Eilne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tuath meánaoiseach na gCruithne i ríocht na nUlad ab ea Eilne, (Sean-Ghaeilge Eilni, Mag nEilne). Bhí an mhaigh suite i n-oirthuaisceart Chontae Doire agus iarthuaisceart Chontae Aontroma, ina luí idir An Bhanna agus An Buais.[1] Is dócha gurbh ainm do luath lonnaitheoirí é Eilne, ach faoi ré na Sean-Ghaeilge cheana, níor chuimhin cé a bhíodh.[2]

Tar éis concas an cheantair ag an Dál nAraidi ar dtús agus muintir Uí Tuirtri níos dearanaí, glaodh dá bharr ach An Tuaisceart ar Eilne. Mhair an t-ainm seo go dtí déanach na meánaoise mar Twescard.[3]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 563, tharla cath Móin Daire Lothair, ag Muine Mór, idir comhdháil ríthe na gCruithne agus Uí Néill an Tuaiscirt.[4] Buaileadh buille mór ar na Cruithne agus siad críocha Ard Eólairg (Aird Mhic Giollagáin) agus an Laoi, a bhí taobh thiar den Bhanna. Lonnaigh Uí Néill an Tuaiscirt a gcomhghuaillí Airgíalla i nEilne.[4] I ndiaidh sin, lonnaigh na Cruithne i gcríocha an Dál Araidhe.[4]

I lár na 7ú haoise, chloígh Dál Araidhe Magh Line Eilne óna thaobh iarthuaiscirt. Is léir gur lonnaigh duine díobh ann, faoin ainm Dál Araidhe an Tuaiscirt.[3][5] Sa bhliain 681, maraíodh idir Dhungal Eilni, de shliocht Dhál Araidhe an Tuaiscirt agus rí na gCruithne, agus rí Cianachta Glenn Geimin, ag Máel Dúin mac Máele Fithrich den Cineál Eoghain, i nDún Ceithirn (Giant's Sconce i nDún Bó, taobh thiar den Bhanna).[4][6][7]

Maraíodh Cathussach mac Ailello, rí Eilne agus an Dáil Araidhe (a deirtear go raibh sé ina rí na nUlad ar feadh sé bhliana déag) ag Ráth Beitheach Contae Aontroma sa bhliain 749.[8]

Ag deireadh na 8ú haoise, thosaigh muintir Uí Tuirtri ag bogadh soir i nEilne isteach de bharr brú ón gCineáll Eoghain.[1]. Faoin 10ú haois, bhí Eilne faoina gceannas, agus bhog siad soir fosta a dtuath na bhFear Lí.[1][1]

Eochaidh mac Breasail, bás 832, ab ea rí aitheanta dearanach de Dhál nAraidi an Tuaiscirt a bhí ina ruirí an Dáil Araidhe.[3]

Ríthe Eilne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas liosta ríthe Eilne a bhfuil aithne:

Bunaithe eaglasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear Mainistir Cúil Raithin i nEilne ar bhruach na Banna. Deirtear gur bhunaigh Cairbre í, agus ina dhiaidh sin bhí sé ina easpag ann.[9] De réir Vita tripartita Sancti Patricii, scríofa sa 9ú haois, bhronn an Dál Araidhe an eaglais seo ar Naomh Pádraig.[9]

Críocha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gurbh ionann críocha Dhál Araidhe an Tuaiscirt agus na barúntachtaí níos dearanaí, Dún Libhse Íochtarach agus Líbeartaí Thoir Thuaidh Chúil Raithin,[10] agus is amhlaidh gurbh ionann é agus an tríocha céad darbh ainm An Tuaisceart, a rinneadh níos déanaí ina dhéanacht mheánaoiseach agus tríocha céad Angl-Normannach, Twescard.[3] Bhí fo-roinn an tuatha ann darb ainm Cúil an Tuaiscirt, suite gar de Chúil Raithin.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne, F.J. (1964). "Clann Ollaman Uaisle Emna". Studia Hibernica (4): 54–94. Liverpool University Press. 
  • Byrne, F.J. (1971). "Tribes and tribalism in Early Ireland". Ériu 22: 128–166. Royal Irish Academy. 
  • "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008). Oxford University Press. 
  • Charles Edwards, T.M. (2006). "The Chronicle of Ireland, Volume 1". Liverpool University Press. 
  • "The excavation of an Early Christian rath with later medieval occupation at Drumadoon, Co. Antrim" (2009). Royal Irish Academy. 
  • ""I Wonder What the King is Doing Tonight" Looking for Arthur in All the Wrong Places" (2004). Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 24/25: 54–72. 
  • McCone, Kim (1984). "Clones and Her Neighbours in the Early Period: Hints from Some Airgialla Saints' Lives". Clogher Record 11 (3): 305–325. Clogher Historical Society. doi:10.2307/27695892. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 McSparron, lch. 109.
  2. Byrne (1971), lch. 165.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "Fir-na-craibhe in Dal Araide of the North".
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 A New History of Ireland, lch. 212.
  5. Charles-Edwards, lch. 165.
  6. Charles-Edwards, lch. 68.
  7. Maney, lch. 67.
  8. Byrne (1964), lch. 85.
  9. 9.0 9.1 McCone, lch. 308-309.
  10. Onomasticon Goedelicum - D.


Teimpléad:Ulaid