Dúnghal Eilne mac Scannail
Cuma
(Athsheolta ó Dúngal Eilni mac Scandail)
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 681 |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál nAraidi |
Páiste | Cú Chuarán mac Dúnghaile Eilne, Ailill mac Dúnghaile Eilne, Fiachra Cossalach |
Athair | Scandal mac Bécce |
Rí Dhál Araí na gCruithne, de chlann Uí Chaolbhaidh, ba ea Dúnghal Eilne mac Scannail (Sean-Ghaeilge Dúngal Eilni mac Scandail) (bás 681). Scandal mac Bécce (bás 646), iar-rí, ba ea a athair.[1] Tháinig sé i gcoróin an éigin i ndiaidh 668.[2]
Sna 6ú agus 7ú haoiseanna, bhí Dál Araí rannpháirteach mar phríomhchlann i gcónaidhm na gCruithne.[3] Tugtar an teideal rí Cruithne do Dhúnghal sna hannála.
Sa bhliain 681, cloíodh Dúnghal agus Ceann Faoladh mac Suibhne (Cenn Fáelad mac Suibne), taoiseach Chiannachta Ghleann Gheimhin ag Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh (bás 681) de Cineál Eoghain in "combustio regum" (dó na ríthe) ag Dún Ceithirn (i mbarúntacht Cjúil Raithin, Contae Dhoire).[4]
I measc a mhac, bhí a leanas:
- Ailill (bás 690), rí Dhál Araí
- Cuí Chuarán (bás 708) rí Dhál Araí agus Ulad
- Fiachra Cosalach (bás 710), rí Cruithne, i réim 709-710.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Inis Faithlinn, G100004
- Annála Tiarnaigh, G100002
- Annála Uladh, cuid 1, G100001A
- Annála na gCeithre Máistrí, cuid 1, G800011A
- Chronicon Scotorum, G100016
- Leabhar Laighneach, Rig Ulad, Rig Dail Araide G800011A
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Table 7
- ↑ Seo an dáta deireanach i nAnnála Uladh dá bhfuil taoiseach na gCruithin luaite ann roimh Dhúnghal
- ↑ Byrne, lch. 109
- ↑ Annála Uladh, AU 681.1
- ↑ Dubhaltach Mac Firbhisigh; Nollaig Ó Muraíle, editor (2004). Leabhar na nGinealach: The Great Book of Irish Genealogies. DeBurca Books, Baile Átha Cliath. Imleabhar 2, lch 403.