Mogh Nuadhad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mug Nuadat)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMogh Nuadhad
Cineálrí miotaseolaíoch Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíAilill Aulom Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cúramrí na Mumhan Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, rí seanscéalach na Mumhan ba ea Mogh NuadhadNuad (Sean-Ghaeilge Mug Nuadat) mac Mogha Neit. De réir seanscéalta na meánaoise, céile iomaitheoir an Ardrí, Conn Céadchathach, ba ea é, agus ar feadh tréimhse tar éis AD 123, rialtóir de facto taobh dheas na hÉireann ba ea é. Ba leis gach tailte ó dheas den líne idir Cuan na Gaillimhe agus Baile Átha Cliath, aitheanta mar Leath Mhogha, agus le Conn gach críocha ó thuaidh, aitheanta mar Leath Coinn.

Rinne Conn níos déanaí ionsaí ar Leath Mhogha agus chuir sé an ruaig ar Mhogh as Éirinn. Chuaigh sé go dtí an Spáinn ag lorg tearmainn agus tháinig sé ar ais le harm, ach chloígh agus mharaigh Conn é ag Mag Léna (Cill Bhríde, Contae Uíbh Fhailí). I roinnt leaganacha, mharaigh Conn Mogh go fealltach ina leaba.

Ailill Aulom ba ea mac Mhogha agus Eoghan Mór a gharmhac. Chuaigh Eoghan i mbun comhraic i dteannta le hArt mac Cuinn ag Cath Maige Mucrama, agus deirtear gur bhunaitheoir chlanna Eoghanachta é.

Sinsearacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar sinsearacht Mhogha mar mhac Dearg mhic Dergthene mhic Eanna Mhunchain mhic Loch Mhóir mhic Muireadaigh Mucna mhic Eochada Ghairbh mhic Dui Dalta Dedad.

Scoláireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Molann T.F. O'Rahilly gurbh an dia Nuadha an ea Mogh Nuadhad, in ionad pearsan stairiúla.[1] Tharlódh sé freisin gur léiriú saolta an dé ab ea Eoghan.

Glaonn John O'Hart 'Eoghan Mór' (nó Eugene) ar Mhogh, agus ansin deir sé go nglaoití de ghnáth 'Mogh Nuadhad' ar an Eugene seo. Deir sé gur thaoiseach feasa agus gaiscíoch mór ab ea é. Ainmníodh Maigh Nu(adh)ad as.[2]

Féach fosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. O'Rahilly, T.F. Early Irish History and Mythology (1946) lch. 490
  2. Irish pedigrees; or, The origin and stem of the Irish nation (1892), John O'Hart, Imleabhar: 1, lch. 67