Ulaid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Uoluntii)
Féach freisin Cúige Uladh

Ard-ríocht nó 'cúige' i n-oirdheisceart na hÉireann le linn na meánaoise ba ea Ulaid. Cónaidhm dreamanna nó finte éagsúla a bhí ann.[1] Mhaígh roinnt rítheaghlach san ard-ríocht gur de shliocht na nUlad féin iad (Dál Fiatach, srl), agus eile de shliocht na gCruithne (Dál nAraidi, srl).

Ulaid le linn na 10ú agus 11ú–haoiseanna, le trí phríomh-fho-ríocht (gan Dál Riada).

Thugtaí Rí UladRí in Chóicid (Rí an Chúige) ar an rí.[2][3][4] I gcáipéisí staire, séard atá i gceist leis an téarma Ulaid ná an dream, agus an Dál Fiatach ina rítheaghlach air.[4] Dá bharr, bhíodh dhá bhrí leis an teideal Rí Ulad: rí na hard-ríochta agus/nó rí an dreama.[2][4]

Feictear na hUlaid go suntasach sa Rúraíocht, cnuasach scéalta de chuid miotaseolaíocht na nGael. De réir na seanscéalta úd, luíodh críocha ársa na nUlad le cúige Uladh an lae inniu, gan Contae an Chabháin, ach Contae Lú san áireamh.[1][5] Síneadh a theorainn theas ón Drobhaois san iarthair go dtí An Bhóinn san oirthear.[1][5][4]

Ag tús an ré stairiúil in Éirinn sa 6ú haois, bhí críocha na nUlad teoranta taobh thoir den Bhanna. Deirtear gur ghéill siad tailte d'Oirialla agus Uí Néill an Tuaisceart.[1] Tháinig deireadh le hUlaid mar ríocht Ghaelach sa 12ú haois, nuair a chloígh an ridire Angla-Normannach, John de Courcy, iad, agus tháinig Iarlacht Uladh i réim.[1]

Tiarnas na nUladh
Iarlas na nUladh

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ainmfhocal iolra é Ulaid agus eatnainm (ainm treibhe) a bhí ann ar dtús. Mar is gnách, ceanglaíodh an t-ainm, cé nach raibh nasc ar bith ag an rítheaghlach leis an bhfine úd.[6][7][8]

Is dócha gurb ionann na hUlaid agus na Ούολουντιοι (Uoluntii or Voluntii) luaite in Geographia den dara haois AD le Tolamaes.[9] B'fhéidir gur truailliú é seo de Ούλουτοι (Uluti). Tá an t-ainm fréamhaithe ón Seán-Ghaeilge ul, le brí "féasóg".[10][11] Litríonn an scríbhneoir de dheireadh na 7ú haoise, Muirchú, Ulaid mar Ulothi ina shaothar Beatha Phádraig.[12]

Tá an t-ainm Béarla Ulster fréamhaithe ó Ulaid, ach níltear ar aon intinn maidir lena shanasaíocht. D'fhéadfadh gur tógadh Ul, le nó gan ginideach Ioruaise -s, agus tír;[13][14] sin nó -ster as Ioruais ba ea an iarmhír (le brí "áit", coitianta i Sealtainn agus san Iorua).[15][16]

Glaoitear Ultach ar dhuine de bhunadh na háite, agus dá bharr Mac nó Nic an Ultaigh.[17]

Réamhstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa saothar Geographia le Tolamaes, scríofa sa 2a haois AD, faightear na hUoluntii in oirdheisceart na nUladh, taobh ó dheas d'Abhainn an Lagáin agus ó thuaidh den Bhóinn. Ó thuaidh bhí na Darini agus ó dheas na hEblani. Deir Muirchú, ina shaothar "Vita Sancti Patrii" scríofa sa 7ú haois, go raibh críocha na nUlothi suite idir an dá abhainn úd.[18] Sa Rúraíocht de chuid miotaseolaíocht na nGael, a caomhnaítear i lámhscríbhinní ón the 8ú haois ar aghaidh, deirtear go raibh na hUlaid i gceannas ar fud tuaisceart Éireann ar fad, an teorainn ó dheas ag síneadh ón mBóinn san oirthear go dtí an An Drobhaois san iarthar. Bhí an phríomhchathair ag Eamhain Mhacha, gar d'Ard Mhacha an lae inniu.[4][14]

Le linn na tréimhse seo, deirtear go raibh Éire roinnte ina cúige, 'sé sin cúig ard-ríocht, Ulaid ina measc.[19][20][21] Glaodh bréag-staraithe na meánaoise Aimser na Coicedach ar an ré seo.[20][19][22][20][21]

Tá scéalta na Rúraíochta suite le linn réimse Conchúir mhic Neasa, rí na nUlad ag Eamhain Mhacha, agus insíonn siad faoin gcoinbhleacht leis na Connachta, i gceannas na banríona, Méabh, agus a fir chéile, Ailill mac Máta. Is é Cú Chulainn, nia Chonchúir, príomhlaoch na scéalta, agus an eipic Táin Bó Cúailnge an scéal is tábhachtaí.

I roinnt scéalta, deirtear gur tharla breith agus bás Chonchúir i gcomhthráth le Críost. Más fíor, is iomrall aimsire é láthair na gConnacht. Tá a fhios, áfach, gur cumadh croineolaíocht luathstair na nGael.[23] I ndáiríre, cónaidhm teaghlach de shliocht an rí seanscéalaigh, Conn Céadchathach, den 2a haois de réir sheanchais, ba ea na Connachta stairiúil.[24] Insítear i sága amháin gur chomhaoiseach iad Conn agus Fergus mac Léti, réamhtheachtaí Chonchúir mar rí na nUlad.[25] Deir Tíreachán ina naomhsheanchas Phádraig den 7ú haois go raibh Cairbre Nia Fear, Conchúir son-in-law, ina bheatha ach 100 bliain roimh an Naomh, .i. sa 4ú haois.[26]

