Dál mBuinne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dream agus fo-ríocht nó tuath na gCruithne ab ea an Dál Buinne (Sean-Ghaeilge Dál mBuinne[1][2]). De shliocht an Dáil Araidhe as Magh Line i ríocht na nUlad ab ea é. Mac rí seanscéalach na nUladh, Fergus mac Róich, ab ea a shinsear eapainmneach, Bruinne.[2][3] Tríocha céad ab ea méid a chríoch.[4]

Taoiseach an Dáil Bhuinne ab ea máistir sclábhaithe Naoimh Phádraig, Míliuc mac Buan (aitheanta fosta mar Miolchú).[1][5]

Suíomhanna ríoga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Dún ríoga Eachdach suite i nDál mBuinne. Bunaíodh an dún úd faoin 9ú haois ag an Dál Fiatach.[6] Sa bhliain 1010 AD, de réir Annála na gCeithre Máistrí, rinne Flaithbertach Ua Néill den Chineál Eoghain ionradh ar Ulaid agus dhóigh sé Dún Eachdach.[6] Taobh ó dheas de Dhún Eachdach tá abha Ráth Bhearnait, an teorainn idir an Dál Buinne agus Uí Echach Cobo.[6]

Suite freisin i nDál Buinne bhí an suíomh insealbhaithe ríoga Craobh Tealcha, gar de Lann Abhaigh, Contae Aontroma.[7] Is amhlaidh go raibh an Dál Araidhe ann ar dtús, sular tháinig an Dál Fiatach i gceannas ann faoin 9ú haois.[8][9]

Géaga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas géaga an Dáil Bhuinne:

  • Galini, b'fhéidir as cúige Laighean, de shliocht na nGaleóin
  • an Cineál Éarann (Cenél nErnain>[10]
  • Dál Coirb — aitheanta fosta mar Dál Corb na hUaimhe agus Dál Coirbin — clann dá chúig phríomh-thuatha an Dáil Bhuinne.[3]
    • Bhíodh muintir Uí Choltaráin cuid den Dál Coirb.[3]

Naoimh agus bunaithe eaglasta[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir seanchais éigin, bhí clann mar a leanas ag Brónach iníon Mhiolchú mhic Bhuinne:[5]

Deirtear ámh gur ficseanúil é an ginealach seo, ach amháin naisc le Naomh Pádraig i gcoiteann.[12]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Getty, Edmund (1855). "Notices of the Round Towers of Ulster". Ulster Journal of Archaeology 3: 110–116. 
  • Hamann, Stefanie (2012). "St Fursa, the genealogy of an Irish saint—the historical person and his cult". Proceedings Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 112: 147–187. 
  • Hogan, James (1928–1929). "The Tricha Cét and Related Land-Measures". Proceedings Acadamh Ríoga na hÉireann, Cuid C 38: 148–235. 
  • MacCotter, Paul. "Medieval Ireland. Territorial, Political and Economic Divisions". The Heritage Council. 
  • MacDonald, Philip (2008). "Archaeological Evaluation of the Inaugural Landscape of Crew Hill (Craeb Telcha), County Antrim". Ulster Journal of Archaeology 67: 84–106. 
  • Meissner, John L. Gough (1932–1934). "The Place of S. Patrick's Captivity". Proceedings Acadamh Ríoga na hÉireann, Section C 41: 131–140. Acadamh Ríoga na hÉireann. 
  • Orpen, Goddard H. (1913). "The Earldom of Ulster. Part II. Inquisitions Touching Carrickfergus and Antrim". The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 3 (2): 133–143. 
  • Schlegel, Donald M. (2002). "Reweaving the Tapestry of Ancient Ulster". Clogher Record 17 (3): 689–750. 

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Meissner, lch. 133.
  2. 2.0 2.1 Getty, lch. 111.
  3. 3.0 3.1 3.2 Orpen, plch. 133-143.
  4. Hogan, lch. 209.
  5. 5.0 5.1 Hamann, lch. 153
  6. 6.0 6.1 6.2 "Duneight, County Down".
  7. MacCotter, lch. 234.
  8. MacDonald, lch. 84.
  9. Centre for Archaeological Fieldwork School of Geography, Archaeology and Palaeoecology, Queen’s University Belfast, Data Structure Report: No. 056 Site Evaluation and Excavation at Crew Hill (Cráeb Telcha), near Glenavy, County Antrim 2007
  10. Schlegel, lch. 746.
  11. "Nendrum Monastic Site, County Down".
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 12.4 Hamann, lch. 156-7
  13. "Derrykeighan, County Antrim".
  14. "Donaghmore, County Down".