Fiachna mac Baotáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fíachnae mac Báetáin)
Infotaula de personaFiachna mac Baotáin
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás626 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMongán mac Fiachna, Eochaidh Iarlaithe, Cathassach mac Lurgain Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínFiachra Caoch

Rí an Dáil Araí agus Rí na nUladh den 7ú haois ba a ea Fiachna mac Baotáin (Sean-Ghaeilge Fíachnae mac Báetáin) (bás 626), ar a glaodh fosta Fiachna Lorga agus Fiachna Fionn[1]. Eochaid mac Condlai (bás 552), iar rí Ulad ba ea a sheanathair, Baotán mac Eochach a athair, Fiachra Caoch (bás c. 608) a dheartháir[2] agus Mongán a mhac.

Beatha agus réimeas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn na tréimhse seo, bhíodh roinnt treibheanna Chruithne i ndianiomaíocht le haghaidh ríogacht an Dáil Araí. Sa chaoi chéanna, bhíodh an Dál Araí agus Dál Fiatach in iománaíocht le haghaidh ard-ríogacht na nUlad.

De réir na nginealach, a sheanuncail Aodh Dubh mac Suibne ba ea a réamhtheachtaí, idir rí an Dáil Araí agus rí na nUlad. Fuair Aodh bás c. 588, agus rinneadh rí d'Fhiachna tamall ina dhiaidh sin. Chaith sé roinnt ama ámh ag iarraidh dul i gcion ar na hUlaid go léir.[3] Tuairiscítear i nAnnála na gCeithre Máistrí don bhliain 597 [4] gur chloígh sé Fiachna mac Deamáin Dhál Fiatach ag Cath Cúil Chaoil, agus is é ansin b'fhéidir a tháinig sé i gcoróin mar rí na nUlad. B'fhéidir é gurbh Ard-Rí na hÉireann é Fiachna ar feadh tréimhse éigin, dá n-aithneofaí é le Féachno a tháinig i gcomharbacht ar Diermait (Diarmaid mac Cearbhaill is dóigh) sa ríliosta Buile Choinn Chéadchathaigh.[5]

Seachas roinnt iontráil lom sna annála Éireann, ní fhaightear eolas stairiúil ar bith maidir le saol Fhiachna. Tá Anna ann ag, ina measc an dán caillte, Sluagad Fiachnae meic Báetáin co Dún nGuaire i Saxanaib (Bamburgh?), a thugann le fios gur phearsa shuntasach é lena linn féin, ag dul ag feachtais in éadan Æthelfrit Northumbria agus a chomharba Edwin Northumbria. Sa bhliain c. 623, d'fhéadfadh é gur chuir sé Bamburgh faoi léigear, agus b'fhéidir é gur gabh sé é.[6][7]

Maítear i bhfoinsí liteartha gur ghin a mháthair (a deirtear gur ón Dál Fiatach í) Fiachna um díoltas a bhaint as a fear céile. Níor mhaith le Baotán é agus chuir sé tráth cú fiachmhar air, a mharaigh Fiachna é le bior feola trína chroí.[8]

Sa sága den 8ú haois Compert Mongáin, insítear eachtraí Mhongáin mhic Fhiachna, fágtha ag dia na mara, Manannán mac Lir ar bhean chéile Fhiachna, agus eisean ar feachtas i dteannta le hAodhán mac Gabhráin Dhál Riada. Mharaigh Mongán sa bhliain c. 625, i mbun chatha in éadan na mBriotanach de Ríocht Srath Chluaidh.[9]

Insítear sa scéal Meán-Ghaeilge Fiachna mac Báetáin 7 Ríge Alban conas a bhain sé ríogacht na hAlban amach. Faightear sa scéal gnéithe osnádúrtha agus thróip coitianta liteartha.

Insítear i réamhrá an scéil Amra Coluimb Cille gur chuir Fiachna fáilte roimh fhilí na hÉireann nuair a cuireadh an ruaig orthu as an gcuid eile den tír.

Maraíodh Fíachna sa bhliain 626 ag Cath Leithet Midind, clóite ag Fiachna mac Deamáin Dhál Fiatach. Fuair a mhac, Mongán, bás roimhe féin agus b'fhéidir chomh maith dara mac aige, Scandal Sciathleathan, athair Chongal Chaoch. Mhair tríú mac aige, Eochaidh Iarlaithe, go dtí timpeall na bliana 666.[10]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • MacKillop, James, The Oxford Dictionary of Celtic Mythology. Oxford U.P., Oxford, 1998. ISBN 0-19-860967-1
  • Ó Cróinín, Dáibhí, Early Medieval Ireland: 400–1200. Longman, Londain, 1995. ISBN 0-582-01565-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cúr síos Dan Wiley at Fiachna mac Báetáin 7 Ríge Alban

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sean-Ghaeilge Fíachnae Lurgan agus Fíachnae Find
  2. Byrne, lch. 287
  3. Byrne, ll. 106–112 & 287.
  4. don bhliain 601 i nAnnála Uladh
  5. Byrne, ll. 112 & 276–277.
  6. Byrne, lch. 112
  7. Ó Cróinín, ll. 51–52.
  8. MacKillop, ll. 218–219.
  9. Byrne, lch. 112
  10. Byrne, ll. 111, 287.