Bunaithe ar fhad ré bhéaloidis dá mheas féin, mhol Kenneth Jackson, go ndeachaigh an Rúraíocht siar go dtí an 4ú haois.[27] Mhol T. F. O'Rahilly agus scoláirí eile gur fréamhaithe í an Rúraíocht sna cogaí idir na hUlaid agus na Connachta agus Uí Néill sa 4ú agus 5ú haoiseanna. I ndeireadh na dála, ghéill na hUlaid an chuid is mó dá gcríocha, a bpríomhchathair san áireamh, do ríochtaí nua na nOiriall.[28] De réir an tsean-nóis, gurbh iad na Trí Colla,[29] triúr sin-dubhó Choinn, a chloígh rí Ulad, Fergus Fog ag Achad Leith-dheirg i gContae Mhuineacháin, ghabh críocha uile na nUlad taobh thiar den An Rí agus Loch nEathach, agus dhóigh Eamhain Mhacha. Deirtear i nAnnála na gCeithre Máistrí gur tharla seo sa bhliain AD 331.[30]

Creideann O'Rahilly agus a lucht leanúna gur dúblóg liteartha iad na Collas de Niall Naoighiallach, bunaitheoir chlann Uí Néill. Molann siad gurbh fhíor-choncaire Eamhain Mhacha a bhí siad sa 5ú haois.[31]

Ba iad na hÉarainn, muintir na nUlad, a bhí ina Ríthe na Teamhrach sa Rúraíocht, agus cuirtear iad i láthair ar bhealach tuisceanach, Conaire Mór acu go háirithe. Chuir na Laigin Teamhair fúthu níos deireanaí, a bhí ar slí éigin go hait measctha leis na Connachta sa Rúraíocht.[32] Níos deireanaí, thóg na Connachta lár na tíre uathu. Idir an dá linn, bhí na hÉarainn, faoi Cú Raoi, i gceannas sa Mumhain. Cé gur naimhde na nUlad iad, cuirtear arís i láthair iadsan ar bhealach tuisceanach.

De réir sheanchais eile a mhair go dtí an 11ú haois, thit Eamhain Mhacha sa bhliain 450 AD, laistigh de ré Naomh Pádraig. Más fíor, b'fhéidir gurb é seo an fáth gur roghnaigh sé Ard Mhacha, gar d'Eamhain Mhacha, mar suíomh a dheoise, mar a bhí fós faoi cheannas na nUlad;[33] agus furasta an fáth gur cuireadh faoi é i n-oirthear na nUladh in ionad Ard Mhacha, mar a bhí ansin faoi cheannas na nOiriall.[33]

Is dócha nár lonnaitheoirí iad na hOirialla ach treibheanna dúchais.[34] Bhí an chuid is mó acu tuatha na nUlad sular bhain siad a neamhspleáchas amach,[35] amhail is, mar shampla, na hAirthir, ina raibh ina a gcuid tailte Eamhain Mhacha suite.[36]

Ag druidim le deireadh na 5ú haoise, bhí fo-dhream na nUlad an Dál Riada (suite i nGlinnte Aontroma) ag lonnú san Albain, agus ríocht thar chaolmhuir á chruthú acu.[37] Faightear a chéad lonnaíocht i nEarra-Gháidheal, 'sé sin, "ceantar oirthir na nGael".[37]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig na hUlaid sa ré stairiúil in Éirinn sa 6ú haois isteach leis na teorainn úd taobh thoir den Bhanna, cé go raibh críocha ag an Dáil Araí taobh thiar di, i gContae Dhoire.[4]

6ú go 7ú haoiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi lár na 6ú haoise, bhí an Dál Riada in Albain faoi olbhrú ag Bridei I, rí na gCruithneach, agus dá bharr, chuaigh siad ag lorg cabhrach ó Uí Néill an Tuaisceart.[37] Bhí Oileán Í bronnta chéanna féin ag rí Dhál Riada, Áedán mac Gabráin, ar phrionsa agus naomh Chineál Conaill, Colm Cille. Dá réir sin sa bhliain 575 ag Droim Ceat, rinne Colm comhaontas idir Uí Néill agus an Dál Riada.[37] Faoi réir an chonartha, d'éirigh an Dál Riada as ríogacht na nUlad, an ligint dóibh a n-aird a dhíriú ar a gcríocha Albanaigh.[37] Sa bhliain chéanna, ní roimh nó tais an tionóil, maraíodh rí an Dáil Riada i mbun chatha in éadan an Dáil Araidi ag Fid Eoin.[38]

Sa bhliain 563, de réir Annála Uladh, bhí achrainn intíre le toradh go ndearna Báetán mac Cinn na gCruithne cinneadh le hUí Néill an Tuaisceart, á ngeallúint chríocha taobh thiar den Bhanna, Ard Eólairg (Aird Mhic Giollagáin) agus an Laoi.[4] Tharla dá bharr Cath Móin Dairi Lothair idir Uí Néill agus comhaontas ríthe eile alliance Chruithne, inar cloíodh na Cruithne go millteanach.[4] I ndiaidh sin, lonnaigh Uí Néill a gcomhghuaillithe Oiriall in Eilne, iar-chríocha na gCruithne suite idir An Banna agus An Buais.[4] Tháinig na Cruithne clóite ar ais le chéile i nDál nAraidi.[4]

Tháinig rí Dhál Araidi Congal Cáech i gcoróin mar rí na nUlad sa bhliain 626, agus dá bhliain 628 mharaigh sé i mbun chatha Ard-Rí na hÉireann, Suibne Menn d'Uí Néill Tuaiscirt.[39] Sa bhliain 629, bhí Congal i gceannas nuair a cloíodh iad ina éadan na naimhde céanna.[4] Agus fonn air bheith ina Ard-Rí, rinne Congal comhaontas leis an Dál Riada agus Srath Chluaidh, ach tharla mar thoradh Cath Mhaigh Rath sa bhliain 637. Maraíodh Congal was ag Ard-Rí Domhnall mac Aodha d'Uí Néill an Tuaiscirt, agus chaill an Dál Riada a gcuid críoch in Albain.[39]

