Jump to content

Echtra Condla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharEchtra Condla
Cineálechtra Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Carachtair

Scéal de chuid Scéalaíocht na Ríthe, den genre Eachtra, is ea Eachtra Connla (Sean-Ghaeilge Echtra CondlaConnlai). Coinníonn an echtra contains an chuid is mó a bhfuil ar eolas againn de Connla mac Choinn Chéadcathaigh, acmm Connla Rua nó Connla Fionn.

Caomhnaítear an scéal i n-ocht lámhscríbhinn bunaithe ar dhá leagan. Téann an lámhscríbhinn is luaite siar go dtí an 12ú haois, ach d'fhéadfadh é gur scríobhadh síos an scéal chomh luath agus an t-8ú haois. Ní an-éagsúil iad an dá leagan.

Insítear sa scéal conas a mealladh Connla mac Coinn Chéadchathaigh ag bean den Aos Sidhe. Cé gur scéal réamhChríostaí atá ann, tá teachtaireacht iarChríostaí agus frith-dhraí ann, inste ag an mbean féin, ag tuar teacht na Críostaíochta.

Achoimre bunaithe ar (McCone 2000) agus (Oskamp 1974), cf. (O'Beirne Crowe 1874) agus (MacSwiney 1884)

Bhí Connla (Rua) agus a athair Conn ina suí tráth ag Cnoc Uisnigh. Tháinig bean gléasta ar chuma ait ar an bhfód, agus d'fhiafraigh Connla di cad as di. Dúirt sí gurbh as Tír na nÓg í, áit a bhíodh cách go deo ag féasta gan dua, agus a mhairidís i síocháin gan pheaca.[n 1]

D'fhiafraigh Conn de Connla cé a raibh sé ag caint leis, toisc níorbh fhéidir le héinne ach Connla an bhean a fheiceáil. Thug an bhean ansin cuireadh do Connla dul léi go dtí Magh Meall agus a rí Bóadag, ag gealladh go bhfanfadh sé ann go deo. D'iarr Conn ansin cabhair ón a dhraoi Corann, óir gur thuig sé go gcaillfeadh sé a mhac don bhean. Chan Corann ortha, ionas nach raibh Connla in ann í a feiceáil a thuilleadh. D'imigh an bhean ait, ach i mbun dula, chaith sí úll chuig Connla.

Mhair Connla ag ithe an úill ar feadh míosa, ag diúltú gach bia agus dí eile. D'fhan an t-úll iomlán agus Connla á ithe. Bhraith Connla uaidh an bhean a fheiceáil arís.

Tháinig an bhean ar ais ar an bhfód ar mhaigh Ard Comáin, agus labhair sí le Connla. Ghlaoigh Conn ar a dhraoi arís, ach lochtaigh an bhean é, ag rá nár chóir dó dul faoi mhuinín na draíochta. Thug Conn faoi dheara nár labhródh Connla le héinne seachas an bhean, agus d'fhiafraigh dá meallfadh focail na mná é. D'fhreagair Connla go raibh sé idir dhá chomhairle, idir a mhuintir agus an bhean.

Thug an bhean comhartha do Connla í a leanúint, ag geallúint tír áthais, nárbh ann ach mná agus cailíní. Léim Connla ar long ghloine (Noi[1]Loing Glano[2]) na mná,[n 2] agus bhreathnaigh siúd a bhí fágtha an bád ar seol, go dtí go raibh sé as radharc.

I dtrí lámhscríbhinn, feictear aguisín a mhíníonn bua-ainm Art mhic Chuinn. Tugadh Aonfhear air toisc gurbh eisean an t-aon mhac Choinn tar éis imeacht Chonnla.

