Scéla Conchobair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is teideal cumtha ag Whitley Stokes[1] é Scéala Chonchúir mhic Neasa (Sean-Ghaeilge Scéla Conchobair maic Nessa), le haghaidh scéil ghearr sa Rúraíocht atá caomhnaithe sa lámhscríbhinn den 12ú haois, an Leabhar Laighneach. Faightear ann seanchas nach bhfuil le fáil chuile áit eile maidir le craobhacha (hallaí) na nUladh ag Eamhain Mhacha agus a sciatha.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lámhscríbhinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lámhscríbhinn (Leabhar Laighneach, CnT 1339, olim H.2.18), faightear ann scéal i leathnaigh díreach tar éis an athleagain den Táin Bó Cúailnge, agus áirítear é sa Catalogue i measc "Prose tales of Conchobar Mac Nessa, Cuchulaind, Athirne, Celtchair."[2]

Coimpeart Chonchúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ag tús an téacs, tá giniúint Chonchúir, agus dá bharr, luadh an scéal scaití mar Compert Conchobair.[3] In áiteanna eile, rangaítear an scéal mar leagan de "How Conchobar obtained the Kingship of Ulster."[4]

Craobhacha na nUladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear sa scéal cur síos ar na trí craobhacha (hallaí) Chonchúir, Cróeb Rúad, Téite Brecc agus Cróeb Derg. Rítheach na nUladh ab ea an chéad ceann acu; an armlann ab ea an dara ceann, áit a coinníodh na sciatha, airm agus cuacha: agus sa tríú craobh, coinníodh na cinn bhainte agus creach cogaidh eile.

Sciatha na nUladh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugtar ansin liosta de Sciatha na nUladh, ocht déag go iomlán, i dtosach Ochain le Conchúr. Is deacair roinnt phearsana a aithint óir nach dtugtar nó neither ainmneacha athartha nó leasainmneacha.[5] Tuigtear gur claimhte iad roinnt de na sciatha ag aisteoirí agus tiomsaitheoir foclóirí an lae inniu.[6][7]

Ol nGuala[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir an seanchas maidir leis an umar mór leanna/fíona, Ól nGuala,[8][9] agus an maide le húill/liathróidí um aird na ndaoine a tharraingt, a chur i gcomparáid le cuntais san athleagan den Tochmharc Eimhire le fáil i Leabhar na hUidhre.

Réamhscéal na Tána le Kinsella[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Kinsella an saothar seo mar réamhscéal ina aistriúchán Béarla, The Táin.[10] Don Táin féin, thóg sé an chéad athleagan, agus ní an leagan sa Leabhar Laighneach.

Seachta Fhearghasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ann sa saothair sleachta suimiúla áibhéile maidir le seachta Fhearghasa,[11] fágtha ar lár ag Kinsella, ag rá go raibh goile seachtair ag Fearghas, miangas nach sásófaí ach le seachtar ban agus a bhean chéile, Fliodhas, as láthair, agus go raibh bod seacht dhorn ar mhéid aige. Go deimhin, the upright stone ar chnoc Teamhrach, by some considered the Lia Fáil, was "still popularly called Bod Fhearghais", in the days of antiquarian George Petrie.[12]

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Eagráin agus aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stokes 1910, p. 18 harvnb error: multiple targets (2×): CITEREFStokes1910 (help), "The tractate which I have entitled 'Scéla Conchobair maic Nessa' is found in the Book of Leinster (p. 106a of the facsimile)"
  2. Abbott 1900, p. 361, Abbott 1921, p. 159
  3. e.g., Kuno Meyer 1884, RC 6, 173. "the LL copy..."
  4. "MS-OMIT".
  5. O'Curry 1873, pp. 332–333
  6. Kinsella 1969 tr., ll. 3–8
  7. Celtic Encyclopedia, Harry Mountain
  8. 2 gúala ar eDIL
  9. Luaitear Ól nGuala chomh maith i Tochmarc Ferbe mar choire lán d'fhíon i dtigh Chonchúir.
  10. O'Curry 1969, pp. 3–8, also endnotes.
  11. Stokes 1910, ¶13, lch. 26/27 harvnb error: multiple targets (2×): CITEREFStokes1910 (help)
  12. [[#CITEREF|]], PRIA 18, lch. 159