Insítear i nAnnála Uladh record don bhliain 668 gur tharla Bellum Fertsi (Béal Feirste) idir na hUlaid agus na Cruithne, 'sé sin faoi seach an Dál Fiatach agus an Dál nAraide respectively.[4]

Idir an dá linn, bhí an Dál Araidhe ag cúr in éadan chúngú Uí Néill an Tuaiscirt. Sa bhliain 681, maraíodh Dúngal Eilne, rí Dhál Araidhe, agus a chomhghuaillí Ceann Faoladh na Ciannacht ag Dún Ceithirinn.[4]

8ú go 10ú haoiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin 8ú haois, d'imigh críocha na nUlad i gcúl chuig oirthear na Banna (contaetha Aontroma, an Dúin agus an lae inniu).[14] Sa bhliain nó 732 nó 735, chloígh na hUlaid go dona in éadan Cineál Eoghain i gceannas Aodha Alláin i gCath Fochairde ar Mhagh Muirthemne,[40] inar baineadh a cheann den rí Ulad, Aodh Róin.[41] Mar thoradh an chatha seo, tháinig Conaille Muirthemne faoina bhflaitheas.[40][42][43]

Agus a gcuid críoch sinsearach caillte acu, bhíodh achrann idir na hUlaid.[14] Sa 8ú haois, ghabh an Dál Araidi forlámhas ar ríocht an Dáil Riada.[44]

Bhí an Dál Fiatach i gceannas san Ulaid go dtí Cath Leth Cam sa bhliain 827, nuair a rinne siad iarracht cheannaireacht Uí Néill sna hOirialla a bhriseadh.[12] Dá bharr seo agus b'fhéidir na Lochlannaigh lonnaithe i Loch Cuan (ar a laghad), faoi dheireadh na haoise bhí an Dál nAraidi i gceannas. Níor mhair seo ach go dtí 972, nuair a chuir Eochaid mac Ardgail an Dál Fiatach ar a gcosa arís.[12]

I rith na 9ú agus 10ú haoiseanna, bhunaigh na Lochlannaigh roinnt bunáiteanna i nUlaid, go háirithe ag Áth na gCasán, Loch Cairlinn, Loch nEathach, agus Loch Cuan,[45] agus port suntasach ag Ulfreksfjord, suite i Latharna, Contae Aontroma.[45] Scroiseadh gach ach Ulfreksfjord ag na hUlaid agus Uí Néill an Tuaiscirt le chéile. Mar thoradh seo, ámh, cheol siad orthu féin na buntáistí eacnamaíochta a thagadh le lonnaíochtaí rathúla Lochlannach.[45]

11ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1000, chuir Ard-Rí na hÉireann, Brian Bóramha, an ruaig ar an rí Sigtrygg Silkbeard as Ríocht Átha Cliath, agus dhiúltaigh na hUlaid tearmann dó.[46] Faoi dheireadh, cuireadh iachall ar Sigtrygg filleadh ar ais chuig Áth Cliath, agus ghéill sé do Bhrían.[47]. Ní dhearna Sigtrygg dearmad ar eiteach na nUlad,[46] agus sa bhliain 1001, rinne a chabhlach creach ar Inis Chumhscraigh agus Cill Chléithe i nDál Fiatach, ag gabháil go leor cimí.[48] Bhí airm Sigtrygg an chomh maith i mbun fheachtas Bhríain in éadan na nUlad sna blianta 1002 agus 1005.[46][49]

Sa bhliain 1003 ag Craobh Telcha, suíomh insealbhú na nUlad, tharla Cath mór idir Uí Néill an Tuaiscirt agus na hUlaid.[12][14][50] Maraíodh Eochaid mac Ardgail agus mórchuid d'uaisle na nUlad, i dteannta le rí Uí Néill.[12][14] Mar thoradh, bhí cogadh comharbachta fuilteach idir prionsaí an Dáil Fhiatach, agus ag an am gcéanna an Dál nAraidi á gciapadh.[51]

Sa bhliain 1005, chuaigh Brían Bóramha lena airm ó thuaidh chun umhluithe na Uladba a ghlacadh. Rinne sé campa ag Eamhain Mhacha, agus é ar intinn aige b'fhéidir tairbhe a bhaint as tábhacht stairiúil na háite.[51] Chuaigh, Brían ansin chuig príomhchathair an Dáil Araí, Ráith Mór, áit a glac se umhluithe a rí agus rí Dhál Fhiatach.[51] De bharr seo is amhlaidh, rinne Flaithbheartach Ó Néill, rí Chineál Eoghain, roinnt ruathar ar na hUlaid mar chúiteamh.[52] Sa bhliain 1006, rinne arm i gceannas Fhlaithbheartaigh ionsaí ar Leath Cathail agus mharaigh a rí, agus ina dhiaidh sin, mharaigh siad rídhamhna Uí Eochach Cobha ag Loch Bricleann.[52]

Mar thoradh Chath Chraobh Tealcha, ní raibh na hUlaid in ann tacaíocht a thabhairt do Bhrian, nuair a tháinig sé sa bhliain 1006 i gceannas arm d'fir as fud na hÉireann, ag iarraidh tairbhe Uí Néill an Tuaiscirt a fháil.[14][52] Chuaigh Brían trí thailte Chineál Chonaill agus Cineál Eoghain, agus trasna na Banna ag Fersat Camsa (Maigh Choscáin) insna hUlaid isteach. Ghlac sé ann tairbhe óna hUlaid ag Craobh Tealcha, agus i ndiaidh sin, chuaigh sé ó dheas go dtí an suíomh tionóil traidisiúnta, Conaille Muirtheimne ag i n-oenach Conaille.[52]

