Congal Cláiringnech
Ardrí na hÉireann | |
---|---|
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Cathbhadh |
Athair | Rudraige mac Sithrigi |
Ba Rí na nUladh agus Ard-Rí na hÉireann é Connal Cláiríneach (Sean-Ghaeilge Congal Cláiringnech), mac Ruairí. Ba é a dheartháir é an t-iar-Ard-Rí Bresal Bó-Díbad, maraithe ag Lugaid Luaigne.
Le linn réim an Ard-Rí Lugaid Luaigne, roinn Congall ríogacht na nUladh le Fearghas mac Léite, eisean i dtuaisceart an chúige, Fearghas sa deisceart. Níor mhian leis na hUlaidh bheith faoi riail dhá rí, agus ghéill siad beirt le breitheamh an Ard-Rí, i dtaca le cé acu a mbeadh ina rí an Chúige. Shocraigh Lugaidh an ríogacht a thabhairt d'Fhearghas, a thit a iníon Findabair i ngrá leis, agus Congal a chúiteamh le talamh, seasamh agus óir. Dhiúltaigh Congal an cinneadh a ghlacadh ámh, agus d'fhógair chogadh, le tacú ó uaisle na nUladh, ina measc, Fergus mac Róich agus Bricre, maraon le lucht tacaíochta óna cúigí eile agus ó Albain. D'iarr Fergus mac Léti freisin ar a lucht tacaíochta, ina measc Fachtna Fáthach na nUladh, Cet mac Mágach na gConnacht agus Mes Gegra na Laighean, agus básaíodh go leor ar gach taobh.
D'fheistigh Congal loingeas agus d'fhág Éire go Lochlann chun lucht tacaíochta nua a aimsiú. Phós sé Beiuda, iníon Lochlainne, agus, neartaithe le 20,000 gaiscíoch Lochlannacha, d'ardaigh arís a chuid seolta. Tar éis concas agus tuilleadh lucht tacaíochta bainte amach aige sa Bhreatain, d'fhill sé go hUlaidh. Cuireadh in úil dó go raibh Fearghas mac Léti ag fanacht ag tigh Eochaidhe Sálbhuí, agus chinn sé ruathar a dhéanamh air. Dódh an teach go talamh ach d'éiligh Fearghas agus Eochaidh. Shocraigh Congal, in ionad a thír féin a scriosadh, go rachadh sé go Teamhair agus go dtroidfeadh sé Lugaidh Luaighne ar son na hArd-Ríogachta. I rith catha mhillteanaigh, bhuail Congal le Lughaidh ar an láthair agus bhain sé a cheann de.
Agus Congal lonnaithe ina Ard-Rí, tháinig Fearghas mac Léite go Teamhair chun síochán a dhéanamh leis. Ghlac Congal a achainí, ach bhain ríogacht na nUladh de, á thabhairt dá dheartháir, Ross Ruadh.[1]
Bhí Congal i réim in Éirinn ar feadh cúig déag nó sé bliana déag. Sa deireadh, mharaigh garmhac Lughaí Luaigne, Dui Dallta Dedad.
Achar ama
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim
- Leabhar Gabhála na hÉireann: Ptolemy XII Auletes (80–51 RC).[2]
- Foras Feasa ar Éirinn: 135–120 RC,[3]
- Annála na gCeithre Máistrí: 184–169 RC.[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Patrick M. MacSweeney (eag. agus aistr.), Caithréim Conghail Cláiringhnigh, Irish Texts Society, Vol V, 1904
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. agus aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 297
- ↑ Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.30
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M5016-5031
Réamhtheachtaí Lugaid Luaigne |
Ard-Rí na hÉireann LGE 1ú haois RC FFE 135–120 RC ACM 184–169 RC |
Comharba Dui Dallta Dedad |