Tar éis dó anailís teangeolaíochta de na téacsanna, tá McCone den tuairim go bhfuil bunús san 8ú haois ag an téacs; go bhfuil an téacs i Lebor na hUidre den 12ú haois fréamhaithe ó leaganacha den 10ú; agus na leaganacha sa Leabhar Buí Leacáin den 14ú níos cosúla leis an mbunchóip.[3]

De réir Oskamp 1974, ba chóir go dtuigtear an téacs mar saothar liteartha den 12ú haois, cibé nósanna atá faoina bhun.[4]

Feiceann roinnt scoláirí teachtaireacht Chríostaí sa sliocht ar leanas:

Sean-Gaeilge Gaeilge

Amail rochuala Cond guth na mna, asbert fri a muintir:

"Gairid dam in drúid: atchíu doreilced a tenga di indiu."

Asbert in ben la sodain:

"A Chuind Chetcathaig, druidecht nísgradaigther, ap is bec posoich for messu ar Tráig Máir firién con il-muinteraib ilib, adamraib.[5] Motá ticfa a récht, consscéra brichtu drúad tap techta ar bélaib Demuin duib, dolbthig."

Nuair a chuala Conn guth na mná, dúirt sé lena mhuintir:

"Gaireadh dom an draoi. Feicim go ligeadh a teanga di inniu."

Dúirt an bhean ansin:

"A Choinn Chéadchathaigh, ní ghráitear draíocht, óir is beag meas aici ar an Trá Mhór fhíréanta, lena il-mhuintreacha, iliomad, iontacha. Nuair a thiocfaidh a ríocht, scaipfidh sé briochtaí na ndraoithe teacht ar bhéil an deamhain dhuibh, dhoilfe."

De réir aisteoirí eile, ciallaíonn Tráig Máir ní "Trá Mhór" ach "Ard-Rí Mór".[n 3] agus tuigeann sé as seo gurbh an dia Chríostaí atá luaite sa téacs, agus gurbh é Íosa Críost an "Tráigh Máir". Molann Oskamp gurbh Íosa agus Naomh Pádraig atá i gceist.[6] De réir McCone, b'ionann an bhean agus an chríostaíocht féin,[7] ach de réir eile, cuireann sin an fhírinne as a riocht.[8]

Tá brí an fhocail síd faoi cheist chomh maith, cé acu shíocháinAos Sidhe/Sí. Tá roinnt amhail is (Ó Cathasaigh 1979) agus (Carey 1995) den tuairim gur imeartas focal d'aon ghnó atá ann, nó droichead meafarach idir an dá bhrí.[8]

Comhlíonann an bhean ról de bhandia Ceilteach an fhlaithis,[9] chomh maith le bheith aici na tréithe mealltacha de bhandia réamhChríostaí dá leithéid.[8]

"Connla and the Fairy Maiden" le John D. Batten

Insíodh an scéal don lá inniu. Feictear athinsint dá leithéid in (Joyce 1879) mar "Connla of the Golden Hair, and the Fairy Maiden", nó in (Jacobs 1891): "Conn and the Fairy Maiden". D'aistrigh (Cross & Slover 1936) an scéal go Béarla mar "The Adventures of Connla the Fair", le fáil in Ancient Irish Tales.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Connla Cáem, prionsa den 2a haois, luaite i Leabhar Gabhála na hÉireann
  • Connla, mac Chú Chulainn

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Úsáidtear gach uile dóibh go coitianta chun cur síos a dhéanamh ar an Alltar i miotais na nGael, agus is amhlaidh dá bharr gur den Aos Sí í.
  2. (O'Beirne Crowe 1874, p. 122)
  3. Scríobh McCone 2000 mar aistriúchán Béarla: It is in a little while that the Great High King’s righteous (and) decent one will reach your judgements with many wondrous followers
  1. 2 nó, noe ar eDIL
  2. glain ar eDIL
  3. Olsen 2013, ll.58-9; nóta 3, lch. 58.
  4. Oskamp 1974, p. 211.
  5. adamrae ar eDIL.
  6. Oskamp 1974, p. 217.
  7. McCone 2000, ll.86-7, 105.
  8. 1 2 3 Olsen 2013, p. 63.
  9. Olsen 2013, p. 64.