Rinne Flaithbheartach Ó Néill ruathar eile ar na hUlaid sa bhliain 1007, in aghaidh Chonaille Muirtheimhne.[52] Sa bhliain 1011, tar éis dó Dún Eachdach a scriosadh, ghlac sé tairbhe Dhál Fhiatach, ríthe na nUlad ag an am sin, á scaradh dá bharr as flaitheas Bhrian.[53] An bhliain dár gcionn, rinne Flaithbheartach ruathar ar an Aird agus ghabh sé creach gan áireamh.[53]

Sa bhliain 1018 ag Ulfreksfjord, chloígh arm Éireannach i gceannas rí darbh ainm Conchobar i dteannta lena gcomhghuaillithe Lochlannaigh i gceannas Eyvind Urarhorn, mórfheachtas major na nGall tosaithe ag Iarla Inse Orc, Einar Sigurdsson, a bhí ag iarraidh flaitheas a athar ar na bealaí mara idir Éirinn agus Albain a athdhearbhú.[54][55]

Sa bhliain 1022, chloígh Niall mac Eochach, rí Ulad, cabhlach Sigtrygg ag Áth Cliath, agus gabhadh a fhoireann i ngéibheann.[56][57] I ndiaidh an bhua seo, sa bhliain 1026, rinneadh Niall ruathar ar Fhine Gall, lonnaíocht Lochlannach raibh ó thuaidh d'Áth Cliath.[56][57]

Sa bliain 1038 agus arís 1045, chreach nia Sigtrygg, Íomhar mac Arailt, Reachlainn amach ó chósta thuaidh na nUlad.[58] Mharaigh Ímar san ionsaí úd Raghnall Ó Eochadha rídhamhna na nUlad agus deartháir Néill mhic Eochadha, agus maraíodh fostai 300 i uasal Ulad.[58][59][60] Mar dhíoltas, rinne Niall ruathar eile ar Fhine Gall.[58] Sa bhliain 1087, thug Mac rí Ulad agus beirt gharmhac Raghnaill, amas faoi Oileán Mhanann, ach theip orthu Godred Crovan, rí Átha Cliath agus n dhíbirt.[61][62][63]

Ag críoch na 11ú haoise, bhí athbheochan deiridh ag na hUlaid faoi Donn Sléibhe mac Eochadha, sinsear ríthe Mhic Dhoinn Shléibhe na nUlad den 12ú haois. Ní raibh ríthe Dhál Fhiatach ach ríthe a muintir féin tar éis na bliana 1137.[64] D'éirigh ríthe Mhic Dhoinn Shléibe neamhspleáchas na nUlad a chaomhnú roimh thaoisigh Mhic Lochlainn Uí Néill an Tuaiscirt,[44] agus bhí siad i mbun dlúthnaisc a fhorbairt le Ríocht na nOileán.[12]

12ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Timpeall thús na 12ú haoise, ba í clann Uí Fhlainn i gceannas ar mhuintir Uí Thoirtre as Oirialla, maraon le ceannairí ar na Fir Lí, an dís ar an taobh thiar den Bhanna. De réir a chéile, de bharr conartha míleata agus pósta, maraon le cúngú an Chineáil Eoghain, bhog siad a gceanncheathrú soir thar an mBanna. Chaill an mhuintir dhúiche, an Dál nAraidi faoi cheannas Uí Loingsigh, a smacht ar formhór dá gcuid críoch agus tharla é go raibh siad teoranta i réimse talún suite i ndeisceart Aontroma, agus a bhunáit ag Maigh Line. Nuair a bhí Uí Fhlainn i gceannas, ghlaoigh suas rí Dhál Araí, Dhál Riada agus Fhir Lí, i dteannta le hUí Thoirtre féin.[44]

Faoin mbliain 1130, bhí an chuid is faide ó dheas san Ulaid, Conaille Muirtheimne, faoi smacht Dhonnchadha Uí Chearbhaill, rí Oiriall.[65] Lonnaíodh ina dhiaidh sin an chuid de Muirtheimhne darb ainm Cuaille ag Uí Méith as Oirialla (a bhfuil Ó Méith ainmnithe as).[65]

Is ón bhliain 1157 í an chairt talún is luaite atá ar marthain, nuair a bhronn Ard-Rí Muirchertach Mac Lochlainn ar na Cistercians san Iúr, áit a bhí suite i gcríocha Uí Eachach .[66] Rinneadh an deontas le comhthoil rí Ulad, Cú Uladh Mac Doinn Sléibhe, agus rí Uí Eachach, Domhnall Ó hAodha.[66]

I mí Aibreáin 1165,[67], rinne na hUlaid faoi cheannas Eochaidh Mac Doinn Sléibhe ionsaí in éadan Muircheartaigh mhic Lochlainn, ag déanamh ruathair ar Uí Méith, Uí Breasail (i mbarúntacht Uí Nialláin Thoir, Contae Ard Mhacha an lae inniu) an Dál Riada.[68] Mar chúiteamh, rinne Mac Lochlainn i gceannas airm Uí Néill an Tuaiscirt agus Oiriall ruathar ar an Ulaid. Ba líon mór daoine a mharaigh sé, agus chuir sé Eochaidh as a choróin.[68] Faoi Mheán Fómhair, rinne Eochaidh iarracht a ríogacht a fháil ar ais, agus chuir a mhuintir féin an Rúisis air, toisc go raibh imní orthu roimh Mac Lochlainn; choinnigh Ó Cearbhaill Eochaidh ar a thoil.[68] Faoin mí dár gcionn, rinne Mac Lochlainn ionsaí eile in éadan na nUlad. Ghlac sé mórán giall i dteannta líon mór maoine.[68] Níos déanaí sa mhí úd, rinne Ó Cearbhaill agus Eochaidh cruinniú le Mac Lochlainn inar iarr Eochaidh ríogacht na nUlad mar chúiteamh ar gach giall na nUlad, san áireamh mac gach taoisigh agus a iníon féin fiú.[68] Gheall Eochaidh do Mhac Lochlainn fosta an-chuid maoine, tailte i mBairrche agus an baile fearainn, Sabhall.[66][68] Thug Mac Lochlainn dá réir sin a mhionn os comhair Easpag Ard Mhacha agus uaisle eile for his good behaviour. Bhronn Mac Lochlainn Bairrche ar Ó Cearbhaill mar bhuíochas as a eadráin, cé chomh neamhbhuan is a bhí.[65][68][69] In ainneoin a mhionna, rinne Muircheartach Eochaidh a dhallú. Thréig a chomhghleacaithe Eochaidh i ndiaidh sin, agus níor fhan leis ach dornán lucht leanúna. I dteannta le seisear dlúth-sheisí déag dá chuid, maraíodh é sa bhliain 1166.

