Muirchú moccu Machtheni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMuirchú moccu Machtheni
Beathaisnéis
Breith1 mílaois
Gníomhaíocht
Gairmmanach, údar Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Manach agus staraí as cúige Laighean ba ea Muirchú moccu Machtheni (a rugadh sa seachtú haois). Is é a scríobh Vita sancti Patricii, ar an gcéad chur síos ar bheatha an naoimh den chúigiú haois. Moltar ann gur thug Naomh Pádraig an Chríostaíocht go hÉirinn. Tá an saothar tiomnaithe don easpag Aodh Sléibhte, a spreag an obair.[1]

Is beag an fiúntas é saothar Mhuirchú ó thaobh na staire de, ach is foinse mhaith é ar an meas a bhí ann sa seachtú haois ar an naomh den chúigiú.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ludwig Bieler, eag.,The Patrician Texts in the Book of Armagh, (Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1979), lch. 1.
  2. John R. Walsh agus Thomas Bradley, A History of the Irish Church 400–700 A.D, (An Charraig Dhubh, Co. Átha Cliath: The Columba Press, 1991), 41.