Ríthe na nUladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ríthe as Cúige Uladh ab ea Rí na nUladh (Sean-Ghaeilge Rí Ulad), idir seanscéalach agus stairiúil. Bronnadh an teidal Rí an Chúige (rí in Chóicid) air scaití.[1]

Na treibheanna Ceilteacha in Éirinn, de réir Tholamaes

Ríthe na nUlad seanscéalach, agus na críocha níos lú ar chósta thoir thuaidh na tíre, a bhíodh i gceist leis an teideal ó thús. Léiríonn léarscáil Tholamaes (tiomsaithe circa AD 150 ó fhoinsí éagsúla a bhí níos luaithe ann) iad mar Uoluntii agus Darini in aice láimhe. Is cosúil go raibh ceannas díreach acu ar Chontae Mhuineacháin, Chontae Ard Mhacha, Chontae an Dúin, Chontae Aontroma agus cuid mhaith de Chontae Lú mar atá siad anois ann, nuair a bhí a fhorlámhas i mbláth. Ba iad na hOirialla, cónaidhm scaoilte de chine na gCruithneach agus vasáilligh na nUlad, a bhí i gceannas i lár an chúige. Tá dhá threibh eile luaite ag Tolamaes níos faide siar ina léarscáil, na Vennikinii i gContae Dhún na nGall agus na Erpitianni ar feadh Loch Éirne uachtair agus íochtair; bhí an bheirt acu is dócha faoi réir riail na nUlad.

Sainítear seacht "gcúige" i Leabhar na gCeart den 10ú haois


Tháinig deireadh leis an teideal tar éis ionradh na Normannach sa bhliain 1177 agus bhunú Iarlacht na nUladh. Bronnadh an teideal Rex Hibernicorum Ulidiae, .i. "Rí na nGael na nUladh",[2] ar Mhic Dhúinnshléibhe go dtí gur thit an rítheaghlach i léig faoi dheireadh na 13ú haoise.

Tar éis teip na hiarlachta sa bhliain 1333, d'fhorghabh agus d'athbheoigh Uí Néill an Tuaiscirt, príomhchéilí comhraic Gaelacha na nUlad, an teideal i ndiaidh na bliana 1364. Mar thoradh, d'éirigh gaol idir an teideal agus a gcuid críoch, agus go deimhin thug siad an t-ainm 'Ulaidh' orthu.[2]

Ríthe seanscéalacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ríthe stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réimse
Forga mac Dallán mheic Dubthach mac Mianach mac Lugaid Lorc bás 465?
Muiredach Muinderg mac Forga mac Dallan 465–489
Eochaid mac Muiredaig Muinderg 489–509
Cairell mac Muiredaig Muinderg 509–532
Eochaid mac Condlai mac Caolbad 532–553
Fergnae mac Oengusso Ibdaig 553–557
Demmán mac Cairill 557–572
Báetán mac Cairill 572–581
Áed Dub mac Suibni (bás 588)
Fíachnae mac Báetáin (Fiachnae Lurgan) 588–626
Fiachnae mac Demmáin 626–627
Congal Cáech (Congal mac Sgánnail) 627–637
Dúnchad mac Fiachnai (bás c. 644)
Máel Cobo mac Fiachnai (bás 647)
Blathmac mac Máele Cobo (bás 670)
Congal Cennfota mac Dúnchada (bás 674)
Fergus mac Áedáin 674–692
Bécc Bairrche mac Blathmaic 692–707
Cú Chuarán mac Dúngail Eilni 707–708
Áed Róin mac Bécce Bairrche 708–735
Cathussach mac Ailello 735–749
Bressal mac Áedo Róin 749–750
Fiachnae mac Áedo Róin 750–789
Tommaltach mac Indrechtaig 789–790
Eochaid mac Fiachnai 790–810
Cairell mac Fiachnai 810–819
Máel Bressail mac Ailillo 819–825
Muiredach mac Eochada 825–839
Matudán mac Muiredaig 839–857
Lethlobar mac Loingsig 857–873
Cathalán mac Indrechtaig 857–871
Ainbíth mac Áedo 873–882
Eochocán mac Áedo 882–883
Airemón mac Áedo 882–886
Fiachnae mac Ainbítha 886–886
Bécc mac Airemóin 886–893
Muiredach mac Eochocáin 893–895
Máel Mocheirge mac Indrechtaig 893–896
Aitíth mac Laigni 896–898
Cenn Etig mac Lethlobair 896–900
Áed mac Eochocáin 898–919
Dubgall mac Áeda 919–925
Loingsech mac Cinn Étig 925–932
Eochaid mac Conaill 932–937
Matudán mac Áeda 937–950
Ardgal mac Matudáin 950–970
Niall mac Áeda 970–971
Áed mac Loingsig 971–972
Eochaid mac Ardgail 972–1004
Gilla Comgaill mac Ardgail 1004–1005
Máel Ruanaid mac Ardgail 1005–1007
Matudán mac Domnaill 1007–1007
Dub Tuinne ("In Torc") mac Eochada 1007–1007
Domnall mac Duibh Thuinne 1007–1007
Niall mac Duib Thuinne 1007–1016
Muiredach mac Matudáin 1007–1008
Niall mac Eochada 1016–1063
Eochaid mac Néill meic Eochada ????–1062
Donnchad Ua Mathgamna 1063–1065
Cú Ulad Ua Flaithrí 1065–1071
Lochlainn Ua Máel Ruanaid 1071–1071
Donn Sléibe mac Eochada 1071–1078
Áed Meranach Ua hEochada 1078–1080
Goll na Gorta Ua Mathgamna 1080–1081
Donn Sléibe mac Eochada 1081–1091
Donnchad mac Duinn Sléibe 1091–1095
Eochaid mac Duinn Sléibe 1095–1099
Donnchad mac Duinn Sléibe 1099–1099
Eochaid mac Duinn Sléibe 1099–1108
Donnchad mac Duinn Sléibe 1108–1113
Áed mac Duinn Sléibe 1113–1127
Eochaid Ua Mathgamna 1113–1127
Ragnall Ua hEochada 1127–1131
Cú Ulad mac Conchobair Chisenaig Mac Duinn Sléibe 1131–1157
Áed mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe 1157–1158
Eochaid mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe 1158–1166
Magnus mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe 1166–1171
Donn Sléibe mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe 1171–1172
Ruaidrí mac Con Ulad Mac Duinn Sléibe 1172–1201

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Stockman, Gerrard (1992). "Volume Two, County Down II, The Ards". The Institute of Irish Studies, The Queen's University of Belfast. 
  • Mac Néill, Eoin (1919). "The Irish Law of Dynastic Succession: Part II". Studies: An Irish Quarterly Review 8 (32): 40–653. Irish Province of the Society of Jesus. 
  • Annála Uladh
  • Annála na gCeithre Máistrí.
  • Annála Connacht, A. Martin Freeman, 1944.
  • "Irish Kings and High Kings", Francis John Byrne, 1973.
  • "Leabhar Mór Ginealach", Dubhaltach Mac Firbhisigh, eag. O'Muralie, 2004.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Mac Néill, lch. 651.
  2. 2.0 2.1 2.2 Stockman, lch. xix.


Teimpléad:Ulaid