Le linn na haoise dár gcionn, lonnaigh na Múrna as Oirialla i gceantar Bhairrche (ainmníodh an áit, Múrna, astu anois[65]).

Sa bhliain 1170, chuir Magnus deartháir Eochach, a bhí ina rí Ulad, an ruaig ar na bráithre Agaistínigh as Sabhall.[66]

Ulaid agus Normannaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

In ainneoin an achrainn i measc na nUlad, mhair siad go dtí teacht na Normannaigh. Sa bhliain 1177, d'ionsaigh John de Courcy gan choinne na hUlaid. Ghabh sé bunáit an Dáil Fiatach, Dún de Leathghlaise, agus b'éigean do rí na nUlad, Ruairí mac Doinn Sléibhe, teitheadh.[70][71] Seachtain ina dhiaidh sin, d'fhill Ruairí le slua mór as fud na nUlad, ach cloíodh iad in ainneoin níos mó gaiscíoch.[72][73] Rinne Ruairí iarracht eile le harm níos mó fós, agus Cineál Eoghain, Maol Seachnaill mac Lochlainn agus príomheaspaig an cúige ann mar chomhghuaillithe.[72][73] Bhuaigh na Normannaigh arís ámh, agus ghabh siad an chléir agus cuid mhór dá taisí.[72][73]

Sa bhliain 1178, agus John de Courcy dulta ar gcúl go Gleann Riabh i Machaire Conaille (mar atá, Conaille Muirtheimne), rinne Mac Doinn Sléibhe, i dteannta le Murchadh Ó Cearbhaill, rí Oiriall, ruathar ar na Normannaigh, agus mharaigh siad timpeall 450, le 100 bás ar a dtaobh féin.[74]

Bhíodh is go raibh chomhaontais eatarthu, bhíodh achrann eatarthu agus a gcomharsana Éireannach.[71] Bhain De Courcy a leas as an neamhsheasmhacht seo. I gcaitheamh na mblianta agus in ainneoin roinnt céimeanna ar gcúl, chur sé na hUlaid go léir faoi chois.[70][71]

Faoin mbliain 1181, bhí Ruairí, Cú Mí Ó Flainn, rí Uí Thoirtre agus Fir Lí meallta ag de Courcy, agus do ríthe dílse ba ea iad faoi de Courcy.[75] Ruairí, possibly inspired by an deis chun críocha ársa na nUlad a fháil ar ais, d'fhéadfadh é gur áitigh Ruairí de Courcy dul siar, agus rinneadh ruathair ar Ard Mhacha Armagh sa bhliain 1189, agus ar Dhoire agus Inis Eoghain sa bhliain 1197.[75]

Glaoigh De Courcy princeps Ultoniae ar féin, agus rialaigh sé a chuid críoch mar rí neamhspleách.[71] Choinnigh ámh Uí Eachach Cobha, i lár agus taobh thiar den Dúin, a gcuid neamhspleáchais.[70]

Sa bhliain 1199, chur rí Eoin Shasana Hugo de Lacy go hÉirinn chun de Courcy a ghabháil agus a chuid gabháltais leis. Sa bhliain 1205, rinneadh de Lacy chéad Iarla Uladh le bunú Iarlas Uladh. Síneadh an tIarlas feadh chósta thuaidh na nUladh go dtí bunáit an Chineáil Eoghain ar Inis Eoghain.

Go dtí deireadh na 13ú haoise, choinnigh an Dál Fiatach, i gceannas fós Mhic Dhoinn Sléibhe, beagán dá gcuid cumhachta, faoin teideal rex Hibernicorum Ulidiae.[76] Tar éis mheath an Dáil Fiatach, gabh Uí Néill den Chineál Eoghain an teideal ársa rí Ulad chucu féin.[76]

Críostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é i nUlaid a gabhadh i ngéibheann Pádraig, naomhphátrún na hÉireann níos déanaí anonn.[77] Is ann a thug sé a chéad iompaithigh chun na Críostaíochta, agus an Dál Fiatach an chéad rítheaghlach a d'iompaigh.[77] Fuair Pádraig bás i Sabhall Phádraig, agus adhlacadh é ag Dún De Leathglaise, áit a athainmníodh sa 13ú haois go Dún Pádraig.[78]

Uaigh Naomh Pádraig ag Dún Pádraig

Nuair a cruthaíodh deoisí na hÉireann sa 12ú haois, bunaíodh iad ar phríomhchríocha na nUlad mar a leanas:

  • Deoise an Dúin: bunaithe ar chríocha an Dáil Fiatach, agus an ardeaglais ag Beannchar, cé gur bhog John de Courcy níos déanaí go Dún Pádraig e.
  • Deoise Conaire: bunaithe ar chríocha an Dáil Araí.[79][80]
  • Deoise an Droma Mhóir: timpeall na bliana 1197, scaradh Deoise an Dúin in dhá leath, agus cruthaithe an deoise seo bunaithe ar chríocha Uíbh Eachach Cobha, agus an ardeaglais sa Droim Mór.[79][80]
  • Deoise an Dúin agus Chonaire: sa bhliain 1439, aontaíodh deoisí an Dúin agus Conaire in aon deoise amháin.
Deoise an Dúin agus Chonaire, aibhsithe le donn, tar éis di bheith aontaithe sa bhliain 1439. Ó dheas tá Deoise an Droma Mhóir.

