an lae inniu nach raibh sna críocha stairiúla.

Ba bhall é an Loígis ó dhúchas den Dál Araidhe,[2] a bhí féin cuid desna Cruithne, agus dá bharr sa deireadh desna hUlaid.

Tá ainm an dreama fréamhaithe ón ainm a chéad taoisigh, Lughaidh Laoiseach (Lugaid Loígsech[3] nó Lughaidh Ceannmhór (Lugaid Cennmár).[4][5][6] De réir anailís amháin ón 19ú haois, is daoine éagsúla iad beirt, agus gurbh athair Lughaidhe Laoisigh é Laoiseach Ceannmhór.[7] Mac laoich cháiliúil na nUlad, Conall Cearnach, ab ea Laeighsech Ceannmhór. Tá gluais ann ón 12ú nó 13ú haois a deir gurb í brí an ainm ná lóeg secha, lao-seach.[4]

Cé gurbh as cúige Uladh an Loígis ó dhúchas, thóg Lugaidh Laoiseach a mhuintir leis go cúige Laighean ar achainí a athar altrama, Eochaidh Fionn Fuath Airt. Bhí Cuir Eochaid curtha ar deoraíocht ag a uncail, an t-Ard Rí, Art mac Cuinn. De réir foinse áirithe, rinneadh seo toisc gur thug sé faoi cheilt ceann daonna i dTeamhraigh isteach chun fleadh ríoga a thruailliú.[8] Deir scéal eile gur mharaigh Eochaid beirt deartháireacha Airt, mar atá Connla agus Crionna, ag fágaint a ndeartháir ina aonar, agus dá bharr a leasainm, Art Aonfhear.[9]

Beag beann ar chúis a dheoraíochta, thug Eochaidh a mhac altrama (dalta) Lugaidh Laoiseach le chéile i gcomhaontú le rí na Laighean, Cú Chorb, chun an ruaig a chur ar fhir na Mumhan amach ó chúige Laighean. Mar chúiteamh, tugadh don Loígis ní amháin tailte, ach freisin bronnadh cearta oidhreachtúla áirithe ar thaoisigh an dreama, aitheanta as sin amach mar ríthe Loígise.[10][11] I dtaca le hEochaidh agus lena mhuintir, na Fothairt, bronnadh tailte orthu i gcontaetha Cill Dara, Cill Mhantáin agus Ceatharlach an lae inniu.

Insítear scéal an fheachtais sa saothar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, agus fosta i nAnnála Chluain Mhic Nóis, ón 17ú haois an dís.[12] The campaign has provisionally been dated to the third century AD.[13]

Seacht gclanna Laoise

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí baint ar leith ag uimhir a seacht le dreamanna na gCruithne nó na gCruithneach, amhail is an Loígis, a roinntí i gcónaí a gcuid tuath ina seacht.[14] Bhí uimhir a seacht nasctha leis an Loígis i ndán le Maol Muire Othain (fl. naoú haois), atá b'fhéidir ina théacs is luaite ina bhfuil tagairt ann don treibh.[15] Thug go leor cearta Ríthe na Loígise le fios go raibh seacht Laoise Laighean ann.[4][16] Shocraigh rí na Laighean um seachtar de mhuintir rí na Loígise a fhostú, agus shocraigh the latter mar chúiteamh seacht ndamh a sholáthrú agus seacht bhfichid laoch a choimeád réitithe chun troda ar son rí na Laighean.[17] Bhíodh ríocht na Loígise roinnte ina seacht go dtí gur aistríodh go Ciarraí iad sa bhliain 1608 faoi chonradh leis na Sasanaigh.

I measc na seacht gclanna, mhaígh an chlann Uí Mhódhra comharba gan bhriseadh i gceann fine na Loígis ó ré Lugaidhe Laoisigh anuas (cé nach raibh a n-ainm sloinne acu go dtí an t-aonú haois déag).[18] Tá sé taifeadta i n Annála na gCeithre Máistrí don bhliain 1018 gur maraíodh Cearnach Ua Mórdha. Faightear Cearnach Mac Cinnéide mhic Mhórdha i nGinealach Ríthe Laoise sa Leabhar Laighneach.[19]

