Uí Echach Cobo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Tugtar an t-ainm Uíbh Eachach Cobha (Sean-Ghaeilge Uí Echach Cobo) do roinnt rannán críochach stairiúil in Ultaibh (Contae an Dúin, sa lá atá inniu ann) arna rialú ag Uí Echach Cobo mar chuid de thuath Uladh. Príomhfhine na gCruithne ba ea iad. Roinn siad ríogacht na nUlad leis an Dál Fiatach agus a ngaolta, an Dál nAraidi. [1] Ba é Fothad mac Conaille (bás 552) an chéad rí Uí Eachach a bhfuil eolas againn faoi. Ón 12ú haois, bhí an fhine Mag Aonghusa ina gceannairí ar Uíbh Eachach. Bhí siad lonnaithe i Ráth Fraoileann agus insealbhaíodh iad i gCnoc Uíbh Eachach. Tar éis Chogadh na Naoi mBliana, d'umhlaigh taoisigh Uíbh Eachach roimh Choróin Shasana agus roinneadh an chríoch eatarthu. Rinneadh Uíbh Eachach (nó 'Iveagh' sa Bhéarla) ina bharúntacht, ach ina dhiaidh sin, roinneadh ina hUibh Eachach Íochtarach agus ina hUibh Eachach Uachtarach. Bhí críoch Uibh Eachach mar bhunús Dheoise an Droma Mhóir (Deoise Chaitleach).


Ulaid i rith na 12ú haoise agus na trí príomhríochtaí Uí Echach Cobo san áireamh.

An áit is airde sa dúiche ab ea Cnoc Uí Echach.[2] B'fhéidir gurbh é seo lárionad chumhacht Uí Eachach.

Magh Cobha ba ea ainm níos sine don cheantar, a caomhnaíodh mar Moycove, an t-ainm is luaite sna hannála le haghaidh pharóiste Droim Bhaile Uí Ruanaí, agus ainm chaisleáin Normannaigh idir 1188 – 1261.[2]

Ón 12ú haois ar aghaidh, ba iad Mhic Aonghusa na taoisigh sa cheantar.

Cruthaíodh Deoise an Droma Mhóir bunaithe ar chríocha na tuaithe.

Armas Mac Aonghasa

Tagairtí Annál[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaitear Uí Echach Cobo sna hannála Éireann ón mbliain 551 go dtí 1136. Feictear an teideal "ríg Coba'" i nAnnála Tiarnaigh don bhliain 685,[3] agus i nAnnála Uladh do 735.[4] Tar éis na bliana 882 i nAnnála Uladh, ina fheictear "rex Cobho",[5] scríobhadh tiarna Uí Echach ina ionad.

San iontráil deireanach don bhliain 1136, le fáil i nAnnála na gCeithre Máistrí, deirtear: Echrí Ua h-Aittéidh, tigherna Ua n-Eachdach, do mharbhadh d'Uibh Eachdach féisin.[6][7]

Ginealach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De shliocht Fiachu Araide, bunaitheoir eapainmneach an Dáil Araí, ba ea sinsear Uí Eachach Cobha, Eochaidh mac Connla. Ní fios go cruinn an tsinsearacht, toisc go gcaomhnaítear roinnt ginealach éagsúil:

I nAnnála Uladh, faightear:

  • 553, Mors Euchach mc. Conleid .i. rí Ulad in quo h-U Echach Ulad Eochu, sinsear Uí Echach Ulad.[8]

Ginealaigh Rawlinson:

  • Cuid Genelach Dál Araide:
... m. Echdach m. Condlae m. Cóelbad m. Cruind Ba Druí.[9]
  • Cuid Genelach Úa n-Echach:
... m. Echdach m. Condlae m. Ba Druí.[9]
  • Cuid Genelach Úa n-Echach Coba:
... m. Echach Coba (a quo Úi Echach Coba) m. Cruind Ba Druí.
  • Cuid Genelach Mheg Aenghusu Indso, clann Uí Eachach Cobo:
... m. Echach m. Condlai, m. Cóelbad Coba m. Cruind ba Drái, m. Echach Coba (Ui Echach) m. Lugdhach.[10]

Laud Genealogies and Tribal Histories:

  • Cuid Síl Fergusa:
... m. Echach m. Condlai m. Cóelbad Coba m. Cruind ba drái (ciuis filii Echu & Frecher athair Fergusa) m. Echach Coba m. Lugdhach
... m. Echach m. Condlai m. Caelbad m. Cruind ba drui.[11]
  • Cuid De genelach hÚa nEchach Coba:
... m. Echach (a quo hÍ Echach) m. Cruind ba drui..
... m. Echach Coba m. Aililla m. Fedlimthe (sursum).[11]

Ríthe Chobha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fothad mac Conaille (bás 552)
  • Áedán mac Mongáin (bás 616)
  • Fergus mac Áedáin (bás 692), rí Ulad ó 674
  • Bressal mac Fergusa (bás 685)
  • Eochaid mac Bressail (bás 733)
  • Conchad mac Cúanach (bás 735)
  • Fergus Glut (bás 739)
  • Ailill mac Feidlimid (bás 761)
  • Gormgal mac Conaille (bás 776)
  • Eochu mac Aililla (bás 801)
  • Máel Bressail mac Ailillo (bás 825), rí Ulad ó 819
  • Cernach mac Máele Bressail (bás 853)
  • Conallán mac Máele Dúin (bás 882)
  • Aitith mac Laigni (bás 898), rí Ulad ó 896

