Tadhg mac Céin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, rí seanscéalach ba ea Tadhg mac Céin. Faightear scéal morálta faoi i Sanas Cormaic den 10ú haois. Caomhnaítear an scéal fosta i Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh den 15ú haois.

Eachtra Thaidhg Mhic Céin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh mac Thaidhg fleadh a eagrú dá athair, ag a riarfaí feoil de gach sórt. Theip air ach amháin broic, i bhfolach ina mbrocach, a fháil. Rug sé greim de chleas orthu sa deireadh, trí gheallúint tugtha in ainm a athair, go bhfágfaí gan suaitheadh iad. Óir go raibh muinín acu ann, tháinig na broic amach, ach maraíodh iad. Nuair a thóg an mac na hainmhithe chun na fleidhe, chuir a athair é le teann feirge mallacht air, toisc gur bhris sé geallúint tugtha ina ainm.[1]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fréamhaítear an t-ainm Tadhg ón bPrótai-Cheiltis *tazgo- (broc), arb amhlaidh gur ainmhí tótaim na ríthe é. Focal Ceiltise eile don bhroc ab ea *brokko-, as Breatnais broch, as Béarla brock.[1]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Bernhard Maier: Kleines Lexikon der Namen und Wörter keltischen Ursprungs. Stichwort „Dachs“, lch. 45.