Cath Maige Mucrama

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe é Cath Maighe Mucramha[1] (Sean-Ghaeilge Cath Maige Mucrama) scríofa as Meán-Ghaeilge. Caomhnaítear an lámhscríbhinn is sine sa Leabhar Laighneach, a théann siar go dtí lár na 12ú haoise. De réir Wiley, téann an leagan sin den scéal siar go dtí an 9ú haois.[2]

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear sa scéal roinnt príomhcharachtar as bréagstair na hÉireann, san áireamh Ailill Aulom, a mhac Eoghan Mór agus a mhac altrama, Lughaidh mac Con, i dteannta le rí na Teamhrach, Art mac Cuinn. I gCúige Chonnacht ab ea Maigh Mucrama, gar de Bhaile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe. Tá dinnseanchas ann a deir gur ainmníodh an mhaigh de bharr na muca draíochta a bhí amhail inmhíolú ann, sular chuir Méabh na gConnacht an ruaig orthu.[3]

Tháinig Mac Con, ar deoraíocht, ar ais go hÉirinn, le cabhair ó rí na Breataine, i dteannta le harm Briotanach agus Sachsanach, agus chloígh sé Éire chomh fada le cúige Connacht, áit a raibh sé ar intinn ag Eoghan troid le cabhair ó Art mac Cuinn. Am oíche roimh an gcath, luigh Eoghan agus Art le hiníonacha a n-óstaigh, ag giniúint na mac a rachadh i gcomharbacht orthu, Fiachu Muillethan agus Cormac mac Airt. Mar a bhí tuartha, fuair Eoghan agus Art araon bás le linn chath Maigh Mucramha, agus tháinig Mac Con i gcoróin i Teamhraigh.[4]

Thóg Mac Con Cormac mar mhac altrama, agus bhí sé i réim le seacht mbliana. Thug sé ansin breithiúnas bréige, rud a chuir le fios nár inniúil é mar rí. Thug Cormac áfach deabhreith. Tharla anachain ansin — "níor fhás féar sa chré, nó duilleog ar chrann, nó grán i n-arbhar" mar a deir sa scéal. Cuireadh Mac Con as a choróin agus tháinig Cormac i gcomharbacht air.

Chuaigh Mac Con chuig cúirt Ailealla court, áit a thug a mháthair altrama rabhadh dó go raibh baol roimhe. Nuair a rug Ailill barróg ar Mhac Con, bhain sé greim as lena fhiacail nimhe, á ghoin. Theith Mac Con, ach maraíodh é ag gaiscíoch Ailealla.[4]

Tosca[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurb í feidhm pholaitiúil an scéil ná cinsealacht sliocht Airt (na Connachta agus na hEoghanachta) thar shliocht Mhic Con (Corca Laidhe) a mhíniú agus a dlisteanú. Bhíodh na Connachta agus a fomhuintir Uí Néill ina n-Ard-Ríthe na hÉireann agus Ríthe na gConnacht; na hEoghanachta ina Ríthe na Mumhan; ach ní raibh tionchar polaitiúil ag Corca Laoi tar éis na 7ú haoise. Sa mhéid sin, is cuid de seanscéalta bunúis de mhuintir Uí Néill agus na hEoghanachta.[5][6][7]

Bhí na hEoghanachta de shliocht na nDeirgtine. Bhí Mac Con de shliocht na nDáirine ársa, col ceathrair na nUladh.

Eagráin agus aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh an scéal go Béarla le:[3]

  • Whitley Stokes, "The Battle of Mag Mucrime", Revue Celtique, 13, 1892
  • Standish O'Grady, in Silva Gaedelica, 2 imleabhar, 1892
  • M. O'Daly, Cath Maige Mucrama: The Battle of Mag Mucrama, 1975.
  • Aistriúchán ar ancienttexts.org

Ina theannta sin, d'fhoilsigh Peadar Ua Laoghaire leagan NuaGhaeilge sa bhliain 1917 faoin teideal Lughaidh Mac Con.[8]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford. 
  • Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press. 
  • MacKillop, James (1998). "The Oxford Dictionary of Celtic Mythology". Oxford: Oxford University Press. 
  • "The Cycles of the Kings". Archived from the original on 2006-09-02.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cf. bóramha
  2. Féach Wiley, "Cath Maige Mucrama".
  3. 3.0 3.1 Wiley, "Cath Maige Mucrama".
  4. 4.0 4.1 MacKillop, Dictionary, "Cath Maige Mucrama"; Wiley, "Cath Maige Mucrama".
  5. Byrne, Irish Kings, ll. 66, 202 & 236–237
  6. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 481, 489–490 & 580–583
  7. MacKillop, Dictionary, "Conmac", "Conmaicne" & "Lugaid mac Con".
  8. Lughaidh Mac Con (1917) ar archive.org