Leabhar an Iarla Bháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Sioncronachtaí Laud)
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar an Iarla Bháin
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaAn Mheán-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Meascra Gaelach liteartha agus reiligiúnach is ea Leabhar an Iarla Bháin, nó The Laud Genealogies and Tribal Histories[1] scríofa c. 1404–1452. Anois Laud 610[2] sa Bodleian Library, tá dhá fhóilió déag inti, curtha isteach i Leabhar na Rátha. Chruthaigh scríobhaithe Gaelacha an lámhscríbhinn faoi phátrúnacht Séamas de Buitléir, 4ú hIarla Thuamhan (1392–1452). Scríobhadh í as Meán- agus Luath-Nua-Ghaeilge, i Ráth an Photaire agus áiteanna eile.

Bhí clú ar de Buitléir gurbh é Níos Gaelaí ná na Gaeil féin. Ba Ghaeilgeoir é, agus is amhlaidh gurbh eisean an chéad thiarna Angla-Éireannach riamh a cheap breitheamh, Domhnall Mac Flannachadha, ar a bhronn sé tailte i gContae Thiobraid Árann as a chuid seirbhíse.

Déanann Henry agus Marsh-Michel cur síos air mar a leanas:

"The sumptuous initials of this book are not more or less servile repetition of twelfth-century work ... the work of the scribe also is dazzling. He plays like a virtuoso with various sizes of script, the larger size having a majestic decorative quality. The contents are no less remarkable; the 'Félire Óengusso', the 'Agallamh na Seanórach' and a dinnseanchas. The foliage pattern is probably inspired by foreign models, but is so completely integrated that the borrowing is only realised on second thoughts. The initials are large, bold, and drawn in firm lines and bright colours"

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Manuscripts and illuminations 1169-1603, le Francoise Henry and Genevieve Louise Marsh-Micheli, in A New History of Ireland, ll. 801–803, imleabhar 2
  • Laud 610, Tionscadal CELT, CnOC.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. As Béarla, The Book of the White Earl
  2. Bodleian Laud Misc. MS 610