Ailill Aulom

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAilill Aulom
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileSadb ingen Chuinn Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEoghan Mór, Cormac Cas Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMogh Nuadhad

I Miotaseolaíocht na nGael, mac Mogha Nuadhad agus rí deisceart na hÉireann ab ea Ailill Ólom (Sean-Ghaeilge Oilill Olum). Phós Sadhbh iníon Choinn Chéadchathaigh Ailill ina dara pósta. Roinn sé a ríocht idir a mhic Eoghan Mór, Cormac Cas agus Cian. Sinsear na nEoghanacht ab ea Eoghan. D'éirigh mac Saidhbhe, agus mac altrama Ailealla, Lugaid mac Con, ina Ard-Rí na hÉireann.

Faightear sa Leabhar Laighneach dánta luaite le hAilill.

Curtha sa 3ú haois é sa saothair luath-nua-aimseartha, Leabhar na nGinealach. Tá ginealach na gclann Eoghanacht le fáil san Leabhar Muimhneach.

Seanscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn réim Ailealla, rí na Mumhan, ní fhásfadh an féar ina chluainte. Gan féar, ní tréada; gan tréada, d'fhágfaí ocras ar a mhuintir. Dúirt Ferchess draoi leis dul go Cnoc Áine oíche Shamhna. Nuair a tháinig sé ann, thit leath-chodladh air. Bhí fís aige inar tháinig chuige Áine, bandia na torthúlachta. Tógtha le háilíos, bhrúigh sé é féin uirthi, ionsaí ar chuir Áine deireadh leis trína chluas a bhaint de. Is dá bharr a leasainm Ó-lom, "cluas amháin". De réir dlí ársa na nGael, níorbh fhéidir ach le duine gan smál bheith ina rí. Rinne Áine neamhfhóirsteanach é le bheith ina rí tríd an íde a thug sí air - mar bandia an fhlaithis, d'fhéadfadh sí ceart rialaithe an duine a bhronnadh agus a bhaint.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cnoc Áine, Sacred Ireland le Cary Meehan