Is iad a leanas príomh-mhainistreacha na nUlad:

  • Mag Bile, Maigh Bhile, Contae an Dúin.[81] Príomheaglais an Dáil Fiatach ba ea é, go deimhin, bunaithe ag Naomh Finnian Maigh Bhile den dál úd.[81][82]
  • Bennchar, Beannchar, Contae an Dúin.[83] Tógadh c. 555 - 559 ag Naomh Comgall den Dál nAraí i gcríocha i seilbh an Dáil Fiatach, ar cheann desna príomh-mhainistreacha in Éirinn.[82][83]
  • Condaire, Conaire, Contae Aontroma.[84] Príomheaglais an Dál Araí a bhí ann, suite i dtuath Dhál Sailne, bunaithe ag Naomh Mac Nisse.[84][85][86] Bheadh sé in am trátha ardeaglais dheoise Chonnaire.
  • Airther Maigi, Oirthear Maí, Contae Aontroma.[87] Príomheaglais an Dáil Riada bunaithe ag by Naomh Olcan. Tar éis leathadh an Dáil Araí sa 7ú haois, chaill sé a stádas easpagach agus tháinig Eaglais Conaire chun cinn ina háit.[86]
  • Droim Mór, Contae an Dúin.[88] Príomh eaglais Uíbh Eachach Cobha an bhí inti, bunaithe c. 510 ag Naomh Colmán.[89] In an trátha, bheadh sí ina hard-eaglais dheoise an Droma Mhóir

Déantáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nach bhfuarthas ach pas beag déantán La Tène in Éirinn,[90] fuarthas an chuid is mó dóibh siúd — gaiscí agus píosaí úma — i dtuaisceart na tíre. Tugann seo le fios gur 'tháinig buíonta beaga lonnaitheoirí' ón Bhreatain sa 3ú haois RC, agus is dócha gur tógadh iad i ndaonra na nUlad isteach.[91]

Ginealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá éideimhne ann maidir le ginealach dhreamanna ard-ríocht na nUlad. Rianaigh ginealeolaithe Gaelacha na meánaoise sinsearacht na nUlad féin ón Ard-Rí seanscéalach, Rudraige mac Sithrigi.[92] Is é Cruithne, os a choinne sin, an focal Sean-Ghaeilge ar Cruithnigh

Ó aimsir Eoin Mhic Néill ar aghaidh, meastar gur muintir na nÉarainn iad na hUlaid,[93] nó ar a laghad a rítheaghlaigh, murab ea na tuatha.[94] Chreid T. F. O'Rahilly gur fhíorghéag na nÉarann ba ea na hUlaid.[95] Moladh gur ghaolmhar leis na Dáirine iad na nUlad, ainm a thugtaí ar títheaglaigh na nÉarann. Is dócha é gur gaolmahr nó síolraithe óna Darini luaite ag Tolamaes.[96]

I measc iad a mhaígh gur de shliocht na nUlad iad, faightear treibheanna meánaoiseacha a deirter gur CruithneÉarainn iad, mar a leanas:[97] for example:

Glaoitear fresion Clanna Rudraige ar na hUlaid, leagan déanach don dream.[97]

Rítheaghlaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir an seanchais, ba iad na hUlaid féin agus na Cruithne a bhí ina rítheaghlaigh na nUlad. Bhí na Cruithne ar dtús níos mó agus níos cumhachtaí.[4] I luathfhoinsí, is ionann 'Ulaid' agus an Dál Fiatach, agus 'Cruithne' agus an Dál nAraidi.[4]

Ríochtaí agus clanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoin 12ú haois, bhí cúige Ulaidh roinnithe ina ceithre fho-ríocht:

I leagan den 10ú haois den Leabhar na gCeart, tugtar an liosta a leanas de dhá thuath déag a d'íocadh cáin do rí na Ulad:[102]

Críocha agus rítheaghlaigh eile laistigh d'Ulaid:

  • Cuailgne, suite i gceantar Loch Cairlinn agus Dún Dealgan, Contae Lú. Feictear an t-ainm fós i bparóiste Cuaille,[103] maraon le Leithinis Chuaille. Is as Cuailgne an tarbh san eipic Táin Bó Cúailnge.
  • Dál Sailni, tuath den Dál nAraidi Mag Line. Agus Uí Choelbad ina bpríomhríthe, bhí príomheaglais Chonaire i seilbh an Dáil Sailni.[85] I ndiaidh ré na Lochlannach, chloígh Uí Thoirtre críocha an Dáil agus an eaglais ag Conaire.[85]
  • Cineál Fhaghartaigh, géag Uíbh Eachach Cobha, a bhíodh acu tráth tailte i mbarúntachtaí a leanas: Cineál Fhártaigh, An Duifrian agus cuid den Chaisleán Riabhach.[103]
  • Monaig, ach níltear cinnte go cruinn cad as dóibh. Déanann na hanála agus staraithe tagairt ar roinnt acu:
    • Monaigh Uladh, timpeall Dhún Phádraig
    • Monaich Ulad as Rusat
    • Monaigh Aird, i gContae an Dúin
    • Cineál Maelche/Mailche in Aontroim
    • Magh Monaigh
    • Monach-an-Dúin in Cath Monaigh, b'fhéidir Uíbh Eachach, Contae an Dúin.
    • Gaolmhar leis na Menapii (féach fosta Manapii), treibh na mBelgae as tuaisceart na Gaille ba ea na Manaigh/Monaigh ársa, a lonnaigh gar do Loch Éirne.[103]

