Baile Átha an Rí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha an Rí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°17′47″N 8°44′35″W / 53.2964°N 8.7431°W / 53.2964; -8.7431
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla2.74 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn an Chláirín Cuir in eagar ar Wikidata
Airde47 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie19599
Suíomh gréasáinathenry.net Cuir in eagar ar Wikidata

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Baile Átha an Rí[1] (Fuaimniú: /bˠalʲə aːhə ən̻ˠ ɾˠiː/ Béarla: Athenry). Tá an baile lonnaithe 25km soir ó Chathair na Gaillimhe agus tá clú agus cáil ar an mbaile mar gheall ar an amhrán "The Fields of Athenry". Go stairiúil tháinig teorainneacha trí ríochta, Uí Maine, Aidhne, agus Maigh Seola, le chéile ag an mbaile. Dá bharr sin is é “Àth na Ríogh” (Caighdeán: Áth na Rí) an t-ainm stairiùil ar an bhaile, cé gur Áth an Rí an t-ainm oifigiúil[2] atá air anois. Is iomaí foirgneamh ann a tháinig slán ó na Meánaoiseanna.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonra
Bliain Daonra ±%
1821 1,093
1831 1,319 +20.7%
1841 1,236 −6.3%
1851 1,487 +20.3%
1861 1,283 −13.7%
1871 1,194 −6.9%
1881 1,030 −13.7%
1891 910 −11.7%
1901 853 −6.3%
1911 791 −7.3%
1926 993 +25.5%
1936 1,048 +5.5%
1946 1,153 +10.0%
1951 1,181 +2.4%
1956 1,287 +9.0%
1961 1,266 −1.6%
1966 1,333 +5.3%
1971 1,240 −7.0%
1981 1,479 +19.3%
1986 1,642 +11.0%
1991 1,612 −1.8%
1996 1,614 +0.1%
2002 2,154 +33.5%
2006 3,205 +48.8%
2011 3,950 +23.2%
Caisleán Bhaile Átha an Rí

Tá daoine ina gcónaí i mBaile Átha an Rí le haghaidh na mílte bliain agus is iomaí ceann sleá ón gCré-umhaois agus claíomh ón Iarannaois a aimsíodh sa cheantar, ach ní go dtí an bhliain 1235 a bunaíodh an baile.

Sa bhliain 1178 rinneadh Baile Átha an Rí ina Bharúntacht le haghaidh Piers de Bermingham. Sa bhliain 1235 thug Richard de Burgh, Tiarna Chonnacht, an cheantar do Mheiler de Bermingham. Ba é de Bermingham dara Barún Bhaile Átha an Rí agus is ansin a bunaíodh an baile.

Thóg Meiler de Bermingham caisleán láidir, chomh maith le balla cosanta, eaglais agus mainistir Dhoiminiceach. Tá siad seo go léir fós le feiceáil sa lá atá inniu ann.

An Chéad Chath ag Áth an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris an Chéad Chath amach ar an 15ú lá de Lúnasa 1249. Tugtar cuntas d'eachtaí an lae in Annála na gCeithre Máistrí. D'ionsaí dhá mhac le Rí Chonnachta Torlach agus Aodh an baile leis an aidhm an baile a fhoghlú agus a dhó. Is iad na Sasanaigh a bhí i gceannas ar an mbaile ag an am agus bhí Sirriam Chonnacht, Jordan de Exeter i mBaile Átha an Rí. D'iarr sé ar an airm Éireannach sos chogadh ar feadh an lae mar gheall gur Lá Fhéile Mhuire a bhí ann, ach dhúltaigh siad. Bhí airm Shasana róláidir, bhí an bua ag Exeter agus maraíodh roinnt ceannairí Éireannach, Aodh ina measc[3].

An Dara Cath ag Áth an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Troideadh Dara Cath Átha an Rí ar an 10ú lá de Lúnasa 1316 agus ceann de na cathanna is tábhachtaí i gCogaí Bruce a bhí ann. Bhuaigh an comhaontas Angla-Éireannach idir Rickard de Berminggham agus Uilliam Liath de Burgh ar an Albanach Edward Bruce agus ar a chomhghuaillithe Muintir Uí Chonchobhair agus Muintir Uí Cheallaigh. Maraíodh na ceannairí Tadhg Ua Cheallaigh agus Felim Ua Chonchobhair i rith an chatha.

