Art mac Coinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Art mac Cuinn)
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Art Mac Coinn (Sean-Ghaeilge Art mac Cuinn), aitheanta chomh maith mar Art Aonfhear (Art Óenfer).

Clann[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an seanscéil Echtra Condla, bhí deartháir aige dárbh ainm Connla Dearg, a thit i ngrá le bansidhe agus chuaigh in éineacht léi go Mag Mell, never to be seen arís. Bhí Art ina aonar as sin amach, agus dá bharr a bhua- ainm Aonfhear.[1] Deir Seathrún Céitinn ámh go raibh beirt deartháireacha aige, Connla agus Crionna, a mharaigh a n-uncail Eochaid Finn iad.[2]

Bé Chuille[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thit Bé Chuille na dTuath Dé Danann i ngrá le hArt, ach ghéill sí a athair Conn a phósadh ina ionad nuair a bhfuair sí an t-eolas gur bhaintreach fir é, ar an mbonn go ndíbreofaí Art as Teamhair ar feadh bliana. Chuir an éagóir seo gorta ar fud na hÉireann, go dtí gur chuir Art iachall ar Bhé Chuille imeacht, tar éis di cluiche fichille a chailleadh.[3]

I leagan eile den scéal, chuir Bé Chuille geis ar Art, tar éis dó féin cluiche fichille a chailleadh, faoinar éigean dó Éire a fhágaint go dtí go dtarrthála sé Dealbhchaomh (Delbchaem), bruinneall. Thug Art cuairt ar Thír na nIontas, ag tabhairt faoi bhaoil as cuimse. Bhí air máthair Dhealbhchaoimhe a mharú - pearsa osnádúrtha scanrúil a bhí inti, a thug na draoithe tuar di go maródh suiríoch a hiníne í. Nuair a d'fhill Art agus Dealbhchaomh go Teamhraigh, chuir Dealbhchaomh ar dhíbirt í Bé Chuille, agus tháinig torthúlacht na hithreach ar ais.[4]

Réim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Art i gcoróin i ndiaidh bás a dhearthár chéile Conaire Cóem, maraithe ag Nemed mac Sroibcenn sa Chath Gruitine.

I rith a réime, bhain mic Chonaire díoltas as Nemed agusa chomhghuaillí, mic Aillealla Auloim, sa Chath Cennfebrat i Mumhain. Gortaíodh mac altrama Ailealla Lugaid mac Con sa cheathrúin i rith an chatha, agus díbríodh é ó Éirinn. Rinne sé comhaontas le Benne Brit, mac rí na Breataine, bhailigh arm gallóglach, agus d'fhill ar Éirinn. Chloígh agus mharaigh sé Art i rith Cath Maigh Mucruimhe i gConnacht.[5] Bhí sé i réim ar feadh fiche nó tríocha bliain.

Tuar Oilc Acha[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an tseanscéil, thug Olc Acha, gabha áitiúil, fáilte roimh Art an oíche roimh Chath Maigh Mucruimhe. Tugadh tuar d'Olc go dtiocfadh gradam mór dá shliocht, agus thug sé a iníon Achtan chun luí le hArt. Gineadh Cormac mac Airt an oíche úd.[6] De réir Céitinn ámh, bean choibhche oifigiúil Airt ab ea Achtan, a thug sé spré bólachta di; ba í Medb Lethderg a bhean chéile agus máthair a pháistí eile.[7]

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Craobh ghinealaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

 
 
 
 
 
 
Fedlimid Rechtmar
 
Cathair Mór
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Conn Cétchathach
 
Eithne Táebfada
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Medb Lethderg
 
Art mac Cuinn
 
Achtan
 
Saruit
 
Macnia mac Lugdach
 
Sadb
 
Conaire Cóem
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cormac mac Airt
 
Eithne Ollamda
 
Lugaid mac Con
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Cairbre Lifechair
 
Diarmuid Ua Duibne
 
Gráinne
 
Fionn mac Cumhaill
 
Aillbe
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Connachta
 
Uí Néill
 
Airgíalla
 
Colla Da Chrioch
 
Uí Maine

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Adventures of Connla the Fair", Cross & Slover 1936, ll. 488-490
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.41
  3. "The Adventures of Art son of Conn", Cross & Slover 1936, lch. 491–502
  4. Mountain, Harry (1998). "The Celtic Encyclopedia, Volume 2". Universal Publishers. 
  5. Annála na gCeithre Máistrí, M165-195
  6. The Battle of Mag Mucrama ar maryjones.us
  7. Foras Feasa ar Éirinn, 1.43
  8. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 335


Roimh
Conaire Cóem
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 2a haois AD
FFÉ AD 143–173
ACM AD 165–195
Tar Éis
Lugaid mac Con