Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaol Dúin mac Maoil Fhithrigh
Beathaisnéis
Bás681
Teaghlach
CéileCacht (?) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFearghal mac Maoil Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Fithrigh mac Aodha

Rí Ailigh de Chineál Eoghain, clann Uí Néill an Tuaiscirt, ba ea Maol Dúin mac Maoil Fhithrigh (Sean-Ghaeilge Máel Dúin mac Máele Fithrich) (bás 681). Maol Fithrigh mac Aodha (bás 630) ba ea a athair, Aodh Fuariodhnach (bás 612), Ardrí Éireann, a sheanathair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain c. 668 go dtí 681.[2] Ba bhall de Cenél maic Ercae. Bhí Cineál iomaíochta Fhearadhaigh i gceannas ar feadh na coda is mó den 7ú haois.

Insítear sna hannála conas a scriosadh Aileach sa bhliain 676 ag an Ardrí Fíonsneachta Fleách (bás 695) Uí Néill an Deiscirt, agus é i mbun a údarás a dheimhniú sa tuaisceart.[3]

Bhí Maol Dúin lárnach agus chumhacht Chineál Eoghain a mhéadú. Sa bhliain 677, mharaigh sé Dúnchadh mac Ultáin, rí Oiriall (as Tír Mhic Caoirthinn, Loch Feabhail) i nDún Forgo.[4] Sa samhradh 681, bhuaigh sé in éadan Dúnghal Eilne mhic Scannail de Dhál Araí agus Cenn Faelad mac Suibni de Chiannachta Gleann Geimhin ag 'dó ná ríthe' i nDún Ceithirn (Cúil Raithin).[5] Ag tús an gheimhridh 681, cloíodh agus maraíodh Maol Dúin i gCath Bla Sléibe (County Dhoire) ag Ciannachta Ghleann Geimhin agus ag Flann mac Maoil Tuile (bás 700) de Chineál Fhearadhaigh.[6]

Bhí Maol Dúin pósta le Cacht ní Cellach mhic Maoil Choba de Chineál Chonaill. D'éirigh a mac their son Fearghal (bás 722) ina Ardrí Éireann.

Deirtear i Leabhar Uí Chléirigh gur shinsear Uí Dhálaigh filí é Maol Dúin.[7]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • O'Clery Book of Genealogies, Analecta Hibernica #18 R.I.A. MS. 23 D 17. [1]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín V
  2. Tugtar réimeas 11 bliain dó i Sioncronachtaí Laud
  3. Annála Uladh, AU 676.4
  4. Annála Tiarnaigh, AT 677.2
  5. Combustio regum, AU 681.1
  6. AT 681.1
  7. Analecta Hibernica #18 R.I.A. MS. 23 D 17 589, Genelach Muintire Dálaigh.
Réamhtheachtaí
Ferg mac Crundmaíl
King of Ailech
668–681
Comharba
Fland mac Máele Tuile