Luigne Chonnacht
Tuath in Éirinn na meánaoise ba ea Luíne Chonnacht (Sean-Ghaeilge Luighne Connacht) suite i dtuaisceart chúige Chonnacht, ar an teorainn idir na contaetha Maigh Eo agus Sligigh
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]As Breá, taobh ó dheas de Cheanannas i gContae na Mí ba ea Luíne Chonnacht ó dhúchas, i dteannta le treibheanna amhail is Gailenga, Saitne, Delbna agus Ciannachta .
Is dócha gur bronnadh tailte sna Connachta orthu, as ucht seirbhíse míleata, ag na Connachta agus Uí Néill ar a gcuid tailte nua-chlóite.[1][2]
Déantar trácht ar a gcuid eachtraí, a n-imirce agus lonnú sna Connachta, i Leabhar Uí Eaghra. Agus tá ról lárnach acu sa scéal faoi Chath Crionna.[3] De réir an scéil, téann Tadhg mac Céin agus a mhuintir as Éile sa Mhumhain ina dteannta.
Ainmníodh astu na barúntachtaí an lae inniu, Luíne (Contae na Mí) agus Luíne i Sligeach.
Luíne Chonnacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh dlúthchaidrimh idir na Connachta taobh thiar den tSionainn — Uí Fiachrach, Uí Briúin agus Uí Ailella[4] — agus na Luíne, Gaileanga, Greacraí agus Corca Fhir Trí.
I gcúige Chonnacht, measadh gurbh Forthuath iad na Luíne agus a gcomharsana. Bhíodh Luíne i gceannas ar mhion- treibheanna (amhail is agus [Calraige|Calraí]], Greacraí and Corca Fhir Trí) agus b'fhéidir gurbh ard-ríogacht a bhí ann. Aithníodh seo nuair a cruthaíodh deoise Achadh Conaire sa dóú haois déag.[5]
Sa téacs in Rawlinson B 502, tá ginealach ar leith do Luíne Chonnacht, a scaradh ó phríomhghéag Luíne san 8ú haois, de shliocht Chinn Faoloadh, deartháir Fhlaithgheais.
An Teora Luighne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is amhlaidh gurbh iad An Teora Sloinnte Luighne ná Uí Eaghra, Uí Ghadhra agus Uí Dhoibhlin. De shliocht Doibhlin mhic Gormghasa iad an tríú acu, ar a nglaoitear ina thásc don bhliain 885 rí Luighne Connacht. Insítear go follasach gur de Chorca Fhir Trí é Dhoibhlean. Faoi ghéillsine na Luíne ó thús, d'éirigh siadsan ina rítheaghlach na tuatha.
Sa bhliain 993, deirtear gurbh Ua Gadhra ina thuatha Ghaileang (an tuath). Bhí a mhuintir i gceannas ann go dtí an 13ú haois nuair a chuir Mhic Shiúrdáin an ruaig orthu. I ndiaidh sin, glaodh go minic Mhic Shiúrdáin ar an tuath féin.[6]
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ailill Aulom | |||||||||||||||||||||||||
Cormac Cas | Eoghan Mór | Cian | |||||||||||||||||||||||
Dál gCais | Eoghanachta | Éile, Ciannachta, Gailenga, Luíne, Delbna, Saitne | |||||||||||||||||||||||
Ailill Aulom | |________________________________________ | | | | | | Cormac Cas Eógan Már Cian | | | | | | Dal gCais Eóganacht Tadhg ( &co) | _____________|___________ | | | | Cormac Gaileang Connla | | Loi | |_________________ | | | | Nia Corb Art Corb | | Art | | Fiodhchuire | | Fidsheng | | Natfraoch | | Brénuinn | | Fionnbharr | | Diarmaid Mór | | Ceann Faoladh | | Taicleach | |______________________________ | | | | Flaithgheas Ceann Faoladh | | | | Béc "Luighne Connacht" | | Saorghus | |________________________________________________ | | | | Eaghra Poprigh mac Saorghus, d. 928. Sleiteachán | | | | Clann Ó hEaghra Gadhra | | Domhnall mac Gadhra, d. 931. | | Clann Ó Gadhra
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Book of O'Hara, Lambert McKenna, Dublin, 1951.
- Mayo Places: Their Names and Origins, Nollaig Ó Muraíle, 1985.
- Irish Kings and High Kings, Francis John Byrne, 3rd edition, Dublin, 2001.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Denis Walsh, Luigne and Gailenga Curtha i gcartlann 2021-05-13 ar an Wayback Machine
- Annála Connacht, Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ IKHK, lch. 69
- ↑ Eoin Mac Néill
- ↑ Lambert McKenna, ll. xvi-xvii
- ↑ IKHK, lch. 231, Is dúchas nach raibh sé go dtí deireadh na séú haoise gur tugadh ach orthu siúd an t-ainm ’Connachta’.
- ↑ IKHK
- ↑ McKenna, lch. xviii-xix