Uí Dhálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Uí Dhálaigh, mana Gaeilge Luadar[1] agus Mear

Bardchlann léinn ba ea Uí Dhálaigh, a tháinig chun cinn sa 12ú haois, nuair a dúradh gurbh é Cú Chonnacht an chéad Ard-Ollamh Éireann i bhfilíocht.

"A chláirsioch Chnuic Í Chosgair chuirios suan ar síorrosgaibh, a nuallánach bhinn bhlasda, ghrinn fhuaránach fhorasda." Gofraidh Fionn Ó Dálaigh.

Sanas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní soiléir é sanas an ainm Dálach, ach meastar go bhfuil sé gaolmhar leis an bhfocal dáil, agus más fíor, comhairleoir atá i gceist.[2]

Luathstair[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir na dtaifead is luaite, bhí an chlann lonnaithe i ndúiche Tethba (Teafa), sa bharúntacht mar atá inniu ann Maigh Asail agus Machaire Ó dTiarnáin, Contae na hIarmhí. Glaodh Corca Adaimh ar an gclann shinseartha, de shliocht may a maíodh de mhac le Níall Noígíallach, (Ardrí na hÉireann c. 400) via Máel Dúin mac Máele Fithrich de Chineál Mhic Earca, rí Ailigh. I measc mac le Maol Dúin, bhí an tArdrí Fearghal agus Adamh, sinsear Uí Dhálaigh trína fhionnó, Dálach.[3]

Is é Eógan mac Néill an pearsa a bhfuil an fhianaise is mó ann dó a bheith ina shinsear Uí Dhálaigh. Más fíor, de shliocht Chineál Eoghain, Uí Néill an Tuaiscirt, is ea iad. Cuirtear an chlann scaití ámh le hUíbh Mhaine, Uí Néill an Deiscirt (ní Uí Maine na gConnacht) agus mar fíor san, de shliocht descended from Máine Tethbae is ea iad. Is amhrasach é ar mhac le Niall Naoighiallach é siúd (féach Uí Dhuibhgeannáin). B'fhéidir é gur tugadh an sinsearacht seo dóibh as ucht a chuid críoch sa cheantar úd, Tethba.

Tá foinse amháin ann a mhaíonn gur mac le Maol Dúin mac Fearghail mhic Mhaoil Dúin eile é Adamh.

Seo a leanas an ginealach as Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh:[4]

Ferghal m Taidgh m Aenghusa ruaidh m Donnchada ruaidh m Aenghusa m Donnchada moir m Aenghusa m Tiadgh doichligh m Con connacht na scoile m Dalaigh m Muiredhaigh m Taidgh m Giolla coimded m Dalaigh (o raiter muinter Dalaigh) m Fachtna m Cuirc m Adaimh m Maile duin m Fergaile m Maile duin m Maile fithrig.

Bhí Gofraidh Fionn Ó Dálaigh den tuairim go raibh gaol ag chlann le Dálach den 6ú haois, dalta an naoimh agus an fhile, Colmán Chluana. Deirtear go ndearnadh easpag de Dhálach.[5]

Tá sinsearacht ar leith tugtha don chlann Uí Dhálaigh a lonnaigh sa Mhumhain. De shliocht na nEoghanacht, ríthe Chaisil, atáid ann, go háirithe Aonghas, a baistíodh ag Naomh &Pádraig.[6] Is amhlaidh gur bréagstair é seo, áfach, chun an bhardchlann a nascadh lena tiarnaí áitiúla.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Connellan, T. (eag.) (1860) The Proceedings of the Great Bardic Institution. Dublin.
  • Daly, Edmund E. (1937). "History of the O'Dalys; the story of the ancient Irish sept; the race of Dalach of Corca Adaimh". New Haven, Conn.: Tuttle, Morehouse and Taylor. OCLC 4286380. .
  • Koch, J. T., (2006) Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, ABC-CLIO, ISBN 1-85109-440-7
  • Leland, M. (1999) The lie of the land: Journeys Through Literary Cork, Cork University Press. ISBN 1-85918-231-3
  • Mangan, J. C. (trans.) (1852) The Tribes of Ireland: a Satire. by Aenghus O'Daly, with poetical tr. by J. C. Mangan; together with An historical account of the family of O'Daly; and an introduction to the history of satire in Ireland, by J. O'Donovan, Dublin. [1]
  • Rigby, S. H., (2003) A Companion to Britain in the Later Middle Ages, Historical Association, Blackwell Publishing, ISBN 0-631-21785-1
  • Welsh, Robert, (1996) Oxford Concise Companion to Irish Literature. ISBN 0-19-280080-9

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. luadar, tréan, ar eDIL
  2. Transactions of the Gaelic Society of Inverness (1897), lch. 299
  3. Koch, lch. 1374
  4. Leabhar Ghinealaigh Uí Chléirigh, Analecta Hibernica No. 18, ARÉ LS 23 D 17, Genelach Muintire Dalaigh
  5. Leland, lch. 14.
  6. Mangan, lch. 10.