Ailill Finn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Ailill Fionn' (Sean-Ghaeilge Ailill Finn) mac Airt mhic Lugdach.

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i gcoróin tar éis marú a athar le Fíachu Tolgrach agus a mhac Dui Ladgrach. Tar éis dhá bhliain a réime, maraíodh Fíachu Tolgrach i mbun troda in éadan Airgeadmhar mhic Síorláimhe. Chuir fir na Mumhan, agus Eochaidh mac Ailealla agus Lughaid mac Eochada Fhiamhuine i gceannas, ar deoraíocht thar lear é. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, tháinig Airgeadmhar ar ais go hÉirinn agus mharaigh sé Ailill le cabhair Dui Ladrach agus a mhic Fiacha. Theip air an coróin a ghabháil, a thóg Eochaid ina áit.[1]

De réir Foras Feasa ar Éirinn[2] agus Annála na gCeithre Máistrí,[3] tháinig Fiacha Tolgrach i gcoróin tar éis dó Art a mharú. Mharaigh Ailill é dá réir sin, agus tháinig i gcoróin féin. Bhí seisean i réim ar feadh naoi nó aon bhliain déag, sular mharaigh Airgetmar é agus tháinig Eochaid i gcomharbacht air.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sliocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Creidtear gur sinsear é na nGamarad as Néifinn,[4] Contae Mhaigh Eo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 259-261
  2. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4404-4415
  4. Néifinn


Roimh
Art mac Lugdach
Fíachu Tolgrach
Ard-Rí na hÉireann
LGÉ 5ú/4ú haois RC
FFÉ 586–577 RC
ACM 795–786 RC
Tar Éis
Eochaid mac Ailella