Ríshleachta síolraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur de shliocht rí Dhál Riada den 6ú haois, Gabrán mac Domangairt, é chéad rí na hAlban, Coinneach mac Ailpín, bunaitheoir Teach Ailpín. Ina dteannta sin, maítear gur de shliocht na nUlad iad na tithe Albanaigh a leanas: Mac Eòghainn, Clanc Lachlainn, Clan Mac Néill agus Clann Suibhne.[105][106][107] Maítear fosta go bhfuil Teach Stuart síolraithe ó na hUlaid.[108]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Adamson, Ian (1998). "Dalaradia, Kingdom of the Cruithin". Pretani Press. 
  • Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster". The Black Staff Press. 
  • Bell, Robert (2003). "The Book of Ulster Surnames". The Blackstaff Press. 
  • Byrne, Francis J. (2001). "Irish Kings and High Kings". Four Courts Press. 
  • Carey, John (1984). "Scél Tuáin Meic Chairill". Ériu 35: 93–111. 
  • Charles-Edwards, T.M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press. 
  • "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169–1534" (2008). Oxford University Press. 
  • "Oxford Companion to Irish History" (2007). Oxford University Press. 
  • Cronnelly, Richard Francis (1864). "A History of the Clanna-Rory, Or Rudricians: Descendants of Roderick the Great, Monarch of Ireland". Goodwin, Son and Nethercott. 
  • Dobbs, Margaret (1945). "The Dál Fiatach". Ulster Journal of Archaeology 8: 66–79. 
  • Duffy, Seán (2005). "Medieval Ireland an Encyclopedia". Routledge. 
  • Duffy, Seán (2014). "Brian Boru and the Battle of Clontarf". Gill & Macmillan. 
  • Fraser, James (2009). "From Caledonia to Pictland: Scotland to 795". Edinburgh University Press. 
  • Fraser, James (2007). "St Columba and the convention at Druimm Cete: peace and politics at seventh-century Iona". Edinburgh University Press. 
  • "Genealogical History of the Donlevy Family" (1901).
  • Hogan, James (1928–1929). "The Tricha Cét and Related Land-Measures". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, Section C 38: 148–235. 
  • Hudson, Benjamin T (2005). "Viking Pirates and Christian Princes: Dynasty, Religion, and Empire in the North Atlantic". United States: Oxford University Press. 
  • "The Greatness and Decline of the Celts".
  • Kelleher, John V. (1968). "The Pre-Norman Irish Genealogies". Irish Historical Studies 16 (62): 138–153. 
  • Keenan, Desmond (2010). "Ireland 1170–1509, Society and History". Xlibris Corporation. 
  • Mac Néill, Eoin (1911–1912). "Early Irish Population-Groups: Their Nomenclature, Classification, and Chronology". Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, cuid C 29: 59–114. 
  • Mac Néill, Eoin (1919). "The Irish Law of Dynastic Succession: Part II". Studies: an Irish Quarterly Review 8 (32): 640–653. 
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972). "Ireland before the Vikings". Gill and Macmillan. 
  • Meginnes, John Francis (1891). "Origin and History of the Magennis Family". Heller Brothers Printing. 
  • O'Brien, M.A. (1939). "The Oldest Account of the Raid of the Collas (Circa A.D. 330)". Ulster Journal of Archaeology 2: 170–177. 
  • Ó Corráin, Donnchadh (1972). "Ireland Before the Normans". Éire: Gill and Macmillan. 
  • O'Hart, John (1976). "Irish Pedigrees; or, The Origin and Stem of the Irish Nation". Baltimore: Genealogical Publishing Company. 
  • Oram, Richard D. (2011). "Domination and Lordship: Scotland, 1070–1230". Edinburgh University Press. 
  • Pedersen, Frederik (2005). "Viking Empires". Cambridge University Press. 
  • Schlegel, Donald M. (1998). "The Origin of the Three Collas and the Fall of Emain". Clogher Record 16 (2): 159–181. Clogher Historical Society. 
  • Stafford, Fiona J., Gaskill, Howard. "From Gaelic to Romantic: Ossianic Translations".
  • Stockman, Gerrard (1992). "Volume Two, County Down II, The Ards". The Institute of Irish Studies, The Queen's University of Belfast. 
  • Sturluson, Snorri (2009). "Heimskringla: History of the Kings of Norway". Texas University Press, Austin. 
  • Thornton, David E. (2003). "Kings, Chronologies, and Genealogies: Studies in the Political History of Early Medieval Ireland and Wales". Occasional Publications UPR. 
  • Wiley, Dan M. (2005). "Niall Frossach's True Judgement". Ériu 55: 19–36. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Connolly (2007), lch. 589.
  2. 2.0 2.1 Mac Néill (1919), lch. 651.
  3. Fraser (2009), lch. 159.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 4.15 4.16 Cosgrove (2008), ll. 212–5.
  5. 5.0 5.1 Hack (1901), lch. 38.
  6. Byrne (2001), lch. 46.
  7. Duffy (2014), ll. 7–8
  8. Mac Néill (1911/2), lch. 60.
  9. "Book II, Chapter 1. Location of Hibernia island of Britannia". Geographia.
  10. Karl Horst Schmidt, "Insular P- and Q-Celtic", in Martin J. Ball and James Fife (eag.), The Celtic Languages, Routledge, 1993, lch. 67
  11. 1 ul, féasóg, ar eDIL
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 12.5 Duffy (2005), lch. 493.
  13. Bardon (2005), lch. 27.
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 14.5 14.6 14.7 14.8 Duffy (2014), ll. 26–27
  15. Taylor, Rev. Isaac (1865). "Words and Places: Or, Etymological Illustrations of History, Ethnology, and Geography". Macmillan & Co.. 
  16. "Professor Sir John Byers (1853–1920)".
  17. Neafsey, Edward (2002). "The Surnames of Ireland: Origins and Numbers of Selected Irish Surnames". Irish Roots. 
  18. Duffy (2005), lch. 817