Scriosadh Átha an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an chatha seo bhí an baile láidir agus sábháilte taobh thiar dá bhallaí cosanta. Bhí sé mar cheann de na bailte is tábhachtaí i gConnacht. Tháinig deireadh le cumhacht Átha an Rí le teacht Cogaí Mhac an Iarla sa bhliain 1572. Dar le hAnnála na gCeithre Máistrí rinneadh an-damáiste do na ballaí cosanta, don chaisleán, agus do na tithe, agus faoi dheireadh na 16ú haoise bhí an baile scriosta.

Prióireacht Dhoiminiceach Bhaile Átha an Rí

Turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is baile oidhreachta é Baile Átha an Rí agus tá a Ionad Oidhreachta lonnaithe istigh in iarsmaí Séipéal Mhuire.

An Geata Thuaidh / An Áirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Áirse seo ina sheasamh ag acomhal bhóthar Thuama le breis agus 400 bliain.

Cros an Mhargaidh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarsmaí de Chrois an Mhargaidh lonnaithe i gCearnóg an Mhargaidh agus tá sé suite os cionn céimeanna chloiche a phlionta. Crois Laindéír a thugtar air, agus cé nach bhfuil fágtha ach a cheann, is é an ceann is fearr dá chineál é atá fágtha in Éirinn. Ar aghaidh amháin tá Crois Chéasta agus figiúirí ag bun na Croise leis an Spiorad Naomh,agus ar an aghaidh eile tá Muire agus a Leanbh.

Séipéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1828 tógtha séipéal Protastúnach sa bhaile, agus leanadh á úsáid mar ionad creidimh ar feadh 100 bliain go dtí go ndearnadh Ionad Oidhreachta de chun é a shábháil ó dhearóiliú.

Phrióireacht Bhaile Átha an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh Meiler de Bermingham an Prióireacht do na Doiminiceánaigh tar éis dó an ceantar seo a ghabháil i 1241. Tá an séipéal i bhfoirm croise, agus tá an chuid is mó de stíl na struchtúirí a mhaireann i bhfoirm áirsí bioracha Gotacha, fuinneoga caola ar bhalla thuaidh an tsaingil, nó fuinneoga féitheacha a rinneadh níos déanaí. Tá tuamaí le feiceáil i gcuasa i mballaí an tséipéil Bhí an Phrióiracht ina hollscoil ar feadh tamaill i lár na 1600í go dtí gur chreach saighdiúirí Chromail í sa bhliain 1652.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Baile Átha an Rí suite ar an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh agus an líne iarnróid idir Luimneach agus Gaillimh, a athosclaíodh ar an 29 Márta 2010. Tá sé mar pháirt de phlean iompair an rialtais "Transport 21" an chuid eile den líne idir Baile Átha an Rí agus Clár Chlainne Mhuiris a athoscailt[4]. Osclaíodh Stáisiún Átha an Rí sa bhliain 1851.

An Ghaeilge i mBaile Átha an Rí[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir daonáireamh 2011 bhí 3,950 i gcónaí i mBaile Átha an Rí. Dúirt 1,519(38.45%) go raibh Gaeilge acu. D'úsáid 102(2.58%) daoine an Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachas.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Slim Barrett (Rugadh 1960?) - ealaíontóir/seodóir
  • Ciarán Ó Canáin (Rugadh 1965 - ceannaire an Pháirtí Daonlathaigh)
  • Patrick Darcy (1598-1668)
  • Denis Darcy (1747-1792) - Tiarna talún agus polaiteoir
  • Meiler de Bermingham (1212-1262) - bunaitheoir Átha an Rí
  • Padraic Fallon (1905-1974) - File
  • Julie Feeney (Rugadh 1978) - Cumadóir Amhráin
  • Joseph Patrick Haverty (1794-1864) - péintéir
  • Paul Hession (Rugadh 1983) - Aclaí Oilimpeach

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]