Taoisigh Uí Eachach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tráth dá raibh, bhí Uíbh Eachach faoi cheannas mhuintir Uí Aitidhe,[6][12] ar feadh dhá chéad bliain a mhaítear. Is é Aodh Ua hAitidhe an chéad atá luaite sna hannála, leis an teideal "rí Uí Echach Cobo", a mharaigh a mhuintir féin é sa bhliain AD 965.[6] Tá an iontráil deireanach le fáil don bhliain 1136, ina maraíodh Eichre Ó hAití (Echri Ua hAitidhe), tiarna Uí Echach Cobo, ag a mhuintir féin fosta.[6][7] As sin amach, ní fheictear an t-ainm a thuilleadh san hannála.[6]

Síolraithe ó Shárán Uí Eachach ba ea clann Uí Aití, Mhic Aonghasa, taoisigh Clann Aodha.[12] Faoin 12ú haois, bhí Mhic Aonghasa i gceannas fosta Uí Eachach, agus Ráth Fraoileann mar bhunáit acu.[12] Sa bhliain 1153, bronnadh cairt ar Mhainistir an Iúir, fianaithe ag Aodh Mór Mac Aonghasa, taoiseach Clann Aodha.[6] Luaitear Mhic Aonghasa fosta i litreacha ó Éadbhard II Shasana, ina dtugtar an teideal Dux Hibernicorum de Ouehagh orthu.[6]

Le linn an 14ú haois, d'éirigh cinn an Cineáil Fhártaigh den chlann Mhic Artáin ina dtaoisigh Uíbh Eachach, cé go bhfeictear sna hannála Muircheartach Mac Artáin mar tháiniste Uí Eachach chomh luath is an 11ú haois.[6] Síolraithe ó Artán fionnó Mhongáin Mhic Aonghasa is ea clann Mhic Artáin.[13]

Faoin 15ú haois, le cliseadh Iarlacht Uladh, mhéadaigh Mhic Aonghasa críocha Uíbh Eachach soir go dtí Caisleán Dhún Droma, áit a théann Contae an Dúin i Muir Éireann isteach.[14] Míshocair ba ea Uí Eachach ámh, de bharr an achrainn idir ceithre príomhchlann Mhic Aonghasa — Caisleán Uidhilín, Corrdhoire, Coill Bhairrlinne agus Ráth Fraoileann.[14]

Sa bhliain 1539, chuaigh an chlann ar táin bó i gContae na Mí isteach, ach tháinig Lord Deputy Grey rompu agus chloígh sé iad ag Cath Bhéal Átha hÓ.

Sa bhliain 1543, ghlac Art Mac Artáin le Géilleadh agus Athbhronnadh agus chuaigh sé ar turas go Pálás Greenwich áit a rinneadh ridire de faoin ainm Sir Arthur Guinez ag Anraí VIII Shasana.[15]

Sa bhliain 1575, d'éirigh le hAodh Mac Aonghasa ina achainí um chairt ar a chuid tailte ó Eilís I agus rinneadh ridire de sa bhliain 1576. Sa bhliain 1584, feabhsaíodh a thionacht trí dheonú in capite "den chontae no tailte Uíbh Eachach go léir". Sa bhliain 1585, bronnadh tiarnas agus mainéar Choill Bhairrlinne ar a chol ceathrar Eibhear mac Ruaidhrí Mac Aonghasa.[16]

Le linn Chogadh na Naoi mBliana (1594-1603), d'fhan taoiseach na clainne, Art Rua Mac Aonghasa, neodrach, cé go ndeachaigh mórán dá mhuintir i bpáirt le hAodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain (Caitríona Nic Aonghasa ba ea duine dá mhná chéile). D'insealbhaigh Ó Néill taoiseach nua sa bhliain 1595 agus scar an chlann as a céile. In ainneoin seo, rinne Charles Blount, Fear Ionaid na hÉireann, slad ar Uíbh Eachach chomh huafásach sin gur ghéill Art Rua chun díothú a mhuintir a chosc.[14]

Iveagh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cruthaíodh barúntacht Uí Eachach (Iveagh) le linn réimse Eilís I Shasana as tailte na clainne.

Tá an t-ainm Iveagh ann mar theideal in Peerage of Ireland agus Peerage of the United Kingdom, go háirithe i dtaca le clanna Magennis agus Guinness (Mhic Aonghasa).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Placenames NI - Iveagh
  2. 2.0 2.1 2.2 Placenames NI - Drumballyroney
  3. 3.0 3.1 Annála Tiarnaigh, 685 AD
  4. 4.0 4.1 AU, 735 AD
  5. 5.0 5.1 AU, 882 AD
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 6.6 6.7 6.8 Leabharlann na hÉireann, The barony of Iveagh
  7. 7.0 7.1 7.2 Annála na gCeithre Máistrí, 1136 AD
  8. 8.0 8.1 Annála Uladh, 553 AD
  9. 9.0 9.1 9.2 Genealogies ó Rawlinson B 502, cuid 26
  10. 10.0 10.1 Rootsweb - Irish/ Scots clans, Dalriada
  11. 11.0 11.1 11.2 The Laud Genealogies and Tribal Histories
  12. 12.0 12.1 12.2 12.3 Robert Bell (2003). "The book of Ulster Surnames": 163–4. The Blackstaff Press. 
  13. 13.0 13.1 Robert Bell (2003). "The book of Ulster Surnames": 137. The Blackstaff Press. 
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 Jonathan Bardon (2011). "The Plantation of Ulster". Gill & Macmillan. 
  15. Burke's Peerage
  16. Brady & Ohlmeyer eag., British Interventions in Early Modern Ireland, Cambridge University Press 2005, ll. 59-60.
  17. Ireland's History In Maps - Ulster, Uí Eathach Cobha
  18. Database of Irish Historical Statistics - Literacy Notes
  19. Early Irish Population-Groups: Their Nomenclature, Classification, and Chronology. Section 3, Sept-Names
  20. Public Records Office of Northern Ireland Baronies


Teimpléad:Dál nAraidi