Jump to content

Airgetmar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarAirgetmar
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairSíorlámh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CúramArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Airgetmar mac Sírlám.

Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann[1] gur mharaigh sé Fíachu Tolgrach i mbun comhraic, le linn réim Ailill Finn. Chuir Eochaid mac Ailella, Lughaid mac Eochaid Fíadmuine agus fir na Mumhan ar deoraíocht ámh é. Tháinig sé ar ais go hÉirinn seacht mbliana ina dhiaidh, agus mharaigh sé Ailill le cuidiú Dui Ladrach. Rinneadh Eochaid ina rí, ach mharaigh Airgetmar agus Dui eisean ar ball beag ina dhiaidh, agus tháinig Airgetmar i gcoróin.

Insíonn Seathrún Céitinn[2] scéal eile faoi theacht i réim Airgetmar. Chuir Eochaid é féin i gcoinne Airgetmar agus rinne suíochán le Dui. Bhí sé i réim ar feadh seacht mbliana, ach mharaigh Dui go fealltach é i rith cruinniú, agus tháinig Airgetmar i gcoróin.

Bhí Airgetmar i réim ar feadh tríocha bliain (LGÉ agus ACM[3]), nó fiche trí nó tríocha hocht (FFÉ), sular mharaigh Dui agus Lugaid Laigdech mac Eochada é. Tháinig i gcoróin ansin Dui, a bhí ann mar rannpháirtí ag marú ceathrar Ard- Ríthe.

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 259-261
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4422-4452


Réamhtheachtaí
Eochaid mac Ailella
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 4ú haois RC
FFÉ 570–547 RC
ACM 778–748 RC
Comharba
Dui Ladgrach