Ní fhaightear ainmneacha na gclann go dearfa ámh roimh 1607, nuair a aithníodh iad mar "Moores ..., the Kellies, Lalors, Clanmelaughlins, Clandebojes (afm Clandeboys, McEvoy[20][21]), Dorans and Dolins",[22] — Uí Mhódhra, Uí Cheallaigh, Uí Leathlobhair, Mc Laughlin, Mic Aodha Bhuí, Uí Dheóradháin agus Uí Dhúnlaing. Feictear an liosta seo i dtuairisc le hArthur Chichester (1563-1625), Fear Ionaid na hÉireann, don Ríchomhairle gur spreagadh éirithe amach leanúnacha ar fud na tíre go príomhúil ag seacht gclanna Contae Laoise ('Queen's County'). Níor shínigh ach sé chlann an conradh 1608 leis na Sasanaigh, mar atá "the Moores, the Kellies, the Lalours, the Dorans, the Clandeboys and the Dowlins".[23] Ní fhaightear sa chonradh fianaise dá laghad d'ionadaithe na seachtú clainne — O'Devoy nó/agus Clanmelaughlins.

Faoi dheireadh sa naoú haois déag, aithníodh na seacht gclanna Laoise le sloinnte dearfa, mar a tugadh as Béarla orthu: "O'Mores, O'Kellys, O'Lalors, O'Devoys or O'Deevys, Macavoys, O'Dorans, and O'Dowlings".[24]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland: An Encyclopedia": 196. Londain: Routledge. 
  2. Othain, Mael Mura (1848). "Duan Eireannach": 267. Baile Átha Cliath: The Irish Archaeological Society. 
  3. "Acadamh Ríoga na hÉireann MS 23 P 12 (Leabhar Bhaile an Mhóta)" (2015-10-15): 219 c.  Curtha i gcartlann 2020-01-14 ar an Wayback Machine
  4. 4.0 4.1 4.2 O'Brien, Michael A. (1962). "Corpus Genealogiarum Hiberniae": 87. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  5. "Rawlinson B 502" (1909). Oxford: The Clarendon Press. 
  6. "Acadamh Ríóga na hÉireann MS 23 P 2 (Leabhr Mór Leacáin)" (2015-08-31).  Curtha i gcartlann 2020-01-14 ar an Wayback Machine
  7. "Annála na gCeithre Máistrí" I: 334. 
  8. Meyer, Kuno (1912). "An Old-Irish Parallel to the Motive of the Bleeding Lance". Ériu IV: 157–58. 
  9. Foras Feasa ar Éirinn.
  10. Ó Donnabháin, Seán (1847). "Leabhar Na gCeart": 219. Baile Átha Cliath: University Press by M. H. Gill, for the Celtic Society. 
  11. "Annála na gCeithre Máistrí" III: 105 (note f). 
  12. "Annála Chluain Mhic Nóis" (1896): 54–57. Baile Átha Cliath: University Press for the Royal Society of Antiquaries of Ireland. 
  13. Dobbs, Margaret E. (Eanáir 1927). "On the Settlement of the Fotharta and the Laigsi". Zeitschrift für celtische Philologie 16 (1): 395. 
  14. Hore, Herbert F. (1 Eanáir 1863). "Notes on a Fac Simile of an Ancient Map of Leix, Ofaly, Irry, Clanmalier, Iregan, and Slievemargy, Preserved in the British Museum". Journal of the Kilkenny and South-East of Ireland Archaeological Society IV, ui. 1862–63: 347. 
  15. Othain. "Duan Eireannach": 267. 
  16. "Calendar of the State Papers Relating to Ireland, of the Reign of James I. 1603–1625: Preserved in Her Majesty's Public Record Office, and Elsewhere" (1874) I: 140. Londain: Longman & Company. 
  17. Foras Feasa ar Éirinn
  18. Bewley, Edmund T. (1905). "Notes on an Old Pedigree of the O'More Family of Leix". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland XXXV / V.XV: 413–14. 
  19. "Coláiste na Tríonóide, MS 1339 (An Leabhar Laighneach)" . 
  20. Fitzgerald, Walter (Lord) (1911). "Historical Notes on the O'Mores and their Territory of Leix, to the End of the Sixteenth Century". Journal of the County Kildare Archaeological Society and Surrounding Districts VI: 6. 
  21. Hore, Herbert F. (1863). "Notes on a Fac Simile of an Ancient Map of Leix, Ofaly, Irry, Clanmalier, Iregan, and Slievemargy, Preserved in the British Museum". Journal of the Kilkenny and South-East of Ireland Archaeological Society Vol. IV (New Series): 369. 
  22. "Calendar of the State Papers, Relating to Ireland, of the Reign of James I. 1603–1625" : 140. 
  23. "Calendar of the State Papers, Relating to Ireland, of the Reign of James I. 1603–1625" : 466–67. 
  24. Nennius (1848). "Leabhar Breathnach": lxxiii (additional notes). Baile Átha Cliath: Printed for the Irish Archaeological Society.