  19. 19.0 19.1 Hurbert, ll. 169–171
  20. 20.0 20.1 20.2 Eoin Mac Neill (1920). "The Five Fifths of Ireland". 
  21. 21.0 21.1 Hogan (1928), lch. 1.
  22. Stafford & Gaskill, lch. 75
  23. Byrne 2001, lch. 50–51.
  24. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 331–333
  25. D. A. Binchy (eag. & aistr.), "The Saga of Fergus mac Léti", Ériu 16, 1952, ll. 33–48
  26. Ludwig Bieler (eag. & aistr.), The Patrician Texts in the Book of Armagh, Tírechán 40
  27. Kenneth Hurlstone Jackson, The Oldest Irish Tradition: a Window on the Iron Age, Cambridge University Press, 1964
  28. O'Rahilly 1946, ll. 207–234
  29. OBrien, ll. 170–1.
  30. Annála na gCeithre Máistrí, M322-331
  31. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400–800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland, Iml 1, 2005, ll. 182–234
  32. Is amhlaidh go raibh láithreacht réamhstairiúil ag na Laigin i gConnachta, agus b'fhéidir é go raibh siad i gceannas ann. Féach Byrne, ll. 130 ff.
  33. 33.0 33.1 Schlegel, ll. 173–4.
  34. Ó Cróinín, Dáibhí. A New History of Ireland I: Prehistoric and Early Ireland. Oxford University Press, 2005, lch. 202
  35. Byrne (2001), lch. 73
  36. Dumville, David. Saint Patrick. Boydell & Brewer Ltd, 1999, lch. 151
  37. 37.0 37.1 37.2 37.3 37.4 Bardon (2005), lch. 17.
  38. Fraser (2007), lch. 317.
  39. 39.0 39.1 Bardon (2005), ll. 20–1.
  40. 40.0 40.1 Wiley, lch. 19.
  41. Mac Niocaill, lch. 124.
  42. Byrne (2001), lch. 118.
  43. Charles-Edwards, lch. 573.
  44. 44.0 44.1 44.2 Cosgrove (2008), lch. 17.
  45. 45.0 45.1 45.2 Cosgrove (2008), lch. 38.
  46. 46.0 46.1 46.2 Hudson, ll. 86–7.
  47. Ó Corráin (1972), p 123.
  48. "Annála na gCeithre Máistrí, 993 AD".
  49. Hudson, lch. 95.
  50. "Crew, County Antrim". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  51. 51.0 51.1 51.2 Duffy (2014), ll. 138–9
  52. 52.0 52.1 52.2 52.3 52.4 Duffy (2014), ll. 151–4
  53. 53.0 53.1 Duffy (2014), ll. 168–9
  54. Pedersen, lch. 271.
  55. Sturluson, lch. 330.
  56. 56.0 56.1 Pedersen, lch. 231.
  57. 57.0 57.1 Hudson, ll. 108–9.
  58. 58.0 58.1 58.2 Hudson, lch. 136.
  59. "Annála Tiarnaigh, 1045 AD".
  60. "Annála na gCeithre Máistrí, 1045 AD".
  61. Pedersen, lch. 233.
  62. Oram (2011), lch. 32.
  63. CELT, Annála Uladh - 1087 AD
  64. Byrne (2001), lch. 128.
  65. 65.0 65.1 65.2 65.3 Cosgrove (2008), lch. 16.
  66. 66.0 66.1 66.2 66.3 Cosgrove (2008), lch. 12.
  67. AU 1165
  68. 68.0 68.1 68.2 68.3 68.4 68.5 68.6 CELT, Annála Uladh - 1165 AD
  69. Magoo - The Mughdorna
  70. 70.0 70.1 70.2 Bardon (2005), ll. 33–37
  71. 71.0 71.1 71.2 71.3 Adamson (1998), ll. 116–7
  72. 72.0 72.1 72.2 Bardon, ll. 33–5.
  73. 73.0 73.1 73.2 Cosgrove (2008), lch. 115.
  74. "Annála na gCeithre Máistrí".
  75. 75.0 75.1 Cosgrove (2008), lch. 116.
  76. 76.0 76.1 Stockman, lch. xix.
  77. 77.0 77.1 O'Hart (1976), ll. 427 & 819.
  78. "Downpatrick". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-06-21. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  79. 79.0 79.1 Keenan, ll. 139–140.
  80. 80.0 80.1 Keenan, ll. 347–349.
  81. 81.0 81.1 "Movilla, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  82. 82.0 82.1 Carey, lch. 97.
  83. 83.0 83.1 "Bangor, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  84. 84.0 84.1 "Connor parish". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  85. 85.0 85.1 85.2 Charles-Edwards, lch. 63.
  86. 86.0 86.1 Charles-Edwards, ll. 59–60.
  87. "Armoy, County Antrim". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  88. "Dromore, County Down". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  89. "About Us". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-04-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  90. Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
  91. Connolly, S. J., The Oxford companion to Irish history. Oxford University Press. 2a heagrán, 2007.
  92. O'Rahilly 1946, lch. 480
  93. Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", in Proceedings Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. (1911): ll. 59–114
  94. Eoin Mac Néill, Phases of Irish History. Baile Átha Cliath: M. H. Gill & Son. 1920.
  95. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, 1946, lch. 81
  96. Pléite go mion ag O'Rahilly, 1946.
  97. 97.0 97.1 97.2 97.3 "The Early Cultures of North-West Europe".
  98. 98.0 98.1 Thornton, lch. 201.
  99. Kelleher, lch. 141.
  100. "Iveagh". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  101. "Drumballyroney". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-06-16. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  102. Dobbs, lch. 78.
  103. 103.0 103.1 103.2 103.3 103.4 103.5 103.6 "Ancient Uladh, Kingdom of Ulster". Ireland's History In Maps.
  104. Stockman, lch. 3.
  105. John O'Hart, Irish Pedigrees; or, The Origin and Stem of the Irish Nation, 5ú heagrán, dhá imleabhar, foilsithe i mBaile Átha Cliath, 1892; athchló, Baltimore: Genealogical Publishing Company, 1976, Iml. 1, lch. 604
  106. O'Hart, 1976, ll. 558–559
  107. Iain Moncreiffe, The Highland Clans (1982) Nua-Eabhrac: Clarkson N. Potter ISBN 0-517-54659-0, ll. 117–119,
  108. G.H. Hack Genealogical History of the Donlevy Family Columbus, Ohio: Chaucer Press, Evans Printing Co. (1901), lch. 38 (Wisconsin Historical Society Copy) "From the chiefs of the Dalriadians were descended the ancient Scottish kings and also the House of Stuart."